Freagra don Chreideamh leis an mBiobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bígí lán de mhisneach. Tá ríocht Dé ag teacht, bíodh go mall féin sin.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezícéal 17:22-24). Tógaim an crann íseal. Bhí an fáidh Ezícéal gníomhach mar fháidh i laethanta deiridh Iarúsailéim roimh an deoraíocht go Baibealóin sna blianta 597 agus 585 roimh Chríost agus sa Bhaibealóin ina dhiaidh sin. Rinne sé fáidheadóireacht i gcoinne ríthe agus prionsaí in Iarúsailéim agus thairngir sé go ndéanfaí iad a dhíbirt chun na Baibealóine. Caibideal seo 17, as a tógtar léacht an lae inniu, tosaíonn sé le allagóire faoi theacht rí na Baibealóine go dti “an Liobáin”, ainm fáthchiallach do Iarúsailéim, agus deir sé gur rug an ri sin ar bharr an chéadrais agus gur bhris sé an beangán úr ar bharr agus gur thug sé leis é go tír thráchtála, briathra a chiallaíonn deoraíocht do rí Dháiví go dtí an Bhaibealóin. Cuireann Ezícéal síos ar threascairt Iarúsailéim. Rinneadh an slad seo ag gníomhaithe daonna, den saol seo, ach cuirfeadh Dia malairt scéala air. Bhí sé le maothán, buinneán maoth, a bhaint ón ghéag is airde den chéadras (sa bhfáthchiall seo rítheaghlach Dháivi) agus é a chur ar shliabh ard beannach (Iarúsailéim), rí le teacht ar theaghlach Dháiví tar éis filleadh ón deoraiocht. Ionadaí a bheadh ann don Iosrael nua a bhí an Tiarna féin le bunú ar a fhód dúchais. Bheadh borradh air amhail an céadras. Taispeanfaidh seo cumhacht De, a íslíonn a bhfuil uasal agus a ardaíonn a bhfuil íseal. Na héin a chónaíonn faoin gcéadras seo, samhail iad, b’fhéidir, de na náisiúin thart timpeall ar Iosrael. Roghnaíodh an léacht seo, ar ndóigh, le dul leis na parabail sa Soiscéal.

Salm le Freagra (Salm 91[92]). Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.

Dara Léacht (2 Corantaigh 5:6-10). Bímis i gcónaí leis an Tiarna nó ar deoraíocht uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh. An tsraith de léachtaí ó Dhara litir Phóil chuig na Corantaigh a thosaigh ar an Seachtú Domhnach saor leanann sí ar aghaidh inniu. Pas beag níos túisce sa litir seo faoina eispéaras nuair a tiontaíodh é don Tiarna ar an mbóthar chun na Damaisce nuair a lonraigh an Dia a dúirt, “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas”, labhair Pól faoi mar a chuir an Dia sin solas ag lonradh ina chroí d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar a shúile dó. Ba chuid lárnach de mhinistreacht Phóil é seo, ag tabhairt air machnamh a dhéanamh ar a laige dhaonna féin. Ba i bprócaí cré a bhí an tseoid seo i gcoimeád aige, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nárbh uaidh féin é. Agus b’amhlaidh do gach creidmheach. D’fhógair Pól an soiscéal go dána de bhrí gur chreid sé i gcumhacht bhás agus aiseirí Íosa. Rinne machnamh ar laige a choirp treise a chur lena chreideamh, lena dhóchas agus lena chiocras bheith in éinacht le Críost tar eis a bháis. Ba urra den aontacht seo le Críost bronntanas an Spioraid Naoimh istigh ann, urra den chlaochlú seo gur chuid de an bheatha Chríostaí ar talamh. Sin iad na smaointe as bhi ag Pól sa litir seo díreach roimh léacht an lae inniu. Leanann sé ar aghaidh leo sa léacht seo. Líonann bronntanas an Spioraid, mar urra, lán de mhisneach é faoin ghlóir shíoraí atá i ndán do lucht leanúna Chríost tar éis an corp saolta seo a chur díobh. Ach, mar Chríostaí agus mar aspal, tuigeann Pól go maith gurb é an rúd is tábhachtaí ná toil Dé a dhéanamh abhus. Beidh ar chách freagra a thabhairt ar Dhia sa deireadh thiar.

An Soiscéal (Marcas 4:26-34). Tá sé ar an ngráinín síl is lú ar bith de na síolta, ach fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasrai go léir. Sa léacht seo tá dhá pharabal faoi fhás suntasach ríocht Dé ó thús lag. Sa dhá pharabal cuirtear an tús sin i gcomparáid le síol a chuirtear san ithir. Is é an síoladóir, ar ndóigh, ná Críost. Sa chéad pharabal cuirtear síos ar an ríocht ag fás uaithi féin, go huathoibritheach mar a dhéarfá, gan cabhair dhaonna. Tá an tuiscint sin faoin ríocht le sonrú faoina deirtear faoi bhriathar Dé ag Pól (1 Teasalónaigh 2:13), briathar nach glactar leis mar bhriathar (theachtaireacht) daonna, ach mar an briathar diaga atá ann i bhfírinne, agus atá ag oibriú sna creidmhigh.
Déanann an dara parabal comparáid idir ríocht Dé agus gráinne de shíol mustaird beag bídeach, a chuirtear i láthair dúinn mar an gráinnín síl is lú ar bith, ach a fhásann le bheith ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus a chuireann amach craobhacha le dídean a thabhairt do éanlaithe an aeir. Seans go ndéanann an parabal tagairt do théacs Ezícéil (faoi ríocht Dháiví le teacht) a bhí againn sa chéad léacht. Labhraíonn an parabal faoi ríocht Dé, a fhásann ó thús lag le méadú ar fud an domhain.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bígí lán de mhisneach. Tá ríocht Dé ag teacht, bíodh go mall féin sin.

Athraíonn cúrsaí an tsaoil go pras sna saolta seo, agus bíonn alán daoine mífhoighneach nach dtagann athruithe luath go leor – agus go minic sin i gcúrsaí eaglasta agus i gcúrsaí creidimh. Ó thaobh an Bhíobla de is rí-mhall go minic a tháinig na hathruithe agus an ré nua a gealladh sna fáistiní, rud as ar eascair géarchéim chreidimh sa luatheaglais. Inniu is mian le roinnt áirithe daoine athruithe a theacht isteach de réir mar is rogha leo féin.
D’féadfadh léachtaí an lae inniu ceacht nó a thuilleadh díobh a thabhairt dúinn maidir le seo. Ceann díobh ná nach bhfuil ionainn i gcúrsaí a bhaineann le ríocht Dé ach comhoibrithe le Dia. Tá Dia féin ag obair ann go ciúin, tostach. D’fhéadfadh an síol a cuireadh le creideamh bheith ag obair leis go ciúin.
Ceacht eile a fhéadfadh cabhair a thabhairt dúinn, agus a bhí lárnach ag Pól ina chuid misinéireachta agus é cíocrach an domhan mór a thabhairt chun chreidimh i gCríost. Is é an ceacht seo ná is cuma cén cúinse ina bhfuilimid, ba chóir bheith réidh “an Tiarna a shásamh”, ag obair taobh istigh den eaglais agus leis an eaglais.
Ceacht eile ná gur chóir dúinn bheith lán de mhisneach i gcónaí, misneach a bhfuil de bhunús aige bronntanas an Spioraid Naoimh i gcroíthe na bhfíréan agus taobh istigh den eaglais, agus atá mar bhunchloch don eaglais féin.
Agus ceacht deiridh, agus ní hé an ceacht is lú é: áit lárnach bhriathar Dé sa creideamh agus sa chleachtadh Críostaí a aithint. Go minic tugtar briathar Dé ar an Scrioptúr, agus iarrtar orainn eolas níos fearr a chur ar an Scrioptúr, ar an mBíobla. Ní gnáth-leabhar atá anseo. Mar a deir naomh Pól, ní briathar daonna atá ann, ach briathar Dé féin atá gníomhach i gcroíthe na bhfíréan, á spreagadh beart dá réir a dhéanamh.
Go dtaga do ríocht. Go ndéantar do thoil ar an talamh. Saothrú le teacht ríocht Dé. Is gné amháin de ríocht Dé an méid atá curtha inár láthair sna parabail éagsúla faoi ríocht Dé sna soiscéil, agus is amhlaidh do na parabail faoin tsíol ag fás uaidh féin in bparabail an lae inniu. Ní hé nach bhfuil gá le saothar daonna ar theacht na ríochta. Guímid go laethúil go dtiocfaidh ríocht Dé, rud is ionann sa Ghiúdachas agus sa Chríostaíocht agus go ndéanfar toil Dé anseo ar an talamh. Shaothraigh Íosa féin go tréan do theacht na ríochta lena chuid teagaisc agus míorúilti. B’amhlaidh sin chomh maith do Phól. Leagadh de dhualgas air an soiscéal a fhógairt, agus ba mhar sin don Eaglais tríd na haoiseanna síos. Ní mór don Eaglais féin, agus do na creidmhigh, sin a dhéanamh in aois ar bith, ár laethanta féin san áireamh. Ní foláir d’údaráis na hEaglaise bheith i gcaidreamh lena baill le freagra a thabhairt do na ceisteanna agus do aon imní atá acu faoi chúrsaí creidimh, teagaisc, nó cleachtadh creidimh agus deimhin a dhéanamh de go bhfuiltear á gcloisint ina n-imní, fiú nuair nach bhfuil sin ag teacht le teagasc nó le seasamh an hEaglaise. Ach sin ráite, ní mór don Eaglais an Soiscéal a fhógairt ina iomláine agus dul i ngleic le cultúr saolta nach aontaíonn leis i gcúrsaí ar bith, maidir le gnéas, pósadh nó le aon cheist eile. Agus san ábhar seo is treise guth na dtuataí ná na cléire, bíodh nach gean le móran tuataí seasamh mar sin a thógaint. Ach is mar sin do ríocht Dé, síol ag fás go ciúin uaidh féin, ach ríocht a éileann fógairt, forbairt agus cosaint.

Recommended Articles