Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teagasc Íosa, an Slánaitheoir caoin, ar an gcolscaradh.
A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Genesis 2:18-24). Rinneadh aon fheoil amháin díobh. An léacht seo as Leabhar Genesis is faoin staid idéalach a bhí ann roimh pheaca agus thurnamh an tsinsir, Ádhamh agus Éabha, é. Beidh cur síos ar an bpeaca, an turnamh, an titim, sin sa chéad chaibideal eile den leabhar seo (Genesis caibideal 3). Tráchtann an léacht seo, agus an cuntas lena mbaineann sé, ar an gcine daonna mar ba mhaith le Dia é a bheith. I dtús báire chruthaigh Dia an duine (san Eabhrais adam), anseo duine fireann, as chré (Eabhrais adamah) na talún, le meabhrú cé chomh leochaileach agus a bhí an duine agus go raibh sé le filleadh ar an luaithreach tar éis bhais dó. Le airde céime an duine ar na beithígh agus na héanlaithe a léiriú, iarrann Dia ar an duine ainmneacha a thabhairt orthu siúd, agus fós deir an téacs nach bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine (Ádhamh) in aon cheann díobh. Téann an téacs ar aghaidh lena thaispeáint gurb í an chéile cúnta don duine, don fhear (as Eabhraia ís), ná bean (Eabhrais isea) a tógadh as an bhfear nuair a bhí sé sa suan trom a chuir Dia air. Is í seo buaic an tsleachta seo ar fad — aontas an fhir agus na mná sa phósadh. Déantar seo soiléir i mbriathra deiridh na léachta: déantar aon fheoil amháin díobh. Ba í seo an staid idéalach roimh an titim. D’athraigh cúrsaí le peaca an tsinsir. Roghnaíodh an sliocht seo do liotúirge an lae inniu le dul leis an sliocht ón soiscéal, ina thugann Íosa chun cuimhne an téacs seo, le plean tosaigh Dé, mar fhreagra ar cheist a cuireadh air.

                        Salm le Freagra (Salm 127[128]). Go mbeannaí an Tiarna sinn gach lá dár saol.

Dara Léacht (Eabhraigh 2:9-11). Is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Leis an sliocht seo tosaímid le sraith léachtaí as an Litir chuig na hEabhraigh a rachaidh ar aghaidh ar feadh an chuid eile den bhliain liotúirgeach, go dtí an 33ú Domhnach Saor den bhliain. Ba í ba bhunchúis don scríbhinn seo ná baol shéanadh creidimh a bhí ann i gcomhluadar éigin luath-Chríostaí, ceann ina raibh baill a iompaigh ón Ghiúdachas. De réir dealraimh bhí niamhracht an líotúirge Ghiúdaigh ag dul i bhfeidhm go láidir ar na baill sin, agus bhí deacracht acu glacadh leis an dreach neamhshaolta a bhí ar an gcreideamh Críostaí. Déananan an t-údar comparáid go mion idir deasghnátha an liotúirge Ghiúdaigh agus an tslí ina dhéantar iad a chomhlíodnadh i gcreideamh Chríost. Ach i dtús báire leagann sé béim ar dhiagacht Chríost, is é sin le rá ar a ardchéim. Is é Íosa an Mac a cheap an tAthair ina oidhre é ar an uile ní. Is é scáil ghlóir Dé é agus cló a shubstainte, ag coinneáil an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar (Eabhraigh 1:2-3). Toisc gur mar sin atá Críost a dTiarna, is féidir le creidmhigh muinín a bheith acu as. Ach ní hé an cruthaitheoir agus slánaitheoir cumachtach amháin é Críost. Iad sin ar díríodh an litir seo chucu, creidmhigh i gCríost, bhí cathú trom curtha curtha orthu ag amhras agus géarleanúintí. Labhraíonn léacht an lae inniu díreach leo siúd. Is é Críost a n-eiseamláir, a dtreoraí, a gceannródaí, chun Dé. Ba é plean Dé go mbeadh a Mhac féin, fíor-Dhia, trina cruthaíodh an domhan, go mbeadh sé go hiomlán daonna agus go mothódh sé na peannaidí agus na deacrachtaí a fhulaingíonn daoine daonna, agus go ndéanfaí foirfe é sa chiall seo. Tá Críost go hiomlán daonna; eisean an té a dhéanann naofa iad siúd a chreideann ann. Is de aon bhunadh amháin Críost agus iad siúd a thugann sé chun naofachta. Bíodh gur Dia é, ní náir leis bráithre agus siúracha a thabhairt orthu.

            Is iontach an cur i láthair é seo ar dhiagacht agus ar lán-daonnacht Chríost. Is foinse agus dúshraith chreidimh agus mhuiníne é nuair a bhíonn amhras ann faoi chúrsaí creidimh, i dtráth buairimh, peannaidi agus géarleanúna.

An Soiscéal (Marcas 10:2-16). An ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é. An cúlra do léacht an lae inniu ná ceist loiscneach a bhí ina cúis easaontais idir na Fairisínigh i laethanta Íosa. Bhain sé leis an mbunús bailí a bhí ag fear dealú lena bhean chéile, agus an míniú cuí a bhí le thabhairt ar Deotarainimí 24:1 a deir má mba rud é gur phós fear bean agus nárbh áil leis í agus go bhfuair sé mínáire eigin (“neamhghlaine éigin”) le cur ina leith gurb fhéidir leis bille scartha a scríobh dí agus í a chur chun siúil óna theach. Tamall roimh aimsir Chríost, agus le linn a bheatha, bhí easaontas géar i measc na bhFairisíneach faoin bhrí le baint as na briathra “náire (“neamhghlaine”) eigin” den téacs sin. Mhaigh údarás amháin, Seamái, gurbh é adhaltranas a bhí i gceist le “náire” (“neamhghlaine”) agus gurbh adhaltranas an t-aon bhonn amháin do cholscaradh. . Bhí a mhalairt de thuairim ag údarás eile, a chuir béim ar an focal “éigin”, “ar bith” den téacs: “náire, nemahghlaine, ar bith”, mar shampla, droch-chócaireacht, nó go bhfuair sé bean níos áille ná í. Promhadh, ag baint trialach as Íosa, ba chúis le ceist na bhFairisíneach. Ag tabhairt freagra dóibh déanann Íosa tagairt do dhlí Mhaois, don rud a ordaigh Maois, ar an ábhar, agus nuair a fuair sé freagra téann Íosa thar Maois agus Dlí Mhaois go plean tosaigh Dé, nuair nach raibh aon áit ann do cholscaradh ar bith dar le hÍosa. Luann Íosa téacs Genesis a chríochnaionn leis na briathra: “agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu”, agus le treise a chur leis sin cuireann Íosa an bhreis seo leis: “Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é”. Ba é seo freagra Íosa do na Fairisínigh Ghiúdacha. Déanann an téacs a lean seo soiléir go mbaineann a dúirt Íosa lena lucht leanúna go leir. Nuair a chuireann a dheisceabail ceist air faoin ábhar, tugann Íosa freagra a chuireann colscaradh agus athphósadh go follasach as an áireamh: “Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean (colscaradh) agus a phósann bean eile déanann sé adhaltranas ina coinne”. Téann téacs seo Mharcais ar aghaidh leis an prionsabal céanna faoi cholscaradh ó thaobh na mná de a lua le sochai phagánach na Gréige agus na Róimhe, áiteannna ina fhéadfadh na mná tús a chur le colscaradh. Ní raibh ceart colscartha ag mná Giúdacha.

Tá teagasc Íosa faoi cholscaradh go bunúsach mar an gcéanna i Soisceil Matha (19:9; 5:32) agus Lúcás (16:18), agus atá sé i Marcas, ach amháin go bhfuil clásal eisceachta ag Matha (“ach nach de dheasca striapachais, mígheanmnaíochta, Gréigis porneia, é”). Ní fios go beacht cad is brí leis an bhfocal Gréigise porneia sa chomhthéacs seo, ach is cuma cad ba bhrí leis mar ní bhaineann sin le hábhar inniu mar a bhfuil colscaradh le fáil le comthoiliú. Tá cosc Íosa ar cholscaradh agus athphósadh le feiscint freisin in 1 Corantaigh 7:10-11, ar a mbeidh tagairt arís thíos anseo.

B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Teagasc Íosa, an Slánaitheoir caoin, ar an gcolscaradh.

Maidir le roinnt de ráitis Íosa sna Soiscéil, nó den teagasc a leagtar ar Chríost, cuireann scoláirí an cheist an ó Chríost féin na ráitis nó an teagasc sin, nó óna lucht leanúna sa luatheaglais. Ach ní chuirtear aon cheist dá leithéid maidir le teagasc Íosa faoin gcolscaradh. Rinne an teagasc áirithe seo an méid sin deacrachta don ógeaglais, agus don eaglais níos déanaí, nach dócha go gcuirfeadh aoinne ar bheola Íosa é mura rud é go ndúirt sé dáirire é. Ag scríobh chuig na Corantaigh thart an an mbliain 57, tugann an tAspal Pól fianaise shoiléir gur ó Chríost féin an teagasc seo. Ag tabhairt freagra do na Corantaigh ar cheisteanna a chuireadar chuige maidir le pósadh agus aontumhacht (staonadh ó phósadh), déanann sé idirdhealú soileir idir a chomhairle féin agus teagasc an Tiarna Íosa: “Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: Ná tréigeadh bean a fear céile – agus má thréigeann fanadh sí gan pósadh nó déanadh sí mór arís leis – agus ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh” (1 Corantaigh 7:10-11). Is soiléir go raibh eolas ag Pól ar an ábhar seo, faoi mar atá sé le fáil sna soiscéil.

            D’fhéadfadh duine go macánta an cheist a chur conas teagasc seo Íosa faoin chosc ar cholscaradh a réiteach leis an gcáineadh a dhéanann sé ar na Fairsisínigh faoi ualaí troma do-iompair a cheangal le buaileadh ar ghuaillí daoine (Matha 23:4), agus le briathar Chríost féin go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach éadrom, agus cuireadh Chríost do gach aoinne a bhfuil saothar agus tromualach orthu teacht chuige (Matha 11:28-30). Glaonn an chodarsnacht idir theagasc Chríost ar an cholscaradh agus na poinnti eile sin orainn machnamh a dhéanamh. Ní thagann teagasc soiléir Chríost ar cholscaradh agus athphósadh ó fhoirfeachtachas fuar nó ó aon easpa tuisceana ó thaobh an tSlánaitheora. Pearsa Íosa mar is eol dúinn ó na Soiscéil í, ionann í agus an cur síos atá uirthi i dara léacht an lae inniu ón Litir chuig na hEabhraigh. Ba í toil an Athar go mothódh Íosa, a Mhac, na peannaidí agus crá croí a bheadh le fulaingt ag an gcine daonna, ag gach mac máthar agus iníon athar. Bhí Íosa ina chara dóibh siúd a bhí ar an imeall agus curtha i leataobh. Bhí trua aige don chine daonna agus don nádúr daonna briste. Ach maraon le seo go léir tháinig sé le teachtaireacht ón Athair an cine daonna a glaoch thar n-ais don staid ina raibh sé i dtosach, nuair a cruthaíodh é. Níor thóg an laige dhaonna ná a staid bhriste ó fhís Dé don chine daonna. Ba shamhail an pósadh mar ba thoil le Dia é, agus mar is toil leis fós, den staid tosaigh sin. An méid a deirtear faoi cholscaradh agus plean tosaigh Dé, is fíor sin faoi mhórán de fhís agus de léargas an Tiomna Nua – glaoch thar nais don bheatha sin is toil le Dia.

            Ní mór don Eaglais bheith dílis do theachtaireacht Chríost san ábhar seo, mar a bhí an tAspal Pól. San am céanna tá uirthi cineáltas Íosa a thaispeáint do na daoine iomadúla atá gafa le fadhbanna taobh istigh den phósadh, agus ó phóstaí atá briste, le tuiscint aici do na brúnna iomadúla ar an bpósadh an lá atá inniu ann – díreach mar atá á dhéanamh aici inniu agus í ag cíoradh na gceisteanna faoi mhoráltacht an teaghlaigh. Is glaoch é liotúirge an lae inniu ar lucht leanúna Chriost a bheith dílis don ghairm atá acu ó Chríost, dílis dá theagasc agus dá chúram grámhar do na fadhbanna gan teorainn atá ag cine daonna leochaileach, briste.

Recommended Articles