16 Feabhra 2014 (A) Séú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An féidir foirfeacht an tSoiscéil a mhaireachtáil?

A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Sirach 15:15-20). Níor ordaigh sé d’aon duine riamh bheith aindiaga.

Tá an sliocht 15:11-20 ag cur síos ar shaorthoil an duine agus ar an bhfreagracht i leith an pheaca. Sa tráth in ar scríobhadh an leabhar seo (thart ar 180 roimh Chríost) bhí plé in Iosrael faoi cad ba chúis leis an peaca a bheith ann. Teoric amháin a bhí ann ná gurb iad na haingil a pheacaigh in éadan Dé agus le daoine daonna a thug isteach é. Fórsa ann féin a bheadh sa pheaca. Teoric eile ná go raibh dhá fhórsa ag feidhmiú sa duine daonna, fórsa chun na maithe agus fórsa chun an oilc. Tugann Síorach freagra soiléir, ag teacht le teagasc leabhar Genesis agus an tSeantionma. Chruthaigh Dia an duine le saorthoil, agus tá sé freagrach as a dhéanann sé. Ní sclábhaí do aon fhorsa ceilte é. Sna véarsaí díreach roimh an sliocht seo deir an t-údar: “Ná habair: ‘Sé an Tiarna faoi dear mé a dhul ar seachrán’, mar ní dhéanann sé an ní is fuath leis. … Eisean a chruthaigh an duine i dtosach báire, agus d’fhág sé é faoi stiúir a chomhairle féin”, is é sin le rá le saorthoil. As sin tosaíonn léacht an lae inniu: “Más toil leat is féidir leat na haitheanta a choimeád agus toil an Tiarna a dhéanamh le barr dílseachta”,

Salm le Freagra iSalm 118[119]). Is aoibhinn dóibh siúd a chomhlíonann dlí an Tiarna.

Dara Léacht (1 Coirintigh 2:6-10). Cheap Dia an eagna roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinn.

Sa léacht seo leanann Pól ar aghaidh ag cur an eagna Chríostaí i gcomparáid le eagna dhaonna nár thuig plean slánaithe Dé in Íosa Críost. Deir sé go labhraíonn, go múineann, sé, agus múinteoirí eile Críostaí, eagna “dóibh sin atá tagtha in inmhe”, do Chríostaíthe a bhfuil tuiscint thar na bunphrionsabail acu. Eagna faoi leith í seo a thagann ó shuáilce an chreidimh, eagna nach raibh ag “lucht ceannais an tsaoil seo”, is é sin le rá is dócha fórsaí osnádúrtha an oilc agus cumhachtaí daonna a ghéill dóibh agus a sheas in éadan Chríost agus an tSoiscéil. Is í an eagna rúnda i gceist ná rúndiamhair shlánaithe Dé a bhí folaithe go dtí gur foilsíodh í trí Chríost, ina bheatha, ina bhás ar an gCrois agus ina aiséirí, agus san eaglais. Trí bhrontannas an chreidimh tá an eagna sin ag lucht leanúna Chríost, bíodh nach ghlacann an “saol”, gan an eagna sin, leo.

An Soiscéal (Matha 5:17-37).

Sin mar a dúradh leis na sinsir: ach is é seo a deirimse libh. Sa léacht seo tá Íosa ag cur a theagasc féin agus an bheatha a leanann as i gcomórtas le teagasc agus saol phobal Iosrael (“an sinsear”) roimhe sin. Ionann i slí “an dli agus na fáithe” agus an teagasc agus an saol sin. Níor tháinig Íosa chun “an dlí agus na fáithe” sin a chur ar ceal, ach lena gcur i gcrích. Ionann “cur i gcrích” anseo agus iad a thabhairt chun foirfeachta, agus mar sin gach a sheasann an sean-ord, dlí agus fáithe, a chomlíonadh. Bhí éagsúlacht áirithe san óg-eaglais faoi sheasamh dhlí Mhaois i measc na bhfíréan. Sa mhéid gur cleachtadh maidir le feiniúlacht chine, ní raibh áit ann ag Pól san eaglais taobh amuigh de Ghíudaigh. Lean Críostaíthe Giúdacha á chleachtadh. Is cuma i slí faoi sheasamh Íosa faoin gceist seo; sa léacht seo tugann sé iomlánú nua ar aitheanta Dé a tugadh i Sinai trí Mhaois, agus déanann sé sin go húdarásach. Maidir leis an aithne “Ná déan marú”, diamhasla ab ea an marú, a scrios íomhá Dé sa duine. Téann Íosa thar sin. Ní diúltach (“Ná déan”) amháin an aithne, ach dearfach chomh maith: omós a thabhairt do íomhá Dé seachas masla; maithiúnas agus athmhuintearas; cosc ar fhearg agus leasainmneacha mar “ceann baoth”, “amadán”. (Ní foláir ná go raibh an Airimis taobh thiar díobh sin thar a bheith maslach, mar tá pionós trom ag gabháil leo.) Téann sé thar adhaltranas go hainmhianta na colla agus drúis; thar cead do colscaradh go cosc ar cholscaradh; thar gan mionn a shárú go comhairle gan mionn a dhéanamh in aon chor, ach a bheith simplí agus gur leor focal gan aon mhionn. An bhrí atá leis sin ná aidhm Íosa dá lucht leanúna: Bheith foirfe faoi mar atá an tAthair ar neamh foirfe, mar a deir sé ag deireadh an aithisc, a léafar an Domhnach seo chugainn.

B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An féidir foirfeacht an tSoiscéil a mhaireachtáil?

In aimsir Shíorach cuireadh an cheist: An féidir na haitheata a choimeád? Ardaíodh ceist dá leithéid faoi chuid de shoiscéal an lae inniu, go háirirthe faoin sliocht “Ná déan marú” agus a leanann as go dtí: ”Ná déan adhaltranas. Duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige cheana féin lei ina chroí”. Mar a deir Ard-Cúistiúnaí Dostoevsky: “Bhí meas ró-ard ag Íosa ar an chine daonna, mar rugadh é i bhfad níos laige agus níos isle ná mar a mheas Críost”. Faoi seo is féidir linn a rá nach cód dlí, taobh amuigh den cosc ar cholscaradh, a bhfuil i léacht an lae inniu, ach léiriú ar nádúr ríocht Dé, ríocht Íosa, agus an fhoirfeacht is dual di. Léiríonn briathra seo Íosa go bhfuil ré úr tagaithe leis féin, agus gairm faighte ag a lucht leanúna bheith mar thoscairí dó sin ina mbeatha.

Téann seo le teachtaireacht an dara léachta: Tugann suáilce an chreidimh eagna nua don chreidmheach, nach eagna shaolta í. Ar ndoigh ní ionann sin agus a rá nach raibh meas ag Pól, nó nach bhfuil meas ag an eaglais, ar an eagna dhaonna mar stiúir i gcúrsai an tsaoil seo. Mar a scríobh Pól chuig na Filipigh (4:8): “Bíodh bhur n-aire ar an rud is fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáileach inmholta”. An teachtaireacht atá ag Pól sa dara léacht ná nach féidir linn dearmad a dhéanamh de gur rúndiamhair shlánaithe Dé atá san eaglais. Agus sinn in agallamh le saol ár linne ní dochar machnamh a dhéanamh ar sin go léir.

Ceist eile a phléitear inniu ná an féidir maireachtáil de réir adeir an soiscéal. Cuireadh ceist dá leithéid ar Íosa, a thug mar fhreagra: “Tá an uile ní sodhéanta ag Dia” (Matha 19:26). Ní freagra na ceiste é seo, ach ábhar machnaimh in aon phlé faoin gceist. Nuair atá rúndiamhair an tsoscéil agus na heaglaise i gceist, in aon phlé ní féidir grásta Dé a fhágaint as an áireamh.

Recommended Articles

Leave A Comment