Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teachtaireacht an Charghais. An Chré lárnach Chríostaí. Creideamh, reiligiún agus Spioradáltacht
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Deotranaimí 26:4-10). Admháil chreidimh an phobail thofa. Sa leicseanáir, mar is léir ón dteideal seo, agus ag scoláirí an Bhíobla, amharctar ar an sliocht áirithe seo mar “Cré, admháil chreidimh, an phobail thofa”. Cabhróidh sé linn teachtaireacht an tsleachta agus a chiall a thuiscint níos fearr má dhéanaimid é a léamh taobh istigh dá chomhthéacs i Leabhar Deotranaimí. Is mír é de liotúirge agus de aitheasc spreagtha a thug Maois do phobal Iosrael roimh theacht dóibh fós i seilbh Thír Tairngire. Ach feictear ar chlann Iosrael a bheith cheana i seilbh na tire a gealladh dá sinsir, agus cuirtear Maois i láthair ag rá leo cuimhneamh ar a gcuid staire atá thart agus faoi mar ar shabháil an Tiarna iad ón sclábhaíocht. Amhail is dá mbeadh sé ag féachaint ar aghaidh i bhfís, deir Maois le hIosrael (san uimhir uatha): “Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír a bhfuil an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus tú i do chónaí ann, ní foláir duit na céadtorthaí d’fhómhair na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh dá ainm. Ní foláir duit dul chun an tsagairt a bhíonn in oifig ag an am agus a rá leis: ‘Fógraím inniu don Tiarna mo Dhia gur tháinig mé chun na tíre a mhionnaigh an Tiarna dár n-aithreacha a thabharfadh sé dúinn’”. Nuair a thógfadh an sagart an cliabh agus é a leagan os comhair altóir an Tiarna, bhíodar leis an admháil álainn chreidimh atá i léacht a lae inniu a dhéanamh. Bheadh cuimhneamh acu ar a n-athair, a sinsear, Iacób, athair Dhá Threibh Déag Iosrael. Glaotar “Aramach Fáin” ar Iacób. Agus Aramach de réir chine a bhí i Ribeacá, máthair Iácób, agus i Lábán, a uncail. I dtús a ré, sul a raibh ríochtaí acu, ba nómadaigh, fánaithe, iad na hAramaigh, agus bhi Iacób ag fánaíocht gan teach gan tír amhail dhuine díobh. Téann an chré, an admháil chreidimh seo, ar aghaidh lena ndaoirse san Éigipt a lua agus a mheabhrú faoi mar ar shabháil Dia iad, á dtabhairt chun saoirse agus saibhris. Níor chóir dóibh riamh dearmad a dhéanamh ar cérbh as díobh agus faoi chúram Dé orthu, agus sin go léir a admháil ag ofráil na céadtorthaí dóibh.

Salm le Fhreagra (Salm 90[91]). Bí liom, a Thiarna, in am na trioblóide.

Dara Léacht (Rómhánaigh 10:8-13). Admháil chreidimh an Chríostaí. Sa leicseanáir tá mar theideal ar an léacht seo: “Cré an Chríostaí”. Mar sin féin tá friotal na Cré chomh doiléir sin nach foláir é bheith díchóidithe, mar a dhéarfá, do Chríostaithe an lae inniu, agus b’fhéidir do glúine go luath tar éis bheatha Phóil féin, le go dtuigfí é. Is é lárphointe na Cré na: “Má admhaíonn tú i do bhéal gurbh é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú i do chroí gur thug Dia ó mhairbh é, slánófar thú” (Rómhánaigh 10:9), leis an míniú seo air: “Mar is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhionn an admháil a shlánaíonn”. Dar le daoine nó grúpaí áirithe amhail Críostaithe Athbhreithe agus Críostaithe Cincíseacha, is leor seo mar admháil chreidimh beag beann ar aon Eaglais eagraithe. Ionann sin agus dearmad glan a dhéanamh de chomhthéacs na Cré agus an Eaglais eagraithe a bhfuil tagairt sa litir seo dí. Go gairid ina dhiaidh an léacht seo scríobhann Pól sa litir chéanna (Rómh. 10:14): “Ach conas a ghlaofaidis ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidis sa té nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidis trácht air gan duine á fhógairt dóibh? Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin?” Sna téacsanna seo tá tagairt do fhíréantacht sa chroí, agus slánú san admháil. Baineann fíréantacht leis an saol seo, slánú leis an saol eile, mar bhuaic ar an fhíréantacht agus an saol seo.

            I ndiaidh na mbriathra breise sin, is féidir filleadh ar théasc an lae inniu. Eascraíonn foirmliú théacs na Cré ón imní agus buaireamh a bhí ar Phól toisc gur dhiúltaigh a phobal féin, na Giúdaigh, glacadh le Críost, an Meisias. Tiomnaíonn sé trí chaibideal (Rómhánaigh 9-11) do phlé na faidhbe agus na rúndiamhaire sin. Tuigtear foirmliú dlú na Cré Críostaí seo nuair a léitear í tar éis an tsleachta a chuaigh díreach roimhe (Rómhánaigh 10:1-7). Ag labhairt faoina phobal ionúin Giúdach féin nár chreid, deir Pól: “Go deimhin, a bhráithre agus a shiúracha, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánofaí iad. Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é. Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d’fhíréantacht Dé. Mar is é Críost buaic (críoch) an Dlí chun fíréantachta an uile dhuine a chreideann ann”. Admhaíonn Pól go fonnmhar go raibh díograis agus dúthracht ag a phóbal Giúdach féin chun Dé, faoi mar a bhí aige féin sul ar iompaíodh é chun Chríost. Ach bhí an díograis seo dírithe ar an Dli Giúdach. Sa bhreis ar seo, deir Pól nach raibh an díograis seo dea-eolach, lena chiallaíonn sé nach raibh sí oscailte do láithreacht ghníomhach Dé i gCríost. Ní raibh sé dea-eolach toisc nár ghlac sí le Críost, ar ab ionann é do Phól agus don Eaglais Chríostaí agus buaic agus críoch an Dlí, riaradh Dé trí Dhlí Mhaois agus gach ar sheas sé dó, buaic sa chiall gurb é Críost an aidhm ar a raibh an Dlí dírithe, agus críoch sa chiall gur tháinig deireadh leis an Dlí, le riaradh Dé sin, le Críost. Luann Pól cuid de théacs as Deotranaimí 30:14: “Tá an briathar in ngar duit, tá sé i do bhéal agus i do chroí”, agus dearbhaíonn gurb í teachtaireacht an tSoiscéil, an creideamh a fhograíonn sé féin, an briathar sin. Ansin déanann Pól imeartas focal ar an dá théarma lárnacha: beola agus croí, admháil chreidimh leis na beola (sa bhaisteadh) agus ag creidiúint sa chroí. An bhéim atá aige anseo ná gur trí chreideamh i gCriost, seachas trí ghníomhartha an Dlí Ghiúdaigh nó trí thraidisiún ar bith eile, a fhíréantar Criostaithe, a dhéantar baill de theaghlach nua Dé iad, le bheith in ann glaoch ar Dhia mar “Athair”. Cuireann an creideamh i gCríost an slánu ar fáil do chách, is cuma faoi stádas soisialta, chine, dhath nó ghnéas,

Soiscéal (Lúcás 4:1-13). Seoladh Íosa faoi luí an Spioraid san fhásach á phromhadh ag an diabhal. An sliocht seo ón Soiscéal, soiscéal Lúcáis i mbliana, faoi phromhadh Íosa san fhásach, léitear é sa chéad Domhnach seo den Charghas gach bliain le tabhairt lenár n-aire an séasúr naofa seo atá ag tosú. Is fiú an léacht seo a thuiscint ina shuíomh sa Soiscéal féin, díreach tar éis bhaiste Íosa. Ag a bhaisteadh sa Iordáin, nuair a bhí Íosa ag guí, thuirling an Spiorad Naomh air agus tháinig glór an Athar ó na flaithis á rá: “Is tú mo Mhac muirneach; is duitse a thug mé gnaoi”. Agus ansin tháinig Íosa, agus é lán de Spiorad Naomh, ar ais ón Iordáin agus seoladh é faoi luí an Spioraid san fhásach. Tosaíonn an diabhal a chuid cathaithe leis na briathra: “Más tú Mac Dé”. Fógraíodh Íosa mar Mhac Dé ag a bhaisteadh, agus cuirtear cathú air, promhtar é, leas a bhaint as an stádas sin, le míortúilti a dhéanamh le sásamh a thabhairt dá ocras, le glacadh leis an diabhal mar thiarna ar an domhan agus stádas a ghlacadh uaidh, agus léim mhíortúilteach fheiceálach a thógaint ó bhinn an Teampaill (míorúilt a a dhéanfadh an Meisias de réir thraidisiún amháin Giúdach, de réir dealraimh). An chéad Ádhamh sa ghairdin, bíodh gur daonna é, ghéill sé do chathú an díabhail a bheith cosúil le Dia. Deanfaidh Íosa, an Dara hÁdhamh, a mhalairt. Mar a chuireann an luath-iomann Críostaí é (Filipigh 2:6-11): Íosa, a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia, ach lom sé é féin agus chuir air riocht an sclábha, agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile. Cuireadh cathú ar Íosa, promhadh é, mar gach neach daonna eile, ach amháin nár ghéill sé. Glaotar ar Críostaithe bheith ar aon mheon le hÍosa Criost.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teachtaireacht an Charghais. An Chré lárnach Chríostaí. Creideamh, reiligiún agus Spioradáltacht

Tugann léachtai an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar chúpla fírinne lárnacha den Chríostaíocht. Glaonn an Chré sa chéad léacht ar Iosrael machnamh a dhéanamh ar mhaitheas Dé dóibh san am a bhí thart. Is í teachtaireacht na Cré sa dara léacht ná go bhfuil ré áirithe de stair Iosrael thart le teacht Chriost. Sa chreideamh, agus i seirbhís Dé bheo, is é an rud tábhachtach ná beatha i gCríost agus an fhíréantacht, an caidreamh ceart le Dia, a thugann sé. Déanann Pól codarsnacht idir na hiarrachtaí fíréantacht dár gcuid féin a bhuanú agus an fhíréantacht a thagann ó Dhia. An rud tábhachtach sa ré Chríostaí nua ná creideamh i gCríost agus a ainm a admháil go hoscailte. Ionann an creideamh sin agus glacadh le saothar Dé in Íosa agus gniomhú Chríost ar son an duine aonair agus na hEaglaise a bhunaigh sé.

            Rud a eascraíonn as téacs Phóil sa litir chuig na Rómhánaigh sa dara léacht faoi admháil i do bhéal gurbh é Íosa an Tiarna agus creidiúint i do chroí gur thug Dia ó mhairbh é go slánófar thú, ná tuairim daoine áirithe gur leor sin mar chreideamh beag beann ar aon eaglais. Téann daoine eile níos faide ná sin á maíomh gur leor do dhuine spioradáltacht, agus gur rud diúltach an reiligiún, nó creideamh, gur deas nó gur geal leo spioradáltacht, ach nach gcleachtann siad “reiligiún”, amhail freastal ar eaglais nó cleachtadh creidimh, go bhfuil gaol nó caidreamh acu le Dia trí spioradáltacht, gan reiligiún. Tá a thuilleadh ann a leagann béim ar spioradáltacht, mar thréith nó gníomhú den spiorad daonna, gan aon tagairt do Dhia. Sin cuid den saol ina mhairimid. Is deas, ar ndóigh, an spéis i spiorad an duine agus sa spioradáltacht. Ach do chreidmhigh Chriostaí ionann fíor-spioradáltacht agus gníomhú an Spioraid Naoimh, a thugann bronntanas an chreidimh, agus an mhuinín, nó dánacht, glaoch ar Dhia mar Athair. Tugann an spioradáltacht seo caidreamh le Dia, le Críost, leis an Spiorad Naomh in Eaglais Chríost – reiligiún, nasc le Dia, é sin de réir bhunbhrí fhréamh an fhocail Laidine sin religio, “Nasc”.

            I ndiaidh an mhachnaimh sin is féidir linn filleadh ar thréimhse an Charghais agus a teachtairachtaí éagsúla. Ní tráth do rudaí seachtracha amháin, saicéadach agus luaithreach, é an Carghas. Is tréimhse dachad lá é le machnamh a dhéanamh ar an rúndiamhair Chríostaí, ar an mbeatha Chríostaí i gCríost, ar dhínit na pearsan daonna agus na contúirtí ann dó, agus ar fhreagra Dé trí Chriost ar na ceisteanna sin. Is gairm é an Carghas droim láimhe a thabhairt do luachanna bréagacha, agus casadh ar theachtaireacht an tSoiscéil. Is tráth é an Carghas do mhachnamh agus do dheabhóid. Déantar an creideamh a chothú trí dheabóid, deabhóid phearsanta agus phobail, pé acu sa pharóiste nó sa teaghlach. Ní gá go mbeadh deabhóid feiceálach. Is féidir lei a bheith pearsanta agus ciúin, amhail machnamh ar an Aoine ar ghlaoch Íosa é a leanúint, agus in onóir na Páise staonadh ó fheoil (iasc nó rud eile in a hionad) ag an bpríomh-bhéile. Agus tá slíte iomadúla eile ann.

Recommended Articles