Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 19:34, 37-43). D’itheamar agus d’ólamar ina chuideachta i ndiaidh a aiséirí ó mhairbh. Ina chomhthéacs i nGníomthartha na nAspal tá an sliocht seo mar chuid den chur síos ar an áit a bhí ag Peadar agus an Eaglais óg in Iarúsailéim le creideamh Chriost a thabhhairt do na pagánaigh gan an timpeallghearradh a bheith riachtanach. Bhí aisling ag Cóirnéilias, taoiseach céad na Róimhe, pagánach cráifeach, á rá leis glaoch ar Pheadar le eolas an tslánaithe a thabhairt dó. Bhí an glaoch bheith ina aspal dona pagánaigh faighte ag Pól cheana féin, ach ní raibh sé i mbun saothair fós. Thug Peadar an t-aitheasc sa léacht seo agus chreid Cóirnéilias agus a theaghlach agus tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu. Bhaist Peadar iad gan timpeallghearradh; thug tuairisc faoi sin don eaglais in Iarúsailéim, a aontaigh leis. Aitheasc Pheadair do Chóirnéilias agus a theaghlach atá i sliocht seo an lae inniu. Is dócha gur sampla é de chéad-sheanmóireacht na heaglaise ag craobhscaoileadh theachtaireacht an tsoiscéil di.Thosaigh an cur síos le baiste Eoin Baiste, ungadh Chríost ansin leis an Spiorad Naomh, agus na miorúiltí a rinne sé dá bharr, beatha phoiblí Chríost, agus na hAspail mar fhínnéithe ar sin; céasadh agus bás Chríost agus a aiséirí, agus an fhianaise gur aiséirigh sé dáiríre á thaispeáint féin dá lucht leanúna, agus mar ar ordaigh sé dá dheisceabail an soiscéal a craobhscaoileadh. Seanmóirí den eaglais óg cosúil leis an ceann seo a thug an creatlach do na Soiscéil a cuireadh le chéile níos déanaí, ag tosú le seanmóireacht Eoin Bhaiste agus ag críochnú le aiséirí Chríost. Bun agus barr na seanmóireachta go léir in aon aois ná an glaoch chun aithrí.

Salm le Freagra (Salm 117[118]). Is é seo an lá a rinne an Tiarna: bíodh áthas agus gliondar orainn.

Dara Léacht (Colosaigh 3:1-4). Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost. Roghnaíodh an sliocht seo den litir chuig na Colosaigh toisc go bhfuil sé feiliúnach do Dhomhnach na Cásca, an lá ina bhfuilimid ag ceiliúradh aiséirí Chríost agus a fhilleadh faoi ghlóir go dheaslámh an Athar, áit a bhfuil sé de shíor ag guí ar son na hEaglaise, agus ar ár son go léir le go mbeadh toradh ar a bhás agus a aiséirí. Tá Críostaíthe aontaithe le Críost sa bhaisteadh, agus mar adeir an léacht seo aontaithe leis ar neamh. Ní léacht ginearálta gan téagar atá anseo. Tamall gearr roimhe seo scríobh Pól (Colosaigh 2:6-7): “Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa mar Thiarna, tugaigí bhúr saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar múineadh daoibh é”. Agus ní rud teibí an creideamh seo i gCríost ar dheis Dé. Tá Íosa ann fós ag craobhscaoileadh a shoiscéíl agus ag múineadh conas ár saol a thabhairt as anseo ar talamh, mar a deirtear sna véarsaí a leanann an sliocht seo: toisc go gcreidimid go bhfuilimid in éineacht le Críost ar neamh deirtear linn an “taobh saolta”, na hainmhianta, a bhású. Agus mar shampla ar sin áiríotar ceithre chinn de nósanna gnéasacha, agus moltar liosta de shuáilcí le cleactadh. Ionann creideamh i gCríost ar dheis Dé agus conas ár mbeatha sa saol seo a chaitheamh seachas a mhalairt.

Malairt Léachta. (1 Coirintigh 5:6-8). Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua. Sa téacs díreach roimh an cheann seo cháin Pól an comhluadar críostaí sa Coirint toisc an droch-iompair ann: bhí fear ag maireachtáil lena leasmháthair mar chéile gan cháineadh ón chomhluadar críostai. Truailliú a bhí ann. Sa léacht seo cuireann an t-aspal lucht leanúna Chríost san airdeal faoin bhaol ón droch-shampla, agus chuige sin baineann sé úsáid as chúlra Cháisc na nGiúdach a bhí á ceiliuradh b’fhéidir an tráth bliana sin. Le Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh níor mhór gach píosa aráin le giosta, gabháil, a chaitheamh amach leis an Cháisc a chomóradh. Sa Cháisc Ghiúdach ba é uan na Cásca an íobairt. Sa Cháisc Nua ba é Íosa an íobairt.I súile Phól siombal den truailliú an ghabháil. Ionann Cáisc na hEaglaise agus easpa arán gabhála, sin le rá dílseacht, ionracas, trédhearcacht agus firinne. Seanmóir gonta Cásca an giota seo le Pól Aspal. Do Chríostaíthe, cuireadh é do ghlaine chroi, cuireadh chun sacraimint na faoistine.

Soiscéal (Eoin 20:1-9). Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh. Tá cuntais éagsúla againn sa Tiomna Nua faoi aiséirí Chríost agus conas a thaispeáin sé féín do lucht leanúna tofa dá chuid. De réir Phóil (1 Coirintigh 15:3-8) thaispeáin sé é féin faoi chúig, i dtosach báire do Pheadar agus sa deireach thiar do Phól féin. Sliocht an lae inniu as soiscéal Eoin níl ann ach ceann amháin de shraith eachtraí: ar thús an tuama folamh (Eoin 20:1-10); ansin taispeáint do Mháire Mhaigdiléana (20:11-18); ansin do na deisceabail gan Tomás (20:19-23), agus ansin le Tomás i láthair (24-29). Sliocht an lae inniu is faoin chuairt go dtí an tuama é, tuama a faightear folamh. Measann Máire Mháigdiléana gur robáil atá i gceist. Tugann an “deisceabal eile” (an deisceabal múirneach; an deisceabal a raibh grá ag Íosa dó, Eoin 13:23) áird ar stádas faoi leith Pheadair. Cuireann an staid slachtmhar ina bhfuil na baill éadaigh slad as an áireamh. Faigheann an deisceabal eile tuiscint ar leith faoi aiséirí Chríost, agus níos déanaí tiocfaidh an eaglais ar an dtuiscint go raibh sin de réir an scrioptúir, tuiscint nach raibh aici ó thús.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Críost mar ceann na heaglaise agus croílár ár gcreidimh. Creidmhigh mar fhinnéithe dó.

Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin. Sa chéad léacht cuireann Peadar béim ar na haspail mar fhinnéithe d’aiséirí Chríost agus sa dara léacht as an litir chuig na Colosaigh meabhraíotar do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha “folaithe mar aon le Críost i nDia”. Críost ar neamh ceann na hEaglaise, tá sé fós ag fogairt a shoiscéil mar a rinne sé dá mhuintir na Giúdaigh, ach chomh maith ag fógairt shoiscéil Phóil do na neamh-Ghiúdaigh, na pagánaigh, á meabhrú do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, nósanna pagánacha a chur díobh, nósanna a áiríonn sé: “Básaigí mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pagánacha) díbh féin: an drúis, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh”. Gan Críost bheith mar chroílár aici ní bheadh san eaglais dá fearr í ach cumann leasa shoisialigh, mar a mheabhraigh an Pápa Proinséas dúinn. Thuig ár muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don “duine atá i dtúis a shaoil” sa dán ón mbéaaloidas: “Sara dtiocfaidh iomad ded aois, bíodh aithne ar Chríost agat” – ní eolas faoi Chríost ach aithint phearsanta air.

            Maidir le cúrsaí creidimh, tá Éire inniu ag crosbhóthar a staire. Sa daonáireamh deiridh (2011) shinigh 84% den daonra iad féin mar Chaitlicigh Rómhánacha, agus 4% gan creideamh ar bith, é seo bíodh go raibh feachtas aindiachtaí ann gan clarú mar Chaitlicigh. Ach tá meon saolta, meon di-eaglaisiú, saecúlárach, ag teacht i réim, agus leisce, nó mífhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Ach is é is creideamh ann ná cruthú, nó cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Tá feachtas nua tosaithe san eaglais: bliain an chreidimh, an tsoiscéalaíocht nua. Sin teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste, sa chreideamh. Beannactaí na Cásca orainn go léir.

Recommended Articles