6 Aibreán 2014 (A) An Cúigiú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Is treise cumhacht an Spioraid

B.Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir

A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezicéal 37:12-14). Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.

Fís an fháidh do phobal Iosrael i ndeoraíocht na Baibealóine sa séú céad roimh Chríost atá againn anseo. Bhí na deoraithe á rá: “Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn”. Bhí an Teampall scriosta, cathair Iarúsailéim treascartha agus tír Iúda bánaithe. Ag caint go meafarach, bhíodar amhail is dá mbeidis básaithe, faoi chré, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh atá. Tá sé chun a phobal, a fhéachann air féin amhail is a bheith san uaigh, a thógaint óna n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu arís, le go mbeadh beatha úr acu ina dtír dhúchais. Aiséirí an phobail atá anseo. Nil tagairt ann do aiséirí pearsanta na colainne. Níor tháinig an creideamh san aiséirí sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chríost.

Salm le Freagra (Salm 129[130]). Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:8-11). Spiorad an té a thóg Íosa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh.

Déanann Pól codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus nádúr lag an duine, agus an meon contrártha do Dhia agus a bhaineann leis agus atá claon chun peaca. Iad sin atá faoi réir a leithéid ní féidir leo Dia a shásamh, dar le Pól. Ní hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad Dé acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua dóibh. Mar a deir Pól cúpla véarsa (8:14) i ndiaidh na léachta seo: “Iad sin a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann Dá iad sin”. Samhlaíonn Pól an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhrí go bhfuil sé le bás a fháil go fisiciúil agus gur úirlis don pheaca é. Ach tá cumhacht, fórsa, eile chun na beatha sa chorp céanna, is é sin le rá an Spiorad atá acu tar éis dóibh a bheith fíréanaithe trí chreideamh i gCríost. Thóg Dia Íosa ó na mairbh trína chumhacht féin gan teora, agus is é Spiorad Dé, le cumhacht sin Dé, atá lonnaithe i gcorp, i bpearsa, básmhar na gcreidmheach a thugann beatha nua dóibh, le deimhin bua a fháil ar an bpeaca abhus agus an bheatha shíorai a bheith acu ina dhiaih sin.

An Soiscéal (Eoin 11:1-45). Mise an tAiséirí agus an Bheatha.

Tá an léacht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bhí againn le dhá Dhomhnach anuas, ina bhaineann Íosa feidhm as eachtra éigin den saol seo le ceacht faoi rúndiamhair a phearsa féin a mhúineadh, mar shampla an Samáireach mná agus tobar Iácób agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bhí sé féin le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall ón bhroinn agus Íosa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras ó mhairbh agus Íosa mar an tAiséirí agus an Bheatha. Bhí Íosa cáirdiúil le teaghlach na Béatáine (thart ar 3 ciliméadar ó Iarúsailéim), Máire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lasaras d’Íosa dúirt sé nach chun báis ach le go dtabhaharfaí glóir do Mac Dé (sin le rá dó féin) tríd an ngalar sin. Ní théann sé go Lasaras láithreach, ach ligeann sé dó bás a fhail. Bhí Lasaras ceithre lá básaithe nuair a shrois Íosa an tuama. Deireann Íosa le Marta go n-éireoidh a dheartháir arís, agus déanann Marta gníomh creidimh san aiséirí – ach sa lá deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na léachta ag Íosa: tá an t-aiséirí tagtha cheana ina phearsa féin: “Mise an tAiséirí agus an Bheatha”

B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir

Uaireanta cuirtear i leith Íosa gur beag an tuiscint a bhí aige ar laige an nádúir dhaonna nuair a chuir sé bac iomlán ar an colscaradh. Is trom i slí an misean a leag sé ar a lucht leanúna nuair a sheol sé amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na talún. D’fhéach an eaglais óg ar an misean a bhí aici díreach mar arb thoil le hÍosa é. Ba sholas úrnua don domhan an eaglais, an comhluadar Críostaí, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhraíonn Pól go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scríobh chuig na Coirintigh faoin ábhar dó (2 Coirintigh 4:6-7): “An Dia a dúirt, ‘Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas’, is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í”. Ag scríobh chuig na Filipigh dó, meabhraíonn Pól faoi mar ar umhlaigh Íosa é féin, ag glacadh riocht an sclábha, agus ansin impíonn sé orthu a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur ó chomhoibriú le Dia a thagann an slánú, agus nach uainn féin amháin. Agus is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus gníomh sna creidmhigh de réir a dhea-thola féin (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na Rómhánaigh, mar is léir ó shliocht an lae inniu, leagann Pól béim níos mó ar laige an nádúir agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, arís, tá an bhéim is mó aige ar bhua Chríost, tríd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.

Ag teacht go dtí ár laethanta féin: go minic déantar an eaglais a cháineadh faoina h-iliomad rialacha. Tá a leithéid de cháineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chríost féin agus an tsoiscéil a bhítear ag casaoid. Sa chás seo, maidir le teachtaireacht an tsoiscéil á craobhscaoileasdh ag an Eaglais, ní rialacha iontu féin atá i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chríostaí, agus sin faoi stiúir an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghrásta Dé. Ní thuigtear an scéal faoi bheatha na hEaglaise, fiú ina laigí, gan toimhse seo na rúndiamhaire a thabhairt isteach.

Tá iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an nádúr daonna gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige féin maidir le cúrsaí mórálta, agus neamhaird a dhéanamh den ghá atá le grásta Dé. Is fiú cluas a thabhairt fós ar theagasc Phóil.

Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diospóireachtaí faoi leasú na heaglaise agus a leithéidí de, agus ar leasú ar chuid dá cleachtadh a meastar bheith as dáta, agus in éadan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, ní dochar cuid dá bhfuil ráite thuas a mheabhrú: solas an tsoiscéil agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghrásta Dé.

Recommended Articles

Leave A Comment