29 Eanáir 2022 (A) An Ceathrú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Na Biáide agus ár nGairm chun na Beannaitheachta
  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Sófania 2:3; 3:12-13). Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár. D’fhógair an fáidh Sófania teachtaireacht Dé sa seachtú céad roimh Chríost i gcoinne naimhde Iosrael agus chomh maith sin in éadan urchóideacht Iarúsailéim. Ach chomh maith leis sin tá fís aige faoi na náisiúin phagánacha a bheith tiontaithe chun Dé agus cuireann sé críoch lena theachaireacht le duan áthais do Iarúsailéim, a fheiceann sé a gcuid peacaí a bheith maite díobh. Do phagánaigh agus don phobal Giúdach leagann sé béim ar shlánú do phobal bocht agus uiríseal. Is é an popal tofa iad sin a dhéanann toil Dé, a chomhlíonann a reacht. Briathra tosaigh léachta an lae inniu: “Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tire” tá siad dírithe ar naimhde pagánacha Iosrael, fós le tiontú chun Dé. An mhír dheiridh “Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal in do lár”, tá sí dírithe ar Iosrael idéalach den ré le teacht, ach Iosrael a bheidh ann dáiríre. Seo í an aigne, na seintimintí, a léirigh Íosa sna Biáide a léitear i Soiscéal an lae inniu, agus a bhfuil an léacht seo roghnaithe chun dul leis.

Salm le Freagra (Salm 145[146]). Is méaner dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

Dara Léacht (1 Coraintigh 1:26-31). Thogh Dia nithe laga an tsaoil. A bhfuil le rá ag Pól faoi lárionad “bhaois” na croise agus an toradh fónta a ghabhann le fógairt na teachtaireachta seo, tuigtear níos fearr é nuair a dhéantar é a shuíomh in eispéaras Phóil féin agus an caidreamh a bhí aige le aos léannta na hAithne agus chomh maith céanna le eaglais Choraint, cosmhuintir, ísealaicme, den chuid is mó de. Déanfar seo a chíoradh sna nótai ar 1 Corantaigh 2:1-5 i léachtaí an Domhnaigh seo chugainn. Ó lárionad léinn chathair na hAithne ghluais Pól ar aghaidh go Coraint agus i dtosach báire ní raibh toradh fónta ar a chuid misinéireachta, Ach labhair an Tiarna leis in aisling oíche fanacht ann, á rá leis: “Ná bíodh aon eagla ort. Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear tú i do thost mar táimse leat … mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo” (Gníomhartha 18:9-11). Mar a luadh thuas sna nótaí ar an dara léacht don Dara Domhnach den bhliain seo, ba sclábhaithe thart ar dhá dtrian de phobal Choraint, agus is dócha gur ón ísealaicme sin an líon ba mhó de phobal na heaglaise ansin, bíodh go raibh daoine éirimiúla agus de lucht an léinn mar bhaill den phobal Críostaí sin chomh maith. Cuireann Pól na fíricí sin os comhair an phobail anseo chun bua na Croise, agus bua Dé trí laige agus bhaois na croise a dhéanamh soiléir, lena léiriú go bhfuil an bua ag an Chríostaíocht tríd an ghrásta agus trí chumhacht Dé amháin. Trí a chaithréim ar an gcrois is é Íosa “ár n-eagna, ár bhfíréantacht, ár naofacht agus ár bhfuascailt, ár saoirse”, a thugannn cúis mhórtais dúinn, ach mórtas as an Tiarna amháin.

Soiscéal (Matha 5:1-12). Is méaner dóibh seo atá bocht ó spiorad. An léacht i Soiscéal an lae inniu leis na Biáide cuireann sí tús le Seanmóir fada ar an Sliabh d e réir Mhatha (Matha 5:1-7:21), agus déanfar míreanna de a léamh san Aifreann go dtí an Naoú Domhnach Saor. Cuirtear Íosa inár láthair ag féachaint ar na sluaite. Is Dara Maois é, agus mar a oireann do mhúinteoir tá sé ina shuí. Amharcann na Biáide agus an Seanmóir siar agus chun tosaigh, siar ar na blianta fada a bhí ag Iosrael ag feitheamh le teacht na ríochta agus ar aghaidh do ré le teacht trína a dheisceabail féin agus a lucht leanúna, salann agus solas don chine daonna, iad dílis do theagasc Chríost. Tugann sé athmhíniú ar an Dlí agus na Fáithe do ré nua, ag cur béime ar an fhearg a mhaolú agus meas a bheith ar dhaoine eile, le tagairtí imeallacha do adhaltranas agus colscaradh. Téann sé thar an Dlí agus na Fáithe nuair a mhúineann sé gan aire a thabhairt don nath agus don mheon “Súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail” ach a mhalairt, grá a thaispeáint don namhaid. Tgugnn sé míniú nua ar chleachtais chráifeacha na nGiúdach maidir le déirc. urnaí (le sampla an Ár nAthair) agus troscadh, agus ag cur béime ar ghlaine chroí, agus ag moladh bheith ag iarraidh dul isteach an geata cúng sin ag deireadh aistir. Cuirtear clabhsúr leis an Seanmóir le rabhadh i gcoinne féinmhealladh, ach briathra Chríost a chluistin agus a dhéanamh, seachas iad a chluistin amháin, agus mar sin do dhuine a bheatha spioradálta bhunú ar charraig seachas ar ghainneamh.

            Le casadh uaidh sin go léacht an lae inniu, na Biáide: ionann biáid lena déantar duine suáilceach, sona, beannaithe agus bronntanas ó Dhia. Ar bheola Íosa d’oirfeadh na biáide don mhisean a bhí ag Íosa an dóchas a bhí ag Iosrael tríd na haoiseanna a chomhlíonadh. Ar ghrúpa amháin díobh sin a bhí ag feitheamh, tugadh “na boicht”, na boicht ó spiorad i leagan Mhatha, bocht ina gcroí istigh, agus mar sin le croí ar leathadh do theacht ríocht Dé, nó i leagan Mhatha “ríocht na bhflaitheas”. An bhiáid fúthu siú atá ceansa, ionann é, a bheag nó a mhór, agus an chéad cheann. Ainmníonn sé aicme soisialta seachas meon anama. An “talamh” atá le glacdh mar oidhreacht, sa chomhthéacs seo ionann é, a bheag nó a mhór, agus ríocht na bhflaitheas. Beidh an teacht i seilbh air, cosúil le ríocht na bhflaitheas, anseo ar talamh agus sa tsíoraíocht, ar neamh. Maidir le lucht an dubróin de, sa téacs seo, ní hiad sin atá dubhach, gruama ná íobartaigh fhoiréigin iad ach ag teachtb le traidisiún an Bhíobla iad sin atá faoi bhrón nár tháinig comhlónadh na ngealltanas go fóill. An fhíréantacht ar a bhfuil ocras agus tart chuici ag na naoimh, ní fíréantacht anseo ar talamh atá i gceist ná cúiteamh eascaiteolaíoch a gcearta ach an dea-iompar anseo ar talamh ar toil le Dia, “ocras agus tart ar son an chirt” mar a chuireann aistriúchan eile Gaeilege comhaimsire é. Níos déanaí (Matha 18:33) leagfaith Íosa féin béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé bheith trócaireach. Ní féidir le aoinne ar talamh Dia a fheiceáil, ach is féidir a bhraistint é bheith i láthair ina Mhac Íosa agus sa dúlra. Feiceann na fíréin ar neamh a aghaidh. Tá dhá bhiáid ann ar an ngéarleanúint. Ceann ginearálta an chead cheann díobh sin a imríotar géarleanúint orthu ar son an chirt (“mar gheall ar an bhfíréantacht”). Baineann an dara ceann i modh ginearálta le deisceabail Íosa (níor roghnaíodh an Dáréag go fóill). Feiceann Íosa roimh ré go ndéanfar géarleanúint, clúmhilleadh agus aithis orthu. Iarrann Íosa orthu áthas agus gairdeas a bheith orthu faoi seo, mar is mór a dtuarastal ar neamh.Tugann géarleanúint an comhluadar Críostaí isteach i dtraidisiún Fhaithe an tSeantiomna.

  1. B.Macnamh agus An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Na Biáide agus ár nGairm chun na Beannaitheachta

Measann Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí go bhfuil na Biáide chomh tábhachtach sin go dtiomnaíonn sé roinn iomlán (uimhreacha 1716-1720) dóibh agus an bhaint atá acu leis an teagasc Críostaí agus leis an mbeatha Chríostaí. Scríobhtar ann: “Is iad na biáide croílár do sheanmóireacht Íosa. Á bhfógairt dó, déanann siad athgabháil ar na geallúintí a rinneadh don phobal tofa ó Aimsir Ábrahám i leith. Déanann siad comhlíonadh orthu sa mhéid go dtreoraíonn siad iad, ní chuig seilbh tire agus talún ach chun Ríocht na bhflaitheas”. Tugtar téacs na mBiáide ansin agus ina dhiaidh leanann an cur síos ar aghaidh. “Dréachtann na biáide éagasc (comharthaí sóirt) Íosa Críost dúinn agus tugann tuairisc ar a charthanacht. Friotal atá iontu ar ghairm na bhfíréan agus iad comhiata (páirteach) le glóir a pháise agus a Aiséirí. Tugann siad léargas dúinn ar na gníomhartha agus na manaí atá ina sainairíonna den bheatha chróstaí. Geallúintí paradocsúla is ea iad a chuireann bun faoin dóchas in am na treabhlaide. Fógraíonn siad na beannachtaí agus an cúiteamh atá i ndán do na deisceabail más go doiléir féin é. Déantar an chéad léiriú orthu i saol na Maighdine Beannaithe agus na naomh go léir.

     Téann an Caitiosiosma ar aghaidh le labhairt ar mhian an nádúir ionainn chun an tsonais agus faoi mar a fhreagraíonn na biáide don dúil sin. Is ó Dhia í. Is amhlaidh atá glaoite ag Dia orainn chun na beannaitheachta atá aige féin. Tá sé suite sa chroí daonna le daoine a tharraingt chuig an tAon Té amháin ar féidir leis an mhian sin a shásamh. Mar a mheabhraíonn an Citiciosma, úsáideann an Tiomna Nua an iliomad leagan cainte chun cur síos ar an bheannachtacht a nglaonn Dia an duine chuici: teacht Ríocht Dé, fis Dé: “Is meaner dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia”; dul isteach in aoibhneas an Tiarna, agus a thuilleadh fós.

Recommended Articles

Leave A Comment