Meitheamm 29. Naoimh Peadar agus Pól Aspail. Sollúntas

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Gníomthartha na nAspal 12:1-11). Anois tá a fhios agam go fior gur shaor an Tiarna mé ó láimh Héaród. Roghnaíodh an léacht seo do shollúntas an lae inniu toisc an cur síos atá ann ar faoi mar ar thug Dia an tAspal Peadar slán ó lámha a naimhde. Is féidir an eachtra a shuíomh go beacht sa stair. An rí Héaród atá i gceist ná an Rí Héaród Agripa I, garmhac leis an Rí Héaród Mór, agus nia le Héaród Antipas a bhí ina theitrearc ar an Ghailíl i laethanta Íosa.  Díbríodh Antipas as a phost sa bhliain 39 iar-Chríost agus bronnadh cuid dá chríocha ar Agripa, leis an teideal Rí. Díbríodh Pioláit, gobharnóir Iúdéa agus na Samáire, as a phost sa bhliain 36 agus sa bhliain 41 ceapadh Agripa mar Rí ar Iúdéa, an tSamáire agus an Ghailíl. Fuair sé bás tragóideach sa bhliain 44. Pianta boilg a mharaigh é de réir an staraí Giúdach Iosefus. Aingeal an Tiarna a bhuail é i gcuntas Ghníomhartha na nAspal (12:20-23). Ag iarraidh na Giúdaigh, go mór mór na Fairistínigh, a mhealladh chuige mharaigh sé an tAspal Séamas, deartháir Eoin. Ansin thug sé faoi Pheadar. Agus ghabh sé é an lá roimh cheiliúradh na Cásca, an lá céanna inar gabhadh Íosa. Tá cur síos againn sa léacht seo ar faoi mar ar shaor Dia go miorúilteach ón phriosún é. Roimhe seo ríomh Lúcás linn (Gníomhartha na nAspal 5:17-21) faoi mar ar shaor aingeal an Tiarna na hAspail ón phríosun nuair a imríodh géarleanúint orthu. Teist é ar chúram an Tiarna ar lucht leanúna Íosa, agus go mór mór ar Pheadar.

Salm le Freagra (Salm 33[34]). Fuasclaíonn aingeal an Tiarna lucht a eaglaithe.

Dara Léacht (2 Timóteas 4:6-8, 17-18). Tá craobh na fíréantachta réidh i mo chomhair feasta.

Tiomna an Aspail Pól atá again anseo. Scríobhann sé ó phriosún ina bhfuil sé i ngéibheann, ag feitheamh fiú le breith an bháis. Ach ní chuireann sin as dá dhíograis do chraobhscaoileadh an chreidimh agus molann sé dá chara, dá dheisceabal agus dá chomhoibrí Timóteas an misneach céanna a bheith aige. Comhoibrithe do Dhia, nó le Dia, iad beirt. Deir Pól le Timóteas (2 Timóteas 2:9): “Cuimhnigh ar Íosa Críost a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt. Is mar gheall ar an dea-scéal sin atá mé ag fulaingt anró agus fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach”. Ní féidir briathar Dé a cheangal le geimhle. Féachann Pól ar a bhás le teacht mar íobairt do Dhia na glóire. Achoimre liteartha, beagnach fileata, uasal ar réim a bheatha atá i léacht an lae inniu. Tá a rás rite, an comhrac mór troidte aige. An té a leanfadh cúrsa bheatha Phóil óna chuid litreacha, tuigfeadh sé cé chomh dian is a bhí an comhrac sin leis an dea-scéal a chosaint agus a impleachtaí a mhíniú do na heaglaisí éagsúla.

B’fhéidir nach ó pheann Phóil féin an litir áirithe seo, ach ó dhuine eigin eile go luath tar éis a bháis, agus cumtha mar thiomna do Phól, duine a raibh eolas maith aige ar laethanta deiridh Phóil, agus a thug dúinn an achoimre bheacht seo de shaol-ré Phóil, le cur i láthair áirithe dramatúil.

An Soiscéal (Matha 16:13-19). Is tú Peadar, agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas. Tharla an eachtra seo i gceantar Chéasaré Philib. Mac le Héaród Mór, agus leasdeartháir le Héaród Antipas a bhi i bPilib. Tháinig sé i seilb na gcríocha sin le huacht a athar (a bhásaigh sa bhliain 4 roimh Chríost), agus bhunaigh sé a príomhchathair ansin lámh le buntobar na Iordáine sa bhliain 3 nó 2 rtoimh Chríost. Bhí daoine ag cur ceisteanna faoi cérb é go beacht Íosa, go mór mór tar éis báis Eoin Baiste. Chuir Íosa anois an cheist chéanna ar a dheisceabail in láthair taobh amuigh de chríocha Giúdacha. Céad cheist Íosa ná tuairim na gnáth-mhuintire faoi; ansin a dtuairim féin. D’fhreagair Peadar thar cheann an Dáréag. De réir Shoiscéal Marcas d’admhaigh Peadar gurb é an Críost (an Meisias) é, tátal a bhí intuigthe ón dtaithí a bhí acu le hÍosa thar na blianta agus an dóchas a bhí beo in Iosrael faoi theacht Mhac Dhaibhí. Duine den saol seo, de stair Iosrael, a bhí sa Mheisias a bhí le teacht. Le bás, aiséirí Chríost agus a dheascabháil go deaslámh an Athar, tháinig brí bhreise leis an dtéarma “Críost”, sin le rá Mac Dé Bheo. Agus is é sin an admhail chreidimh a rinne Peadar, agus ba é freagra Íosa nach ón nádúr daonna (“fuil agus feoil”) a thainig an admháil sin ach trí fhoilsiú ón Athair ar neamh. Faoi mar atá admháil Pheadair again anseo, is dócha gur athleagan é ar admhail bhunaidh Pheadair ag Céasaré, athleagan a rinneadh tar éis aiséiri Chriost.

Síomón Barióna (Mac Iona) ainm dílis Pheadar. D’athraigh Íosa sin anois go Céafas, an focal Airimise ar charraig, Petrus sa Ghéigis agus sa Laidin, Peadar sa Ghaeilge. Tugtar an t-ainm Airimise sin ar Pheader cúpla uair sa Tiomna Nua (Eoin 1:42; 1 Coirintigh 1:12; Galataigh 1:18, 7rl.). Tugadh Céafas, Peadar, carraig, air mar bhí Íosa lena thoghadh mar bunsraith dá eaglais. Ar ndóigh is é Críost féin an t-aon bunsraith san eaglais, ach bhí áit faoi leith le bheith ag Peadar, agus an gheallúint ann ó Íosa nach mbeidh ar chumas an diabhail (“geataí ifrinn”), ná fórsaí an oilc, an bua a fháil ar an eaglais, agus an chumhacht ag Peadar breithiúnais (“ceangal” agus “scaoileadh”) áirithe a thabhairt, cumhacht a thugtar do na haspail go léir níos déanai (Matha 18:18), mar ar tugadh an chumhacht dóibh Domhnach Cásca peacai a mhaitheamh (Eoin 20:24). Téann an gradam seo a tugadh do Pheadar leis an cúram a tugadh dó tar éis an aiséirí aire a thabhairt do chaoireacha agus uain Íosa.

  1. C.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Peadar agus Pól: Dhá eite de chreideamh céanna.

Ar uairibh, go háirithe ó aimsir an Reifirméisin i leith, ba nós feiceáil ar Pheadar mar choimeadaí agus ar Phól mar fhorásach, amhail is dá mbeadh Peadar agus a oidhreacht (go háirithe Eaglais na Róimhe) coimdeádach, agus Pól agus a oidhreacht siúd forásach, forchéimnitheach, tugtha don dul chun cinn. Ar ndóigh, ní mar sin fianaise an Tiomna Nua in aon chor. Tá a fhios againn an comhrac mór a throid Pól le go mbeadh an dea-scéal ag na Gintlíthe, na neamh-Ghiúdaigh, gan timpeallghearradh ná dlí Mhaois. Nuair sa mheas sé ná raibh Peadar ag cloí leis an chleachtadh mar ba dhual in Antíoc chuir sé ina choinne go poiblí agus cheartaigh sé é. Ach ní hé sin an íomhá de Pheadar a thugann an Tiomna Nua dúinn, ach de dhuine umhail tar éis do Íosa a shéanadh faoi thrí, duine a thuig agus a lean treoir an Spioraid Naoimh. Eisean a chéad thug isteach san Eaglais pagánaigh gan timpeallghearradh ná dlíthe Giúdacha an bhia, sul ar thosaigh Pól ar a chuid misinéireachta. Chosain sé modh misinéireachta Phóil. Tá umhlaíocht agus tionchar smaoineamh agus theagasc Phóil le sonrú san litir faoi ainm Pheadair sa Tiomna Nua. Chraobhscaoil Peadar an dea-scéal sa Róimh mar aon le Pól, agus thugadar araon fianaise do Chríost lena gcuid fola. Bhí Pól chomh daingean céanna do thaisce na chreidimh agus a bhí Peadar, agus tá siad beirt fós ag cainnt linn i ré seo an eacuiméanachais dul ar aghaidh mar is dual, agus mar is ceadaithe, leis an dílseacht is dual don bheirt laoch sin, dhá eite den chreideamh céanna.

Recommended Articles

Leave A Comment