Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ní mór maireachtáil le rúndiamhair Dé.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 22:19-23). Leagaim eochair theach Dháiví ar a ghualainn. Roghnaíodh an sliocht seo le dul leis an soiscéal toisc go bhfuil cur síos ann ar an gcumhacht a bhí ag maor phalás theach Dháiví, eochair an tí seo a bhí aige, leagtha ar a ghualainn, le cumhacht an doras a oscailt agus a dhúnadh. Baintear feidhm as na híomhánna agus na téarmaí céanna ag Críost sa sliocht san soiscéal ag tabhairt na heochracha agus an chumhacht san Eaglais do Céafas, do Pheadar. Is fiú an sliocht iomlán faoi Sheabna a léamh faoi mar atá sé sa leabhar féin (Íseáia 22:15-25). Tá ceachtanna aige dár ré féin agus do gach aois. Bhí saor-chead isteach do ard-aicme Iarúsailéim agus do theaglach ríoga Dháiví ag an fáidh Íseáia, ach níor bhain seo ón bhfeachtas a bhí aige ar son na mbocht agus iad sin faoi dhearóile. Maidir le Seabna de, ní luaitear athair nó ginealach leis. Duine de ghnáth-mhuintir é a chuaigh in airde an dréimire go dtí an post is airde mar mhaor an phaláis ríoga, le cead isteach a thabhairt nó a dhiúltú do chuairteoirí agus eile. Bhí eochair an phaláis (teach Dháiví) aige. An tráth úd d’fhéadfadh eochair a bheith trom, chomh trom nárbh fholáir í a iompar ar an ghualainn. Anseo is siombal cumhachta í. Agus bheadh focal sa chúirt ag Seabna, agus a chomhairle le tabhairt í gcúrsaí polataíochta an stáit. Ach ní cumhacht gan cúram a bhí i gceist, dar leis an bhfáidh seo. Ba chóir dó bheith ina athair ag muintir Iarúsailéim agus ag teaghlach Iúda. Níorbh chás do Seabna na boicht, ach a leas féin agus ainm dó féin iar n-éag dó. Ghearr sé amach tuama dó féin i nGleann Céadrón. Tá na tuamaí le feiscint ansin go fóill, ceann díobh leis an inscríbhinn “Maor an Phaláis”, bíodh go bhfuil an t-ainm dílis caillte. B’fhéidir gur le Seabna é. I bhfáistine Íseáia tá an Tiarna Dia le Seabna a chaitheamh amach agus a áit a thabhairt do dhuine eile faoin ainm Éliacim mac Hilcia, a mheasann an fáidh a bheadh dílis dá ghairm. Is cuid de stair Iúda agus Iarúsailéim an bheirt seo i réimeas an rí Hisiciá tamall roimh an bhliain 701 roimh Chríost. Ag toscaireacht rí na hAsaíre go hIarúsailéim luaitear an bheirt, Éliacim maor an phaláis agus Seabna an runaí. Ní raibh i Seabna anois ach rúnaí, céim síos tugtha dó. Ach níor fíoraíodh fáistine Íseáia faoi Eliacim, a bhí le bheith mar a bheadh tairne in áit dhaingean. Shaothraigh seisean freisin ar son a mhuintire, seachas do na boicht, agus is é foirceann fháistine Íseáia ná go raibh an Tiarna lena chaitheamh amach.

Salm le Freagra (Salm 137[138]). A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí; na tréig obair da lámh.

Dara Léacht (Rómhánaigh 11:33-36). Is uaidh agus tríd agus dó gach uile ní dá bhfuil ann. Sa dara léacht don Domhnac le trí sheachtain anuas táimid ag éisteacht le Pól ag cur síos ar an dolás agus an crá croí a bhí ag cur as dó mar gheall ar nár ghlac a mhuintir féin, na Giúdaigh, le Críost, leis na gealltanais a tugadh dóibh a chomhlíonadh. Míníonn sé an fhadhb sa mhéid is féidir leis. Tá sé deimhin de nach bhfuil an conradh a rinne Dia leo briste. Maireann sin i gcónai. Ní cúis aiféala do Dhia an rogha a bhíonn déanta aige. Ach sa deireadh thiar, mar a admhaíonn Pól i léacht an lae inniu, is rúndiamhair atá ann. Is rúndiamhair é Dia féin, fiú tar éis gach ar fhoilsigh sé i gCríost. Ní féidir linn bhreithiúnais Dé a thuiscint ná a bhealaí a rianú; níl anr ár gcumas dul go dtí a bpréamh sin. Ní foláir ná gur rinne Pól machnamh air sin go minic, ag baint úsáide as an mBíobla féin. Luann sé na téacsanna sin anois (as leabhair Íseáia agus Iob) leis na Rómhánaigh: “Cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige? Nó cé a thug rud riamh do go gcaithfeadh sé é a chúiteamh leis?”. Cuireann sé críoch lena mhachnamh ar an rúndiamhair seo le gníomh creidimh i nDia, agus briathra molta dó: “Moladh go deo le Dia. Amen”.

An Soiscéal (Matha 16: 13-20). Is tú Peadar, agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas. Tharla an eachtra seo i gceantar Chéasaré Philib. Mac le Héaród Mór, agus leasdeartháir le Héaród Antipas a bhi i bPilib. Tháinig sé i seilb na gcríocha sin le huacht a athar (a bhásaigh sa bhliain 4 roimh Chríost), agus bhunaigh sé a príomhchathair ansin lámh le buntobar na Iordáine sa bhliain 3 nó 2 roimh Chríost. Bhí daoine ag cur ceisteanna faoi cérb é go beacht Íosa, go mór mór tar éis bháis Eoin Baiste. Chuir Íosa anois an cheist chéanna ar a dheisceabail in ionad taobh amuigh de chríocha Giúdacha. Céad cheist Íosa ná tuairim na gnáth-mhuintire faoi; ansin a dtuairim féin. D’fhreagair Peadar thar cheann an Dáréag. De réir Shoiscéal Marcas d’admhaigh Peadar gurbh é an Críost (an Meisias) é, tátal a bhí intuigthe ón dtaithí a bhí acu le hÍosa thar na blianta agus an dóchas a bhí beo in Iosrael faoi theacht Mhac Dhaiví. Duine den saol seo, de stair Iosrael, a bhí sa Mheisias a bhí le teacht. Le bás, aiséirí Chríost agus a dheascabháil go deasláimh an Athar, tháinig brí bhreise leis an dtéarma “Críost”, sin le rá Mac Dé Bheo. Agus is é sin an admhail chreidimh a rinne Peadar, agus ba é freagra Íosa nach ón nádúr daonna (“fuil agus feoil”) a thainig an admháil sin ach trí fhoilsiú ón Athair ar neamh. Faoi mar atá admháil Pheadair againn anseo, is dócha gur athleagan é ar admhail bhunaidh Pheadair ag Céasaré, athleagan a rinneadh tar éis aiséiri Chriost.

            Síomón Barióna (Mac Iona) ainm dílis Pheadar. D’athraigh Íosa sin anois go Céafas, an focal Airimise ar charraig, Petrus sa Ghéigis agus sa Laidin, Peadar sa Ghaeilge. Tugtar an t-ainm Airimise sin ar Pheader cúpla uair sa Tiomna Nua (Eoin 1:42; 1 Corantaigh 1:12; Galataigh 1:18). Tugadh Céafas, Peadar, carraig, air mar bhí Íosa lena thoghadh mar bunsraith dá eaglais. Ar ndóigh is é Críost féin an t-aon bunsraith san eaglais, ach bhí áit faoi leith le bheith ag Peadar, agus an gheallúint ann ó Íosa nach mbeidh ar chumas an diabhail (“geataí ifrinn”), ná fórsaí an oilc, an bua a fháil ar an eaglais, agus an chumhacht ag Peadar breithiúnais (“ceangal” agus “scaoileadh”) áirithe a thabhairt, cumhacht a thugtar do na haspail go léir níos déanai (Matha 18:18), mar ar tugadh an chumhacht dóibh Domhnach Cásca peacai a mhaitheamh (Eoin 20:24). Téann an gradam seo a tugadh do Pheadar leis an cúram a tugadh dó tar éis an aiséirí aire a thabhairt do chaoireacha agus uain Íosa.

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

Machnamh ar an Dara Léacht: Ní mór maireachtáil le rúndiamhair Dé.

Ceacht amháin atá le baint as an Dara Léacht inniu, ina bhfuil Pól ag caint leis na Rómhánaigh, ná nach mór maireachtáil le rúndiamhair Dé. Ní hé gur rúndiamhair ghlan, amach is amach, é Dia. A mhalairt ar fad is fíor. Mar a deir Eoin sa Cheathrú Soiscéal: Ní fhaca aon duine riamh Dia, ach d’fhoilsigh Íosa, a aonghin, dúinn é. Agus rinne Dia sin go léir le teann grá. Bhí grá sin Dé don domhan léirithe i mbás a mhic Íosa ar an gcrois. Bhí sin go léir ar eolas do Phól Aspal, agus ba chuid lárnach dá shoiscéal é, agus lárnach do shoiscéal na hEaglaise trid na haoisenna. Ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil beith, nádúr inmheánach, Dé ídithe ansin. Fanann Dia fós infinideach, mar a deir Pól sa léacht chéanna. Tugtar sin chun cuimhne dúinn ar uairibh mar a tugadh do Phól.

            Gné eile de rúndiamhair seo Dé ná naofacht Dé. Tá bríonna éagsúla ag gabháil le naofacht Dé sa Bhíobla agus taobh amuigh de. Ionann an naofacht seo ar uairibh agus Dia dealaithe amach ón domhan seo, Neach diaga a spreagann uamhan. Bhí, agus beidh i gcónaí, iarracht de seo i siceolaíocht na gcreidmheach, deighilt idir mhinistrí creidimh agus tuataí, lámhainní i lámha tuataí i dteagmháil uirlisí coiscriche dóibh. Ní hé gur measaide nó gur fearraide a gcreideamh Críostaí dá bharr. Bheadh sin le meas ón dá aithne: grá Dé agus grá an chomharsa,

  1. Machnamh ar an Soiscéal: Féic a bhfuil scríofa faoi sa Mhachnamh do i Sholúntas Pheadair agus Phóil 29 Meitheamh: “Peadar agus Pól: Dhá eite den chreideamh céanna”.

Recommended Articles