27 Iúil 2014 (A) An Seachtú Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Creideamh i gCríost agus san Eaglais an péarla róluachmar.
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Céadleabhar na Ríthe 3:5, 7-12). D’iarr tú croí tuisceanach.

Roghnaíodh an léacht seo ina iarrann an Rí Solamh croí tuisceanach chun an mhaith a aithint thar an olc le dul leis an léacht sa soiscéal ina bhfuil cur síos sa pharabal ar ríocht na bhflaitheas cosúil le péarla breá róluachmhar, nó mar stór, ciste, taisce, folaithe i ngort. Ina shuíomh i gCéadleabhar na Ríthe tá sé mar thús ar réimeas an Rí Solamh, mac Dháibhí, a raibh teist na heagna agus na heagnaíochta air. Ní raibh an Teampall in Iarúsailéim tógtha go foill agus bhí íobairtí á n-ofráil go dlisteanach in áiteanna arda, ardionaid. Ceann díobh ab ea Gibeon, an t-ardionad ba mhó tábhacht, agus chuaigh Solamh ann le híobairt a dhéanamh don Tiarna. Le linn dó bheith ann bhí brionglóid oíche aige inar labhair an Tiarna leis a rogha rud a iarraidh air. Deir téacs an Bhíobla linn go raibh grá ag Solamh don Tiarna. I dtús seo a réimis níor iarr sé ach an t-aon rud a bheadh riachtanach le bheith i gceannas ar a phobal, pobal Dé, agus ba shin croí tuisceanach chun an mhaith a aithint thar an olc. Gheall an Tiarna sin dó, croí ciallmhar tuisceanach. Leanann téacs an Bhíobla ar aghaidh le breith a thug Solamh a thabhairt, agus ar chloisint sin do Iosrael go léir, thuigeadar go raibh eagna Dé ag Solamh chun an ceart a riar. Ach bíodh sin agus a bhí, ní raibh an Rí Solamh dílis don chonradh le Dia, ach tugtha don adhaltranas ba ghean lena mhná chéile iomadúla. Fiú le ghealltanas Dé, ní mór i gcónaí saorthoil an duine aonair a chur san áireamh.

Salm le Freagra (Salm 118[119]). Á, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna.

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:28-30). Cheap Dia sinn le bheith inár macasamhla dá Mhac.

Leanann an sliocht seo den litir chuig na Rómhánaigh díreach tar éis na léachta as an litir chéanna sin a léadh an Domhnach seo caite, a lean díreach ar an sliocht a bhí ann don Domhnach roimhe sin. Is fíu machnamh ar an dtrí léacht sin le chéile. Bhí an t-anam Críostaí agus an dúlra féin ag cneadach, ag glaoch agus ag gairm le teacht na ré ina mbeadh an ghlóir is dual do chlann mhac agus clann iníonacha Dé foilsithe, nochtaithe. Istigh i gcroíthe na bhfíréan bhí an Spiorad Naomh ag cabhrú leis na creidmhigh conas guí fhónta a dhéanamh. An ghlóir is dual do chlann Dé bun agus barr na Críostaíochta, agus le linn a mbeatha abhus tá an Spiorad Naomh gníomhach iontu á n-athrú ó chéim amháin glóire go céim eile, le go mbeidis ina macasamhla de Íosa Críost Mac Dé féin. Is é sin an ceann sprice de glóiriú a thosaigh nuair a ghlaoigh agus a thogh Dia sa chreideamh iad i dtosach báire. Cúrsa agus oibriú saoil a bhí ann, agus bhí tús áite ag Dia féin ann ó thus go deireadh. Sin a mheabhraíonn Pól linn i léacht an lae inniu. Samhlaíonn Pól go bhfuil an cúrsa sin thart, agus féachann sé siar ar an áit a bhí ag Dia ann ón dtús in ar ghlaoigh Dia orthu de réir a chomhairle féin, agus í mar aidhm aige iad go léir a bheith ina macasamhla dá Mhac féin. Agus is é deireadh an chúrsa ná glóiriú, glóir shíoraí, tar éis a bheith fíréanaithe.

An Soiscéal (Matha 13:44-52). D’imigh sé ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.

Cuireann an léacht seo críoch le cur síos Shoiscéal Mhatha ar pharabail Íosa. Tá trí pharabal aige ann, dhá cheann ar an áthas a ghabhann le glacadh le ríocht Dé agus ar cé chomh díograsach ba chóir do dhaoine an ríocht sin chuardach agus a ghlacadh chucu féin. Rabhadh atá sa tríú parabal ar a an mbrón agus an íde a bheadh i ndán dóibh siúd a dhéanann neamard ar Dhia.

Ar shlí amháin tá ríocht Dé folaithe ach is féidir í a aimsiú, agus is í teachtaireacht an pharabail tosaigh faoin dtaisce, an ciste, an stór, in bhfolach sa ghort, ná an t-áthas agus riméid ba choir a bheith ar dhuine nuair a thuigeann siad saibhreas na ríochta, is é sin Íosa féin, a phearsa, a theagasc agus a ról mar theachtaire ghrá agus thrócaire Dé. Ba choir a bheith réidh gach rud a thréigean don aon rud amháin atá riachtanach. Ionann an teachtaireacht atá sa dara parabal faoin bpéarla breá róluachmhar.

An tríú parabal, faoin eangach san fharraige agus na héisc de gach saghas, na héisc mhaithe (“tairbhe”) cnuasaithe i soithigh (“árais”), tá sé cosúil leis an gcéad pharabal faoin síol maith agus an cogal nó fiaile. Tá baint aige leis an dá pharabal eile sa mhéid gur rabhadh é nach cuireadh amháin atá sna parabail faoin áthas ba chóir gabháil le glacadh ríocht Dé.

Mar fhreagra ar Íosa dúirt na deisceabail gur thuigeadar “na nithe sin uile”, sin le rá is dócha na parabail agus an míniú a ghabh leo.

Maidir leis an “scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas” sa mhír dheiridh den léacht, níl sé soiléir amach is amach cérb é an scríobhaí atá i gceist. Mar is eol dúinn go maith ó na soiscéil, ba chuid dílis den Ghiúdachas raibíneach na scríobhaithe. Más duine díobh siúd a iompaigh chun chreidimh Chriost atá i gceist bheadh ar a chumas úsáid a bhaint as an Seantiomna agus an traidisiún chun teagasc nua Chríost a thuiscint agus a mhúineadh. B’fhéidir gur scríobhaí Giúdach dá leithéid

Matha féin. Ach ní gá an tuiscint sin den téacs. Bhí scríobhaithe oilte sa ríocht sa luath eaglais, Matha ina measc, a raibh ar a gcumas usáid a bhaint as an Seantiomna ag tagairt do Chríost, agus nua-teagasc na heaglaise. Agus d’fhéadfadh sé bheith gurb é an “sean” atá i gceist ná luath-theagasc Chríost i rith a bheatha ar talamh agus an “nua” an leagan nua ar sin a thug Matha agus scribhneóirí eile an Tiomna Nua dúinn. Agus i rith stair na hEaglaise tá an sean agus an nua á dtógaint as a stór ag diagairí agus aos léinn na hEaglaise.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Creideamh i gCríost agus san Eaglais an péarla róluachmar.

Sna saolta seo agus an neamhshuim agus an nós is cuma liom i gcúrsaí creidimh, agus fiú i measc roinnt Caitliceach, tugann léachtaí an lae inniu ábhar machnaimh dúinn. Ba chuid dhílis dár gcreideamh an t-áthas agus féachaint ar á gcreideamh mar phéarla, mar stór, chiste, thaisce, folaithe. Tá téama an phéarla róluachmair le fail sna léachtaí go leir. Rinne an Rí Solamh achainí ar Dhia croí tuisceanach a thabhairt dó chun an mhaith a athaint thar an olc, croí le toil Dé a thuiscint. Cúis áthais dúinn a bhfuil sa dara léacht, cé chomh mór is atá Dia féin linn leis an ceann sprice is dual dúinn a bhaint amach. Cuireann Íosa sna parabail béim ar cé chomh gafa ba chóir dúinn a bheith le cursai ríocht Dé, sin le rá leis féin agus leis an Eaglais.

Ní dóigh liom gur gá dul níos faide eis seo mar mhachnamh. Is cuireadh na éachtaí dúinn ár gcreideamh agus ár ndíograis inár n-oidhreacht thraidisiunta a mhúscailt.

Recommended Articles

Leave A Comment