14 Meán Fómhair 2014 (A) Ardú na Croise Naofa

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

I liotúirge an lae inniu ceiliúraimid féile de chuid an Tiarna, agus géilleann

gnáth-liotúirge an Domhnaigh tús áite di, maidir leis na léachtaí agus eile. Thosaigh an fhéile seo le comóradh thaispeáint croise, ar measadh gurb chrois chéasta Chríost í, in Iarúsailéim sa bhlian 629 tar éis í a fháil thar nais ó na Peirsigh. Anois, ar ndóigh, is é atá san fhéile ná comóradh bliantúil ar bhua Chríost trína bhás ar an gcrois, an t-ardú a tháinig dó tríd an gcrois.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa Críost beatha don domhan, beatha don duine aonair

  1. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Leabhar na nUimhreacha 21:4-9). Aon duine a gcuireadh nathair cealg ann, d’fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh. Ina chomhthéacs sa Bhíobla ba chuid de dheireadh aistear Iosrael san fhásach chuig Tír Tairgire an sliocht seo. Bhris ar an fhoighne ar Iosrael agus thosaíodar ag casaoid in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois de bharr an bhia agus an dí. Sampla eile é seo den mhonabhar agus an chosaoid a rinne clann Iosrael san fhásach, ach an babhta seo in aghaidh Dé chomh maith. Ghearr Dia pionós orthu le nathracha tintí, nimhneacha, nimhiúla, a bheadh comónta sa taobh sin domhain an tráth sin. Tá ar a laghad tríocha trí gnéithe éagsúla de nathracha sa Phailistín, agus roinnt mhaith díobh sin nimhiúil, nathracha nimhe. Sa Phailistin agus sa Mheán-Oirthear d’fhéacadh ar an nathair mar neach diaga, nó mar dhia, agus ba shiombail agus fíoracha iad de neacha diaga, den olc agus den torthúileacht. Mar fhíoracha den torthúileacht d’fhéadfadh siad bheith mar shiombail chomh maith den bheatha agus sláinte, agus i dtraidisiún na Gréige bhí dia na sláinte Asklepios ann, a raibh an nathair mar shiombal aige, as ar tháinig siombal na nathrach, an caduceus, mar chomhartha suaitheantais an leighis inniu. Ach le filleadh ar théacs an lae inniu – tar éis do na nathracha an chealg a chur iontu mar phionós ó Dhia, tháinig aithrí ar phobal Iosrael agus d’iarradar ar Mhaois idirghuí a dhéanamh le Dia ar a son. Dúirt Dia le Maois fíor nathair tintí (nathair nimhe) chré-umha a dhéanamh, fíor den nathair a chuir cealg iontu agus é a ardú ar chrann. Aon duine ar chuir nathair cealg ann, d’fhéacadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh. Lean cuimhne na heachtra seo faoin nathair a leigheas i dtraidisiún Iosrael. In urnaí chuig Dia dúirt údar Leabhar na hEagna (16:7) faoi chomhartha seo na nathrach: “Óir gach duine a thug a aghaidh ar an gcomhartha seo, ní tríd an rud a chonnaic sé a sábháileadh é, ach tríotsa, a Shlánaitheoir na n-uile”. Roghnaíodh téacs seo an tSeantiomna le dul le Soiscéal Aifreann an lae inniu ina dhéanann Íosa tagairt dhíreach dó.

Salm le Freagra (Salm 77[78]]). Ná déanaigí dearmad ar oibreacha Dé.

Dara Léacht (Filipigh 2:6-11). D’ísligh sé é féin. Sin é an fáth ar ardaigh Dia é os cionn cách. Oireann an léacht áirithe seo go breá do Fhéile Ardú na Croise mar go labhraíonn sé, mar a dhéanann an fhéile féin, ar ardú Chríost trína aiséiri agus a dheascabháil go deaslámh an Athar tar éis isliú agus céasadh ar an gcrois. Ina háit bhunaidh sa litir chuig na Filipigh, baineann Pól úsáid as an iomann iomráiteach seo lena aitheacs don eaglais sin a neartú faoi faoi mar ar ghlaodh orthu aithris a dhéanamh ar Íosa. Molann sé dóibh bheith ar aon aigne le chéile, gan aon rud a dhéanamh le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach a mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná iad féin, agus a bheith ar aon mheon le hÍosa Críost. Leagtar béim san iomann ar uirísle agus uirísliú Íosa, bíodh go raibh an gradam diaga aige. B’fhéidir go bhfuil an iomann ag déanamh codarsnacht idir Íosa, an Dara Ádhamh, agus an Chéad Ádhamh. An Chéad Ádhamh, bíodh gur duine daonna é, ghéill sé don chathú bheith cosúil le Dia. Íosa, biodh go raibh sé i gcló Dé (nó in aistriúchán eile “an nadúr diaga aige ó bhun”), d’fhollmhaigh sé é féin le bheith i gcló an duine, cosúil le cách, agus a bheith umhal go bás. Cuirtear críoch san iomann le ardú Chríost ag Dia os cionn cách, ní hamháin ina aiseirí agus deascabháil, ach ardú ar neamh agus ar talamh tríd an stair go hiomlán, le go ndearbhódh gach teanga gurb é Íosa Críost an Tiarna. Sin smaoineamh deas do fheile seo Ardú na Croise Naofa.

An Soiscéal (Eoin 3:13-17). Caithfear Mac an Duine a ardú. An léacht seo is cuid de aitheasc fada Íosa le Nicodaemas í. San aitheasc seo, agus in áiteanna eile i Soiscéal Eoin, déanann Íosa codarsnacht idir dhá réimse réaltachta – an ceann seo a fhéacaimid agus ceann eile neamhaí níos airde ná sin. Chomh maith leis sin, sa sliocht seo, agus in áiteanna eile sa Soiscéal seo, baintear feidhm as téarmaí a fhéadfadh tagairt a bheith acu do dhá ábhar, ceann le tagairt do chúrsaí an tsaoil seo agus tagairt eile do réaltacht níos airde. Ceann de na téarmaí sin na “ardú” – ardú na nathrach san fhásach agus ardú Íosa ar an gcrois. Nuair a thuigtear an téarma seo “ardú” ina chúlra Aramaise, agus sa soiscéal seo, d’fhéadfadh an bhrí “(an saol seo) a fhágaint”, “bás a fháil” a bheith leis, agus i ndiagacht Eoin sa Soiscéal seo ionann Críost a ardú ar an gCrois agus a ghlóiriú, glóiriú san aiséirí agus deascabháil go deaslámh an Athar, mar an Críost aiséirithe. Déanann Críost tagairt don eachtra faoi ardú na nathrach cré-umha san fhásach, a bhí mar chéad léacht againn. Leagann Íosa béim ar an fhirinne gurb é féin Mac Dé ar neamh ón síoraíocht anall a tháinig ó neamh anuas san ioncollú, ach atá i gcónaí ar neamh.Tháinig sé de réir phlean an Athar le bás a fháil ar an gcrois (“le bheith ardaithe”), chun an bheatha shíoraí, beatha abhus agus ar neamh, a thabhairt do gach duine a chreideann ann. Cuirtear béim ar ghrá Dé don domhan. Ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa Críost beatha don domhan, beatha don duine aonair.

Tá dhá cheacht le foghlaim ó léachtaí an lae inniu maidir le agallamh le ceisteanna an lae. I bhFéile Ardú seo na Croise tá Íosa ag cainnt linn in gcónaí. Ach is ón gCrois é. ardaithe ann mar nathair nimhe an fhásaigh. Tá an chéad teachtaireacht dírithe aige ar na creidmhigh, ar gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí acu. Ansin díreach ina dhiaidh sin tá teachtaireacht dírithe ar an domhan: Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh, ní chun daorbhreith a thabhairt ar an domhan ach cun go slánófaí an domhan tríd. Tháinig Íosa chun an bheatha a thabhairt agus í a thabhairt go fial.

            Is beatha don domhan, don saol, é Críost. Ní forlámhas atá i gceist ach an bheatha is dual do chlann mhac agus clann iníonacha Dé. Níor ghlac a mhuintir féin i saol a linne le Críost ná leis an teachtaireacht sin, agus is mar an gcéanna mórán le saol ár linne féin. Ní gá dúinn dul go domhain isteach sa scéal seo anseo. Tá sin déanta i Machnamh an Domhnaigh seo caite: “An Chríostaiocht agus anam an phobail”.

            Is beatha Íosa don duine aonair. Ábhar machnaimh dúinn na laethanta seo ná an méid daoine óga, fireann ach go háirithe, a mhothaíonn folús ina saol, nach bhfaigheann brí sa bheatha agus a chuireann lámh ina mbás féin. Bheadh sé doiligh fios fátha na faidhbe seo a aimsiú, ach is cinnte gur toil le hÍosa teacht ar réiteach, agus go ndéanaimis gach iarracht i liotúirge an Domhnaigh agus I slíte eile an teachtaireacht a chur trasna don aos óg agus eile go bhfuil brí agus ciall sa bheatha, agus éifeacht sa Chríostaíocht, i gcreideamh Chríost, brí agus suaimhneas aigne agus anama a thabhairt.

Recommended Articles

Leave A Comment