2 Samhain 2014 (A) Cuimhneachán na bhFíréan Uile atá Marbh
Freagra don Chreideamh leis an mBiobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
- A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
- B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Brón agus Bua ar an mBás. Na hAnamacha sa Phurgadóir i Láthair Dé
- A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Íseáia 25:6-9). Cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Sa leabhar ar a dtugaimidne Leabhar Íseáia air tá fáistiní agus bailiúcháin éagsúla de fháistiní. Ceann díobh sin an bailiúchan sna caibidil 24-27 ar a dtugtar de ghnáth “Apacailipsis Íseáia”, toisc go dtéann a bhfuil iontu thar chúrsaí reatha go heachtraí deiridh an tsaoil agus go bua agus breithiúnas deiridh Dé. Idir an chur síos ar eachtraí tá achainí agus sailm mholta Dé le fáil ann. Níl an teideal Apacailipsis beacht ar fad, ach tá gnéithe den seánra seo litríochta le fáil ann, a bheadh comónta níos déanai i Leabhar Dainéil, Zachairias 9-14, Leabhar apacrafúil Eineoc, agus Apacailipsis Eoin sa Tiomna Nua. Meastar nach féidir le Apacailipsis Íseáia bheith níos sine ná an cúigiú céad roimh Chríost. Ní foláir ná gur thug briathar Dé sna míreanna éagsúla den bhailiúchán seo treoir agus uchtach do phobal Iosrael sa tréimhse iar-dheoraíochta.
Sna míreanna díreach roimh cheann an lae inniu cuirtear síos ar threascairt an domhain trí neart Dé, agus ansin ar fhoilsiú Dé, Tiarna na Slua, mar rí ar Chnoc Síón tar éis dó a naimhde, sluaite na spéire sa spéir, agus ríthe na talún ar talamh, a chloí. Ansin beidh Tiarna na Slua mar rí in Iarúsailéim, agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí. Ina dhiaidh sin leanann iomann mholta De de bharr na n-éachtaí a rinne sé. I bhfriotal apacailipteach deirtear gur leag sé cathracha mórchúiseacha, danartha, nach luaitear a n-ainmneacha, agus gur tearmann Dia féin don dearóil, dídean ón stoirm agus scáth ón teas.
Ina dhiadh sin leanann sliocht an lae inniu, fós i bhfriotal apacailipteach. Tá Dia le ré nua a thabhairt isteach don domhan mór. Tá sé le féile, féasta, fleá, cóisir, a ullmhú, le togha gach bia agus rogha gach dí, cóisir de fheoil shaillte, agus de rogha na bhfíonta. Agus sin le haghaidh na gciníocha go léir.
Ag leanúint leis an bhfriotal apacailipteach, samhlaíotar na ciníocha uile bheith marbh, ar Chnoc Síón (“ar an sliabh seo”), iad clúdaithe le brat na marbh, faoi chaille, fial, an bhróin agus tá eisléine (taisléine) á bhfolach. Tá an bua ag an mbas ar na ciníocha, na náisiúin, uile. Ach is é namhaid Dé an Bás agus tá Dia leis an Bás a chur ar ceal go deo, agus na deora a théann leis a thriomadh. Tógfaidh sé an tarcuisne, an milleán, dá phobal Iosrael agus den domhan uile. Ní deirtear linn cérb é an tarcuisne nó milleán sin, ach sa ré nua seo beidh deireadh leis. Cuirtear seo go léir i láthair mar bhriathar Dé. “Is é an Tiarna a dúirt”.
Leanann gairdeas an phobail ar an bhfís sin. Is leis seo go léir a bhiodar ag dréim, agus feictear lámh an Tiarna ag lonnú ar Chnoc Síón, “an Sliabh seo”.
Níl aon tagairt don Meisias sa téacs seo, mar is dual do théacs ón chúigiú céad roimh Chríost. Ach is faoi ríocht Dé é, agus níos déanaí i measc na nGiúdach dearcadh air bheith ag tagairt don Mheisias, agus mar chóisir an Mheisias. Agus is mar sin atá sé mar chúlra do shoiscéal an lae inniu
Salm le Freagra (Salm 26[27]). Is é an Tiarna mo sholas agus mo shlánú
Dara Léacht (Rómhánaigh 5:5-11). Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé? Sa chaibideal díreach roimh an ceann seo leag Pól béim ar an mbun-fhírinne go bhfíréanaíotar an duine, go ndéantar cara Dé de, ní trí oibreacha seachtracha ach trí chreideamh i gCríost, trí ghrásta Dé. As sin leanann cur síos ar an slanú atá in áirithe dúinn, agus an dóchas deimhin de sin ar a bhfuil trácht air sa léacht seo. Díreach roimh léacht an lae inniu scríobh Pól: Ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus cabhraíonn deacrachtaí an tsaoil seo leis an dóchas sin a dhéanamh deimhin. As ár dtrioblóidí tagann foighne, agus díongbháilteacht ón bhfoighne, agus dóchas ón díongbháilteacht. Ansin leanann léacht an lae inniu ag meabhrú nach gcliseann an dóchas sin, agus bunús maith leis sin: grá Dé, an Spiorad Naomh a tugadh mar bhronntanas dúinn, bás Íosa ar son na bpeacaí agus na bpeacach, agus athmhuintearas bunaithe idir sinn agus Dia le bás Chríost. Bhí Pól thar a bheith dian agus cáinteach ar mhorálacht as oibreacha daonna mar bhunús do shlánú. Ach is féidir le creidmhigh bheith mórálach as fírinne eile: as Dia trí Íosa Críost a ghnóthaigh an t-athmhuintearas dúinn.
An Soiscéal (Matha 11:25-30). Cheil tú na nithe ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naionain iad. Soiscéal an lae inniu is léiriú grinn é ar rúndhiamhair Chríost, agus sin i mbriathra Chríost féin. Tá sé an-chóngarach don chur i láthair faoi Chríost atá ag Eoin sa Cheathrú Soiscéal. Foilsiú rúndiamhair Chríost, agus gaol Íosa leis an Athair atá ann, agus is fiú an sliocht a shuíomh ina chomhthéasc sa Soiscéal féin. Ní raibh sé éasca ag Eoin Baiste fiú Íosa agus a mhodh oibre a thuiscint. Bhí Eoin Baiste ag fógairt aithrí agus díbheirg Dé le teacht ar na peacaigh, ach bhí Íosa ceansa cairdiúil leo. Ón charcar, mar a raibh sé i mbraighdeanas, chuir Eoin teachtairí chuig Íosa lena fhiafraí de arb é dairíre and Té a bhí le teacht. Trí thagairtí do fháistiní cuí thug Íosa freagra, agus mar fhoirceann air dúirt sé: “Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise”, bíodh nár éirigh de shliocht na mban duine níos mó ná Eoin Baiste. Ní foláir ná gur thug sin méadú ar chreideamh Eoin Baiste ar rúndiamhair Íosa. Ach níor chreid na cathracha ina rinne sé an chuid is mó dá mhiorúiltí iontu in Íosa – Corazain, Béatsaidean agus Cafarnáum, cathracha gur thug Íosa achasán dóibh. Tugann sin go dtí an téacs seo Airinn an lae inniu sinn ina dhéantar soiléir gur gá an creideamh, agus aigne linbh, le rúndiamhair Íosa agus a ghaol leis an Athair a chreidiúint nó a thuiscint.
Toisc go bhfuil trácht le bheith ag Íosa ar fhoilsiú na rúndiamhaire, beireann sé buíochas leis an Athair dá bharr sin, de bharr gur cheil sé ábhar na rúndiamhaire ar lucht eagna agus éirime agus gur fhoilsigh sé do naoináin iad. Is comhmthéacs apacailipteach atá again. Faoi mar nár éirigh le saoíthe na Beabalóine, draoithe nó asarlaithe taibhrimh an rí Nadúcadnázar a mhíníu ach gur fhoilsigh Dia a mbrí do Dainéil é, mar an gcéanna do lucht eagna agus éirime gan creideamh. Ní naoínáin nó leanaí sa chiall seo againne atá i gceist. Ní raibh a leithéidí i measc lucht éisteachta nó lucht leanúna Íosa, nó sa luath-eaglais. Deisceabail Íosa atá i gceist. I dtéacs eile tugann Íosa “miondaoine”, “daoine beaga”, “daoine den mhuintir bheag” orthu (Matha 10:42).
Mar fhoirceann dá ndúirt sé faoi fhoilsiú na rúndiamhaire, i Soiscéal Matha tugann Íosa cuireadh teacht chuige le faoiseamh a fháil. Tagtar go hÍosa, ar ndóigh, le creideamh ann féin agus sa rúndiamhair maidir leis an ghaol idir é féin agus an Athair, gaol a roinneann sé go fial le creidmhigh. D’fhéach traidisiún eagna na nGiúdach ar Dlí Maois mar chuing, ní sa chiall gur daoirse é ach gur thug sé, i chiall leathan an fhocail, treoir don bheatha dhaonna. Labhraíonn Íosa ar a phearsa agus ar a theagasc mar chuing, agus air féin, i slí mar mháistir scoile, máistir atá ceansa agus umhail. Is léir an meid sin óna bheatha phoiblí, agus a chaidreamh le peacaigh agus daoine san imeall. Deir sé go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach éadrom. Tá seo le tuiscint i gcúlra an chreidimh agus rúndiamhair phearsa Íosa. Dóibh siúd nach bhfuil creideamh acu, agus aithne phearsanta ar Íosa, is trom agus do-iompair an chuing sin. Ábhar machnaimh dúinn anseo.
- B.Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Brón agus Bua ar an mBás. Na hAnamacha sa Phurgadóir i Láthair Dé.
Tugann an lá atá inniu againn, agus leachtaí an liotúirge, ábhar machnaimh ar fhírinní faoi leith: bua Íosa ar an mbás agus deabhóid do na hanamacha sa phurgadóir.
Brón agus bua ar an mBás. Ábhar bróin i gcónaí an bás, bás an duine aoinair, bás gan ceannlitir agus an Bás ann féin, Bás le ceannlitir, Bás mar chumhacht phearsantaithe. Is fuath le Dia an Bás, Bás le ceannlitir. Deir Leabhar na hEagna nárbh é Dia a chruthaigh an Bás, ach gur trí éad an diabail a tháinig ann dó. Tá an chéad léacht inniu ag féachaint ar aghaidh chuig an lá ina chuirfidh Dia an Bás ar ceal, agus ina mbeidh ré nua athmhuintearais idir Dhia agus an cine daonna.
An Purgadóir i gcreideamh na hEaglaise. Is cuid de chreideamh na hEaglaise gur ann don Phurgadóir, staid idirmheánach idir an bhás agus glóir na bhflaitheas, radharc na Trionóide, do na fíréin, iad sin a gheibheann bás i ghrasta Dé. Tá dhá fhírinne bunúsacha san alt creidimh seo: is ann don staid idirmheánach seo, agus is féidir leis na creidmhigh lena mbeo sa saol seo teacht i gcabhair ar na hanamacha ann lena gcuid urnaithe, gníomhartha carthanachta agus eile. Is iomaí sin cur síos a bhí, agus atá, ar an staid idirmheánanach seo, ach ní mór teora a chur leis an tsamhlaíoche san ábhar.
Cairde Dé iad na hanamacha sa Phurgadóir. Is minic a chuirtear síos ar phianta na n-anamacha sa Phurgadóir. Pian amháin a bheadh acu ná bheith feasach faoin easpa naofachta atá acu, agus an gá le glanadh ó na peacaí agus laigí daonna a bhí acu sula a leigfear isteach do radharc na Trionóide iad. Is is cinnte gur mór an sólas dóibh go bhfuilid slánaithe, i ngrá Dé, ag feitheamh le radharc na Trionóide.
Rúndiamhair ceilte ar lucht eagna agus eirime. Sin mar ar chuir Íosa féin síos orthu siúd nár ghlac lena theachtaireacht. Scríobh Pól faoin ábhar céanna. Is fíor sin faoi rúndiamnhair na hEaglaise féin, inniu agus in aon aois. Is fíor freisin faoi chreideamh sa saol eile, radharc na Trionóide ar neamh, agus an Purgadóir mar staid idirmheánach. Thóg sé tréimhse fhada i stair na hEaglaise le teacht ar an dteagasc faoi mar atá sé againn inniu, ach glacaimid le creideamh é agus guímid go rialta, agus i ngach Aifreann, ar son anamacha na marbh, agus i slí faoi leith inniu i gCuimhneachán seo na bhFíréan Uile atá marbh.