9 Samhain 2014 (A) Coisreacan Bhaisleach an Latarain
Freagra don Chreideamh leis an mBiobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teampall Dé an Eaglais, sinne, agus is naofa an teampall sin.
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezícéal 47:1-2, 8-9, 12). Bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill.  Sagart agus fáidh ab ea Ezícéal, agus is dócha go raibh sé ag feidhmiú sa Teampall in Iarúsailéim sul ar tugadh mar dheoraí chuig an Bhaibealóin é sa bhliain 597 roimh Chríost. Bhí an Teampall, agus naofacht Dé ar sheas sé dí, lárnach do mheon agus spioradáltacht Ezícéal.  I gcroílár chreideamh Iosrael bhí láithreacht Dé, an tuiscint go raibh Dia Uilechumhachtach i gcaidreamh leo mar phobal, i láthair dóibh. Bhí sé i láthair ina bhriathar sa chonradh agus trí na fáithe. Bhí sé i láthair i shlí faoi faoi leith sa Taibearnacal, sa bhoth agus sa Teampall, i láthair sa teampall san Áit Ró-Naofa. Ní fhéadfaí láithreacht Dé a scaradh ó naofacht agus gach a dúirt an focal seo. Bhí a ghlóir ag lonnú sa Teampall, agus ionann glóir Dé agus a naofacht agus a láithreacht lena phobal. Bhí baol ag baint le rud tadhaill mar an Teampall agus láithreacht agus glóir  Dhé dhofheicthe, baol ar cuireadh Iosrael san airdeal faoi sa Bhíobla. Bhain an Teampall leis an rí, le poilitíocht chomh maith le adhradh Dé. Ba chóir go mbeadh an Teampall mar chomhartha do naofacht Dé, ach ní gá gur mar sin a bhí i gcónaí. Le linn ne tréimhse deiridh roimh threascairt na cathrach bhí brú ag teacht go láidir ón phagántacht. Sa Bhaibealóin dó le seanóirí Iúda thug Spiorad Dé Ezícéal i bhfís  le cúrsaí sa Teampall a fheiscint. Bhí an Teampall truaillithe ar fad, le scrínte fiú do dhéithe bréige istigh ann, le adhradh an dé Osiris, an dé Suméra-Acadach na Measpatáime Tamuz, agus dia Éigipteach na gréine. Ní fhéadfadh láithreacht Dé, glóir Dé,  fanúint i dTeampall mar sin. Téarmaí lárnacha i Leabhar an fháidh seo ná na focal “glóir Dé”, Baineann sé úsáid astu naoi uair déag. Feicenn Ezícéal glóir Dé ag tréigean an Teampaill agus ag gabháil soir le bheith leis na deoraithe ss Bhaibealoin. Is as na deoraithe sin a eascróidh pobal nua Dé sa Phailistin tar éis na deoraíochta. Tar éis threascairt Iarúsailéim agus an Teampaill  tá fís eile ag an bhfáidh faoi phobal Iúda agus go mór mór an Teampall.  Tá fís aige faoin dTeampall nua atá le tógáil agus glóir Dé ag filleadh ar an dTeampall sin. Is cuid den fhís seo léacht an lae inniu agus an fháistine faoin uisce ag sceitheadh amach ón Teampall, fáistine atá ag teacht leis an gceann in Ióéil 3:18, Zacairiá 14:8 agus Apacailipsis Eoin 22.  Ní mór a bhfuil san fhís seo a ghlacadh go samhaltach. Beidh an t-uisce ag sceitheadh soir ón Teampall amach go dtí an Arabá, sin an gleann ó dheas den Mhuir Mharbh. Beidh sé ag gabháil tríd an fhásach agus ag tabhairt toraidh leis i ngach áit.
Téann an léacht seo, an fháistine seo, go breá le léachtaí agus liotuirge an lae inniu: Íosa an Teampall nua agus is Teampall naofa Dé an eaglais.
Salm le Freagra (Salm 45[46]). Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde
Dara Léacht (1 Coirintigh 3:9-11, 16-17). Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh. Sa litir seo baineann Pól úsáid as iomhánna éagsúla le nádúr an phobail Chríostaí, nádúr na heaglaise, a léiriu. Ceann díobh ná foirgneamh, an pobal sin agus an eaglais mar fhoirgneamh. Fírinne thar a bheith soileir ná gurb é Íosa Críost bunsraith an fhoirgnimh. Is ar an mbunsraith sin, Íosa Críost, a thógtar an foirgneamh, cúrsa ar chúrsa, glúin tar éis glúine. Rinne Pól a chuid féin ach mar dhuine, ardsaor, a thuig naofacht na heaglaise. Bhí an baol ann go ndéanfaí dearmad níos déanaí ar an naofacht is dual don eaglais. Tá an eaglais naofa. Faoi mar a bhí glóir Dé ag lonnú sa Teampall in Iarúsailéim, tá Spiorad Dé ag lonnú i gCríostaithe, san Eaglais. Is foirgneamh Dé, Teampall Dé iad Críostaithe, agus tá sé thar a bheith tromchúiseach dochar a dhéanamh don Eaglais, do Theampall, Dé. Is tráthúil an rabhadh é seo don Eaglais in aon aois.

An Soiscéal (Eoin 2:13-22).  Ach ar theampall a choirp a bhí sé ag labhairt.  Tá an chéad chuid den léacht seo ag cur síos ar thuras Íosa go dtí an Cháisc agus an Teampall, ina raibh na sluaite bailithe agus íobairti thar an ghnáth á n-ofráil. Do na híobairtí bheadh beithígh á ndíol, agus bheadh gá le lucht airgid a mhalartú leis an airgead Rómhánanch a mhalartú go hairgead Giúdach. Bhí an Teampall á athtrú go margadh, rud tadhaill á dhéanamh de Theampall gur chóir dó bheith ina chomhartha agus ina shamhail de ghlóir Dé.  Bhí aidhm an Teampaill caillte arís agus thug sin ar Íosa feidhmiú mar a rinne sé – an duine mín séimh ag cur an ruaig ar lucht díolta agus malarta. Níos déanaí, sa luatheaglais, thuig lucht leanúna Chríost go raibh seo ag teacht le véarsa de shalm (Salm 68[69]) inar chonacthas alán fáistiní faoi Íosa.
Mar fhreagra ar cheist na nGiúdach faoi chomhartha, d’fhreagair Íosa go dtógfadh sé suas an Teampall, dá leagfsaí é, i dtrí lá. Maidir le tagairt na nGiúdach go raibh an Teampall á thogáil sé bliana agus daichead, cóiriú an Teampaill ag  an Rí Héaród sa bhliain 20-19 roimh Chríost atá i gceist. Thógadh sin go dtí an bhliain 27-28 sinn. Thuig na deisceabail tar éis aiséirí Chríost gur ar theampall a choirp a bhí Íosa ag labhairt. Is é an Teampall Nua é corp Chríost aiséirithe, agus is í an Eaglais an Teampall sin.
B. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teampall Dé an Eaglais, sinne, agus is naofa an teampall sin.
Tá  ceachtanna simplí ag léachtaí an lae inniu dúinn. Is mór an rud  é gur toil leis an Dia dofheicthe, Uilechumhachtach, teacht i gcaidreamh linn. Is í an naofacht féin é  agus ní mór dá phobal ar thalamh, ar an saol seo, bheith san airdeal gan dearmad a dhéanamh ar a thromchúisi is atá sé ar ghairm na heaglaise chun naofachta. Is ró-easca do cheannairí na heaglaise, agus do bhaill na heaglaise, glacadh leis an eaglais mar  eagras daonna, ina dtagaimid ar an saol agus ina mhairimid gan an gné, an tomhas, osnádurtha di a choimeád os comhair ár súl. Ní féidir cur lena bhfuil sa dara léacht agus sa soiscéal. Is é teampall Dé an eaglais, sinne, agus tá Spiorad Dé ag lonnú i  gcroíthe na bhfíréan. Má dhéantar dearmad ar sin, agus má bhíonn scannail san eaglais, nochfar iad ag Dia sa deireadh thiar.  Tá an méid sin á fhoghlaim againn na laethanta seo.

Recommended Articles

Leave A Comment