Aibreán 26 2015 Ceathrú Domhnach den Cháisc
Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Tugann Íosa an sáraoire aire dá chaoirigh. Urnaí ar son gairmecha.
A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)
Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 4:8-12). Níl slánú i neach ar bith eile. Cabhair dúinn a mheabhrú gur cuid an léacht seo de mhír níos faide de Ghníomhartha na nAspal (Gníomhartha 3:1-4:22) ar leigheas mairtínigh as broinn a mháthar a rinne Peadar ag geata an Teampaill. Bhí an mairtíneach ag lorg déirce. Stán Peadar agus an t-aspal Eoin ar an mairtíneach agus dúirt Peadar: “Nil ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é; in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil”. Leigheasadh an mairtíneach. Bhí na haspail ag cur i bhfeidhm an chumhacht a thug Íosa dóibh nuair a thug sé don Dáréag cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas (Lúcás 9:1), Thug an mhiorúilt aithne do na haspail agus bhaineadar úsáid as le aiséirí Íosa, “údar na beatha” mar ar thug Peadar air, a fhógairt do na Giúdaigh. Ba é creideamh in údar seo na beatha ba chúis leis an aiseag sláinte don duine tinn. Mórán a bhí ag éisteacht le teachtaireacht Pheadair chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mile fear acu ann. Rinne ceannairí an Teampaill Peadar agus Eoin a ghabháil agus ceistíodh iad: “Cén chumhacht nó cén t-ainm ina ndearna sibh an ní seo?” Tugann léacht an lae inniu freagra Pheadair, faoi threoir ab Spioraid Naoimh. Is sampla eile an léacht seo de sheanmóireacht na luatheaglaise in Iarúsailéim agus in áiteanna eile, go háirithe nuair is ar Ghiúdaigh a bhí an teachtaireacht dírithe. Ní mór don Eaglais agus dá seanmóireacht in aois ar bith bheith lán de mhuinín i gcumhacht an Spioraid Naoimh, muinín aici go bhfuil sí ag leanúint ar aghaidh le beart slánaithe Chríost aiséirithe, “Údar na Beatha”.
Salm le Freagra (Salm 117[118]). An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne de.
Dara Léacht (1 Eoin 3:1-2). Feicimid Dia mar atá sé. Sa léacht seo tá téamaí atá ar fáil go minic sa Chéad Litir seo le Naomh Eoin agus i Shoiscéal Eoin chomh maith. Ceann díobh seo ná “an saol”, agus is é is brí leis an téarma seo sa litríocht seo ná iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht Íosa nó atá ina naimhde di. An comhluadar Críostaí, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann sé síos air, ionann é agus buíon creidmheach atá daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh atá ag lonnú iontu. Déanann an teagasc Criostaí atá faighte acu agus an deimhneacht láidir cinnte iad nach amhlaidh amháin go nglaotar clann Dé díobh ach gur clann Dé dáiríre iad, creideamh agus deimhneacht nach féidir a bheith ag daoine taobh amuigh, pé acu tugtar “an saol” nó ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia dúinn cheana féin sa saol seo. Tríd an gcreideamh is féidir Íosa a “fheiceáil” cheana féin mar an Tiarna aiséirithe, agus Mac Dé. Ach tá súil ar aghaidh cheana féin ag creidmhigh ar an lá sin thar an saol tadhail seo ina fheicfidh siad Dia díreach mar atá sé.
Soiscéal (Eoin 10:11-18). Tugann an t-aoire maith a bheatha ar son a chaorach. In Iosrael agus sa Mheán Oirthear go coitianta thuigfí go héasca na híomhánna de chró na gcaorach agus den aoire. Glaodh aoirí ar ríthe, prionsaí agus daoine eile go raibh cúram an phobail orthu. Sa Salm iomráiteach 22/23 tugtar aoire ar Dhia féin. “Is é an Tiarna m’aoire”. Bhí de thoradh ar thubaiste dheoraíocht na Baibealóine gur fhéacadh ar “aoirí” Iosrael mar dhaoine faillítheacha, nár rinne cúram cuí dá dtread, agus gheall Dia tríd an fháidh Eizicéil (Eizicéil 34:11-31) go mbeadh sé féin anois mar aoire dá phobal, ach ag geallúint chomh maith: “Cuirfidh mé aon tréadaí amháin i gceannas, is é sin mo sheirbhíseach Dáiví, agus beathóidh sé iad” (Eizicéil 34:23). I sliocht fada de Shoiscéal Eoin (Eoin 9:39-10:21) labhraíonn Íosa faoi féin mar an t-aoire seo ag baint úsáide as íomhánna éagsúla chuige sin: é féin mar gheata, é féin mar dhoras, daoine eile ar chuma aoirí gur bithiúnaigh, robálaithe, fostúigh iad, nach dtagann tríd an doras isteach, ach thar falla. In aitheasc Íosa tá tagairt aige do chaoirigh eile nach dá chró i gceart iad, agus nach foláir dó iad a thabhairt chomh maith agus go n-eistfeadh siad lena ghlór agus go mbeadh aon tréad amháin ann agus aon aoire amháin. Deir Eoin Soiscéalaí linn go raibh aighneas agus easaontas i measc lucht éisteachta Giudach Íosa de bharr an aithisc seo, alán acu á rá: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad ab áil libh a bheith ag éisteacht leis?” Nuair a bhí Eoin ag cur a shoiscéil le chéile seans go raibh sé ag machnamh ar an easaontas a bhí ann taobh istigh dá thionól eaglasta féin maidir le pointí láir creidimh. Ní dochar tabhairt chun cuimhne chomh maith an beart a rinne an t-aoire fónta Íosa tar éis aiséirí dó nuair a ainmnigh sé Peadar mar aoire lena chaoirigh a chothú (Eoin 21:15-17). Le filleadh anois ar léacht an lae inniu, is léir uaidh an grá thar chuimse a bhí ag Íosa ar a thréad, ar a chuid féin, iad sin a chreid ann cheana agus iad siúd nárb chuid dá thréad fós iad. B’aidhm dá bhriathra céaduair ná léiriú a thabhairt ar cad ba cheannaireacht chuí in ainm Dé ann. Níorb shampla di na Fairistínigh ná ceannairí creidimh eile na tréimhse sin, ach Íosa féin amháin. Tugann léacht an lae inniu, agus aitheasc iomlán Íosa, léargas uasal dúinn ar Íosa mar an tAoire Maith, an Sáraoire. Ag machnamh dúinn ar easaontas creidimh an lae inniu, agus na nglún a imigh romhainn, tugann an léacht seo cuireadh dúinn urnaí a chur suas chun Dé go dtiocfaidh fíorú ar an bhfis: aon chró amháin faoin aon Aoire amháin Íosa Críost.
B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Tugann Íosa an sáraoire aire dá chaoirigh. Urnaí ar son gairmecha.
1. I liotúirge an lae inniu tiomnaíotar an Domhnach áirithe seo do “Lá domhanda don úrnaí ar son gairmeacha”.Ní fada ó shoin go raibh teideal eile aige: “Domhnach an tSáraoire”. Agus is don téama seo, Íosa an Sáraoire, atá soiscéil na bliana seo, agus den dhá bhliain eile den tsraith thrí bliain roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh maith. Tá na léachtaí don soiscéal tógtha as chur síos Íosa air féin mar an Sáraoire in Eoin caibideal 10. Ach is féidir an dá théama Íosa mar Sháraoire agus urnaí do ghairmeacha a nascadh le chéile go héasca. Ní thuigtear Íosa mar Aoire gan chreideamh, ná glaoch chun seirbhíse dó gan urnai.
2. Tá an creideamh lárnach don chaidreamh idir Íosa mar Aoire agus baill den tréad sin. Leag Íosa féin béim ar sin. Dúirt sé lena a chomhaimsirigh nár chreid siad ann toisc nárb bhaill dá thréad iad. Tá sin cosúil lena dúirt sé faoin féin mar arán na beatha: “Ní féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair” (Eoin 6:65).
3. Leagann Íosa béim ar an fhírinne seo, mar a dhéanann Pól níos déanaí: Ní féidir le haon rud, deacracht, fadhbanna, géarleaniúnt nó eile, ball de thréad Íosa a scaradh uaidh. Beidh Íosa féin agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an lá atá inniu ann: is iomaí sin bac agus deacracht atá ann don chreideamh ón taobh istigh agus ón taobh amuigh: laigeachtaí agus scannail san eaglais; gluaiseacht agus brú i gcoinne an chreidimh san eaglais agus i nDia féin, agus a thuilleadh eile nach iad.
4. Tugann sin go dtí an pointe deiridh sinn: urnaí do ghairmeacha san eaglais. Is é Íosa féin a dúirt linn: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhair” (Matha 9:37-38). Tá gairmeacha de shaghasanna éagsúla de dhith: don sagartacht agus don bheatha rialta, ach chomh maith céanna le go mbeadh meitheal chuí ann a oirfeadh do fhadhbanna an lae inniu – daoine a bhfuil cumas acu sna heolaíochtai, sa litríocht, sna healaíona, sna meáin, agus i ngach gné den saol inar gá fianaise a thabhairt don Sáraoire, don Té arb é an tslí, an fhírinne agus an bheatha.