Bealtaine 31 2015 Sollúntas na Trionoide Rónaofa (B)

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae:

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Deotranaimí 4:32-34, 39-40). Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é. I Leabhar Deotranaimí is cuid de aitheasc Mhaois do na hIosraelítigh sul a ngabhann siad isteach sa tír tairmngire léacht an lae inniu. Meabhraíonn sé dóibh faoi mar ba chóir dóibh bheith dílis don fhoilsiú a fuaireadar ón Aon Fhíor-Dhia i Horeb (Sinai), agus an ildiachas náireach ann a sheachaint maraon leis an iompar mímhorálach a ghabh leis. Ba chóir dóibh tabhairt chun cuimhne, ón dtraidisiún a bhí acu, na nithe móra a rinne an Tiarna dóibh. Ba eiseann an tAon Dia amháin ar neamh thuas, ach chomh maith leis sin ar talamh, lena phobal. Ba Dhia beo gníomhach é, a roghnaigh a phobal féin Iosrael, a labhair leo trína bhriathar, bíodh gur Dia dofheicthe é. Thogh sé iad le go mbeidis ina bhfinnéithe dó ar talamh, le maireachtáil mar a phobal agus ag coimeád a aitheanta.

Salm le Freagra (Salm 32[33]). Is méaner don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin.

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:14-17). Fuair sibh spiorad na clainne trína glaoimid Abba nó Athair ar Dhia. Roghnaíodh an téacs seo do liotúirge an lae inniu, Sollúntas na Trionóide Rónaofa, de bhrí go léiríonn sé cé chomh gafa is atá gach ceann de thrí phearsa na Trionóide i mbeatha gach creidmhigh aonair, gach Críostaí aonair, agus i mbeatha an phobail Chríostaí. Tá an Trionóid Naofa, agus gach pearsa faoi leith den Trionóid, gníomhach, ag tabhairt gach creidmheach faoi leith agus an Eaglais Chríostaí chun tuisceana den dínit atá acu agus den aontacht atá ann eatorthu mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé. Tosaíonn an téacs le fírinne bhunúsach: ní ann do fhíor-bheatha Chríostaí muna bhfuil sí faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Tugann seilbh an Spioraid Naoimh ón bhaisteadh i leith don Chríostaí féintuiscint agus dásacht Chríostaí, tuiscint gur clann Dé iad agus misneach agus easpa eagla a thugann orthu a thuiscint gur Athair dóibh Dia agus chun glaoch air mar Athair, “Abba, a Athair”—Abba an focal Airimise ar “athair”, focal ar bhain Íosa féin úsáid as i Geitséamaini (Marcas 14:36). Ag an Aifreann, roimh an Ár nAthair deirimid gur de bharr an tsampla agus teagaisc Dé é go bhfuil de mhisneach againn glaoch ar Dhia mar “Ár nAthair” . Déanann an Spiorad Naomh, mar sin, feasach sinn go bhfuil Dia mar athair grámhar againn, agus Íosa Críost, Dara Pearsa na Trionóid Naofa, againn mar bhráthair. Mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé is oidhrí sinn do ghealltanais uile Dé agus don ríocht, agus mar bhráithre agus mar shiúraca Chríost. Tá sé i ndán dúinn bheith páirteach i nglóir Chríost, ach ionann sin is a rá beatha aontaithe le Críost a chaitheamh, bheith páirteach leis sna deacrachtaí a ghabhann le fianaise a thabhairt dó – amanta i saol naimhdeach dó.

Soiscéal (Matha 28:16-20). Déanaigí iad a bhaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus

an Spioraid Naoimh. Seo é an radharc deiridh i Soiscéal Mhatha, agus sa Ghailíl. Suíonn soiscéal céanna seo Mhatha tús sheanmóireacht Íosa i “Gailíl na gCiníocha” (Matha 4:12-16). Sa tsli ón Suipéar Déanach go Geitséamaini dúirt Íosa lena dheisceabail go raibh sé le dul rompu go dtí an Ghailíl tar éis éiri dó ó mhairbh (Matha 26:32; Marcas 14:28). Tar éis an aiséiri dúirt an t-aingeal ag an dtuama le Máire Mhaigdiléana agus leis an mná eile go raibh Íosa éirithe ó na mairbh agus go rachadh sé rompu go dtí an Ghailil, áit a bhfeicidis é (Matha 28:7; Marcas 16:7; feic freisin Lúcás 24:8). Críochníonn Soiscéal Mhatha le taispeáint Íosa dá dheisceabail sa Ghailíl agus leis an údarú a thug sé dóibh deisceabail a dhéanamh de na náisiúin uile. Roghnaíodh an léacht seo do liotúirge an lae inniu, Sollúntas na Trionóide Rónaofa, toisc an tagairt atá ann na deisceabail nua a bhaisteadh in ainm na Trionóide Rónaofa, Athair, Mac agus Spiorad Naomh. An tréidhe seo Athair, Mac agus Spiorad, ag baint leis an mbaisteadh, tugann sé chun cuimhne an radharc ag baisteadh Íosa féin (Matha 3:3-17) mar a thagann guth óna flaithis (Athair), ag caint maidir lena Mhac Ionúin (Mac) agus an Spiorad a thuirling (Matha 3:16-17; Marcas 1:9-19).

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Rúndiamhair na Tríonóide agus rúndiamhair na hEaglaise

Ceiliúraimid inniu féile na Tríonóide Naofa nó mar a thugtar uirthi go hoifigiúil Solúntas na Tríonóide Rónaofa. I slí is rud teibí an Tríonóid. Ar éigin go gcloisimid riamh faoi dheabhóid don Tríonóid Naofa. Ach dáiríre is í an rúndiamhair is mó agus is doimhne de na rúndiamhra Críostaí í an Tríonóid. Thóg sé na céadta bliain, le earráidí, eiriceachtaí agus leis an teagasc a chur i ndroch-fhoirmlí, le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirmlí faoin rúndiamhair seo atá againn inniu. An creideamh sa Tríonóid is creideamh é in aon Dia amháin i dtrí phearsa. Mar a cuirtear an teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (altanna 253-260), is Aon an Tríonóid. “Ní admhaimid trí déithe ach aon Dia amháin i dtrí phearsa, an ‘Tríonóid chomhshubstainteach’”. Ní roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amháin eatorthu, ach is Dia go hiomlán gach ceann díobh. Tá na pearsana diaga sin go hiomlán idirdhealaithe óna chéile.

            Tá sin go léir sáthach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint níos fearr dúinn faoi cad tá i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt tárlu taobh istigh den chreideamh Giúdach ar an aondiachas, monodiachas, is é sin le rá níl ann ach an t-aon Dia amháin. Sa Tiomna Nua, agus sa Ghiúdachas chomh maith, d’fhéadfaí “Athair” a thabhairt ar an Dia sin. Ansin tháinig Íosa agus d’fhógair sé teacht ríocht Dé. Uair amháin chuir sé ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobail faoi, agus faoína dtuairim féin. Thar cheann an Dáréag d’fhreagair Peadar gur mheasadar gurb é an Meisias (an Críost) é (Marcas; Lúcás, “Críost Dé”; Matha, “Críost Mac Dé Bheo”). D’oscail an t-aiséirí agus a lean é ré nua i gcreideamh na gCríostaíthe. Ba mhó ná duine daonna Íosa anois dóibh. Bhí sé ina shuí ar dheis Dé mar Thiarna, is é sin le rá an té a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh chéad thosaigh na Críostaíochta bhí adhradh á thabhairt do Chríost mar Dhia, mar is soiléir ó chaibideal tosaigh shoiscéal Eoin: “Ar dtús bhí an Briathar ann … agus ba é Dia an Briathar … Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna agus chónaigh sé inár measc”.   Gheall Íosa go gcuirfeadh sé an Spiorad Naomh, an Paraicléid, an tAbhcóid, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathrú céad cuireadh Cré Nicé le chéile chun adhradh gach ceann de na trí phearsa a léiriú, taobh istigh den dílseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amháin. Theip ar Athracha na hEaglaise téarmaí cuí a fháil sa Bhíobla lena gcreideamh in Íosa a léiriú agus bhaineadar úsáid as téarmaí reatha i bhfealsúnacht na Gréige: “comhshubstainteach leis an Athair”. Tá an Chré sin againn i gcónaí.

            Sin an teagasc atá teibí go leor, agus b’fhéidir do dhaoine áirithe leamh go leor chomh maith. Ach ní mar sin don rúndiamhair féin. Léiriú í sin gur fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige dúinn. Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i leachtaí an lae inniu. Tá beatha inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir den bheatha Chríostaí san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh imeacht den saol seo dó (Eoin 17:20-24): “Ní ar a son sin amháin atáim ag guí, ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar, ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mise … A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom, mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain”. Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na h-onóra sin i rúndiamháir na hEaglaise. Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar rúndiamhair, Corp Chríost, a bhfuil an Spiorad Naofa á stiúradh. Tá glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Trionóid Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghrá Dé, tobar na beatha.

 

Recommended Articles

Leave A Comment