28 Meitheamh 2015 (B) An Tríú Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí. Tionchar na hEaglaise Caitlicí i saol an phobail?Ní foláir go gcloisfí guth na hEaglaise.

Céad Léacht (Eagna 1:13-15; 2:23-24). Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol. Déanfar an léacht seo a thuiscint níos fearr má shuíotar í taobh istigh dena chomhthéacs agus d’aidhm Leabhar na hEagna go hiomlán, agus ina chomhthéacs féin sa Leabhar seo. Cumadh Leabhar na hEagna i nGréigis i gCathair Alastair na hÉigipte, agus sa dara cuid den chéad aois roimh Chríost, cumtha ag Giúdach a bhí tumtha i gcreideamh agus i léann na hEagna a phobail féin. Bhí pobal láidir Giúdach i gCathair Alastair. Bhí údar an tsaothair seo ag scriobh go príomhúil dá chomhGhiúdaigh a raibh a gcreideamh suaite go mór ag an tarraingt a bhí ag ardchultúr Chathair Alastair, a raibh iomrá uirthi faoi na córais taibhseacha fealsúnachta a bhí aici, mar aon leis an dul chun cinn in eolaíochtaí an nádúir as a raibh sé an-mhórtasach, aithne mhaith uirthi faoina reiligiúin mhistéire agus na cultais mhealtacha ar a raibh tóir orthu. Leis an dul chun cinn seo san eolaíocht agus sa chultúr chuaigh séanadh fóirleatach go raibh aon réaltacht ann thar a fhéadfadh na céadfaí a bhraithstint. Tá briathra na bpagánach a chuireann an creideamh sin naimhdeach do Giúdachas ar aghaidh le fáil go soiléir i sliocht sa leabhar seo a thagann go díreach tar éis léacht an lae inniu (Eagna 1:16-2:5). Seo iad a gcuid tuairmí:

Ach ghlaoigh daoine aindiaga an bás chucu lena ngníomhartha agus lena mbriathra araon. Cheap siad gurbh é a gcara é agus bhíodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh; rinne siad conradh leis, ar is iad atá oiriúnach le bheith i bpáirt leis. De dheasca a gclaonmhachnaimh dúirt siad le chéile: “Is gairid dobrónach é ár saol; agus nuair a bhíonn an bás ag teannadh leis an duine ní bhíonn aon leigheas aige air; ná ní fios ar fhill aon duine ó ifreann riamh. Óir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am atá le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an anáil atá in ár bpolláirí agus níl inár réasún ach spréach a ghineann bualadh ár gcroí. Nuair a mhúchfar í, déanfar luaith dár gcorp agus scaipfear anáil na beatha ar nós an aeir neamhsheasmhaigh. Le himeacht aimsire ligfear ár n-ainm i ndearmad agus ní chuimhneoidh aon duine ar ár ngníomhartha. Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nós dhlaíóg dheiridh scamaill, agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíocht ag gathanna na gréine agus á chloí ag an teas. Go deimhin níl inár mbeatha ach scáth a ghluaiseann thart; agus ní féidir ár mbás a chur ar gcúl, mar tá séala curtha air; agus níl aon duine a fhilleann ar ais”.

Scríobh údar an leabhair seo, agus súil aige chomh maith ar léitheoirí pagánacha, lena chomhchreidmhigh Ghiúdacha a neartú ina gcreideamh. Ba mhian leis a chur in iúl dóibh nach raibh aon chúis acu eagla a bheith orthu ag eascair óna tuairmí nua eolaíochta agus creidimh, nó easpa creidimh, den chultúr máguaird. D’fhéadfadh a dtraidisiún Giúdach féin, agus a gcreideamh i nDia Beo Iosrael, aghaidh a thabhairt ar aon bholscaireacht fhrithchreidimh. Bhí léargas den saol seo agus de shaol eile ag an creideamh i nDia Beo Iosrael, cruthaitheoir na cruinne agus gach a bhfuil inti. Cruthaíodh gach a bhfuil ar domhan ag Dia agus tá siad go han-mhaith. Ni féidir an bua a bheith ag cumhacht an oilc, nó ag aon fhórsai atá in éadan Dé, agus ní bheidh an bua acu. Agus mar bhuaic agus mar lárphointe ar gach a chruthaigh Dia tá an duine daonna, gur dán dó an bheatha go hiomlán, abhus agus sa saol eile. Sa deireadh thiar ní bheidh an ceann is fearr ag aon ghluaiseacht in éadan Dé, ag an olc; is ó éad Shátain, ó éad an diabhail, iad.

Salm le Freagra (Salm 29[30]). Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé;

Dara Léacht (2 Coirinthigh 8:7,9, 13-15). An fuílleach atá anois agaibhse, coinneoidh sé riar a gcáis leis na bráithre bochta. Tógtha leis féin amháin, d’fhéadfadh léacht seo an lae inniu bheith deacair le tuiscint do roinnt áirithe den lucht éisteachta. A mhalairt atá ann má léitear í ina a comhthéacs sa litir seo. Tagann sliocht an lae inniu taobh istigh de chomhthéacs níos leithne na litreach seo 2 Coirintigh 8:1-9:15 ina bhfuil Pól ag labhairt ar bhailiúchán airgid atá á dhéanamh aige ina cuid eaglaisí sa Ghréig le cabhair a thabairt don phobal Críostaí in Iaúsaiuléim, atá beo bocht. Leag sé béim mhór ar an mbailiúchán seo. I gCoirint d’fhéadfadh sé go raibh an bailiúchán curtha ar fionraí ar feadh tamaill de bharr easaontas éigin idir baill na heaglaise sin agus Pól féin, ach bhí sé tosaithe arís nuair a scríobhann sé. I sliocht an lae inniu spreagann Pól iad tabhairt chomh fial agus is féidir leo. Molann sé a suáilcí iomadúla, á rá gur féidir leo cur leo sin anois le saothar carthanachta le cabhair airgid a thabhairt don bhailiúchán. Meabhraíonn sé sampla Chríost dóibh, a rinneadh bocht trína ioncollú, le bheith cosúil linn féin, agus sinn a dhéanamh saibhir trína bhochtanas. Níl Pól ag iarraidh orthu tabhairt thar is achmainn dóibh, ach bronnadh as an bhflúirse atá acu (“an fuílleach atá anois agaibh”). De réir dealraimh bhí cúrsaí airgid níos fearr san eaglais i gCoirint ná in eaglaisi eile Phóil.

An Soiscéal (Marcas 5:21-43). A chailín bhig, deirim leat éirigh! Sa léacht seo tugann Marcas cuntas ar dhá mhiorúilt de chuid Íosa, ceann maidir le iníon Iáras agus an ceann eile faoi bhean a raibh rith fola aici ar feadh i bhfad. Tá cuntas na chéad mhíorúilte roinnte ina dhá chuid agus idir an dá chuid suíonn Marcas isteach, mar a dhéanann sé in áiteanna eile (teicníc an cheapaire mar a thugtar air), an dara míorúilt. Tosaíonn Marcas lena mheabhrú dúinn gur tharla na heachtraí seo tar éis do Íosa filleadh ón dtaobh eile den loch, is é sin le rá ón dtaobh thoir, an chríoch phagánach, go dtí an taobh thiar agus Giúdach. Ina chuntas faoin dá mhíorúilt luann Marcas go raibh creideamh i gceist, roimh an mhíorúilt, agus ní dá barr. Is nós le Marcas a lua nár rinne Íosa míorúiltí ach mar a raibh creideamh. Faoi mar atá i gclaochlú Íosa, tógann Íosa an triúr deisceabal Peadar, Séamas agus Eoin mar fhinnéithe don mhíorúilt. Coimeádann Marcas, a scríobhann as Gréigis, na focail Araimise ar bhain Íosa úsáid astu: Talita cúm, “A chailín bhig, deirim leat éirigh”.

Maidir leis an mhíorúilt eile den bhean a raibh rith fola aici, de réir Dhlí Mhaois (Leiviticus 15:25-27) bhí sí neamhghlan agus bheadh aoinne a mbeadh teagmháil aici leo, nó siúd lei (Íosa ina measc), neamhghlan chomh maith. Comh maith leis an leigheas a thugann an mhíorúilt, briseann an eachtra seo síos na bacanna soisialta a eascraíonn ón dlí sin. Bhí na sluaite thart agus ag cimilt le hÍosa ach níor leigheasadh ach an bhean amháin. Leagtar béim ar a creideamh. Deir téacs Mharcais gur bhain an bhean le brat Íosa. Bheadh eolas níos fearr ag a lán againn ar an mhíoruilt seo ó chuntas Mhatha (Matha 9:20; mar an gcéanna Lúcás 8:44; feic freisin Matha 14:36), áit a deirtear gur chuir si a lámh le scothóg bhrat Íosa. Mar Ghiúdach dílis do dhlí Mhaois (Uimhreacha 15:37-39; Deotranaimí 22:12; “le haitheanta uile an Tiarna a chur i gchuimhne daoibh”) chaith Íosa scothóga ar a bhrat, snáthanna gorma ar na ceithre cúinní den bhrat droneilleogach seactrach. Is é an rud a cháin Íosa ná na Fairisínigh a chuir fad lena scothóga le go dtabharfaí faoi deara iad (Matha 23:5).

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tionchar na hEaglaise Caitlicí i saol an phobail?Ní foláir go gcloisfí guth na hEaglaise.

 

Machnamh. Coimhlint bhuan idir bhás agus beatha. Mheas saoithe Chathair Alastair, de bharr an dul chun cinn a bhí déanta i gcúrsai eolaíochta agus a n-ard-ghradam féin maidir le litríocht, fealsúnacht agus saíocht dhaonna i gcoitinne, go raibh deireadh ré le sean-chreideamh i nDia nó na déithe agus na nósanna a lean as sin agus nárbh ann do Dhia ná do aon rud ach rudaí tadhail agus den aigne. Conradh leis an mbás a thug creideamh Iosrael air sin. Is Dia beo Dia Iosrael, agus is í an bheatha a fhógraíonn sé. Ní uaidh an bás. B’ionann teachtaireacht Íosa a thug cailín óg thar nais ón mbás, agus sláinte do bhean faoi bhrón. Ach ní beatha amháin is cúram do lucht leanúna Íosa, ach cabhair airgid agus eile do na bochta, mar is leir ón dara léacht. Conradh leis an mbeatha an Soiscéal agus beatha na hEaglaise, agus mairfidh an Eaglais ón fhís agus leis an gcoimhlint sin.

Agallamh. Ar uairibh, agus b’fheidir na laethanta seo go minic, deirtear nár choir go mbeadh aon tionchar ag an Eaglais Chaitliceach (nó ag eaglais ar bith) ar an saol poiblí, nó ar aon rud a bhaineann leis. D’fhéadfadh a leithéid de ráiteas teacht ó phoiliteoirí nó ó dí-eaglaisíthe atá ag saothrú don rud ina gcreideann siad ann, pobal go hiomlán tuata, dí-eaglaisíoch. Sa cheist seo ní mór na téarmaí a úsáidtear a shoiléiriú, ar a laghad do ghnáth-bhaill na hEaglaise féin. Rud amháin é má tuigtear leis an “eaglais” ministrí na hEaglaise, easbaig, sagairt, agus daoine eile atá bainteach leis an “institiúid”. Ach go bunúsach is é atá san Eaglais ná pobal na gcreidmheach, atá ar thaobh amháin ina lucht adhartha Dé agus san am céanna an pobal a thoghann na poiliteoirí a riarann an stát de réir na dlíthe agus a gcoinsiasaí féin.

            Tá misean agus teachtaireacht ó Dhia ag an Eaglais. Tá muinín aici, a thagann chuici ó Dhia, an teachtaireacht sin a fhógairt. Agus is é an teachtaireacht agus an deimhne sin aici ná siúd mar atá siad i Leabhar na hEagna sa Bhíobla, is é sin le rá go bhfuil gach ar chruthaigh Dia go maith, agus go mbaineann sin le beatha abhus agus sa saol eile. Tá deimhne chreidimh aici go bhfuil a teachtaireacht agus a misean amhlaidh go bhfuil ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar aon fhadhb intleachtúil nó soisialta in aois ar bith.

            Baineann riarachán poiblí den chuid is mó de le leas an phobail agus na fadhbanna a bhaineann leis i slíte iomadúla, ó shaolú i leith — leas leanaí, socraithe i gcóir pósta, foiréigean, dúnmharaithe, anheasarthacht ghnéis, striapachas san áireamh, agus go leor rudaí eile. Baineann siad sin go léir le iompar daonna. Baineann misean agus teachtaireacht na hEaglaise chomh maith le hiompar daonna. Is é seo, agus dea-oibreacha agus an dea-shampla i mbeatha na gcreidmheach, a thugann fianaise do Chríost, agus an ghlóir dá Athair ar neamh, ar a labhair Críost féin. Ach tá buntomhas eile do theachtaireacht na hEaglaise faoin Soiscéal, is é sin go bhfuil sé dírithe ar an duine inmheánach, ar chroí an duine, tobar gach ghnímh, dírithe ar anam na gcreidmheach.

            Ní mór don Eaglais leanúint ar aghaidh ag fógairt theachtaireach seo Dé. Baineann an teachtaireacht seo, idir rudaí eile, leis an deimhneacht atá ag an duine aonair faoi prionsabail, faoi iompar daonna agus faoi cúrsaí an tsaoil phoiblí. Tá d’aidhm ag reachtaíocht leigheas a thabhairt ar fhadhbanna agus smachtanna a chur i bhfeidhm. Ach tá bunúdar ag roinnt de na fadhbanna sin i gcroí an duine. Cabhraíonn an teachtaireacht atá ag na hOcht mBeannnachtaí agus an Seanmóir ar an Sliabh le pobal, sochaí, shocair a thabhairt ar an bhfód agus é a choimeád ann, amhail maithiúnas naimhde, cairdeas a bhunú, agus go leor leor rudaí eile. Bíonn siad sin go léir ag feidhmiú cheana sa saol poiblí, fianaise gur ann don Eaglais i saol an phobail. Má tugtar neamhaird ar an aithne “Ná déan marú” leanann baol don bheatha dhaonna as. Mar an gcéanna maidir le moráltacht ghnéis. Labhraíonn diagairí faoi chéimlathas fírinní, maidir leis an Chré agus fírinní eile creidimh; níl an tábhacht chéanna ag baint le gach ceann díobh. Mar an gcéanna maidir le moráltacht ghnéis, a meastar ar uairibh a bheith ionann agus frithghiniúint, homaighnéas agus coiscíní, bíodh go mbaineann sí le gníomhartha ó éigniú go mion-ghníomhartha gnéis. D’fhéadfadh neamhaird den aithne “Ná déan drúis” agus cúrsaí dá short an doras a oscailt do striapachas agus drúthlanna, toisc an easpa féinsmachta. Bíonn fadhbanna ag baint le aitheanta, ach tugann siad greim agus smacht ar féin don duine aonair. Mar sin, toisc an teachtaireacht agus an misean atá aici, is cuid de bheatha an phobail í an eaglais, agus ní mór di bheith in agallamh le saol pobail atá ag síor athrú.

Recommended Articles

Leave A Comment