21 Meitheamh 2015 (B) An Dara Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athghairm phráinneach le filleadh ar bheatha spioradálta inmheánach agus ar aithne phearsanta ar Chríost
    1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Iób 38:1, 8-12). Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais. Sa léacht álainn seo, i measc na mbriathra a dhírigh Dia ar Iób tá an méid seo a dúirt an Dia uilechumhachtach sin leis an mhuir nuair a shocraigh sé teorainn di i dtús ama: “An fad seo a thiocfaidh tú agus ní thiocfaidh tú thairis sin”. Bhí na scrioptúir ar eolas ag Charles Stewart Parnell agus beidh an sliocht seo ó leabhar Iób ar eolas ag lucht an Bhéarla in Eirinn go mór mór ón úsáid a bhain Parnell as i bhfeachtas toghchánaíochta i gCorcaigh sa bhliain 1885, nuair a dúirt sé (as Béarla): “Níl de cheart ag aoinne teorainn a shocrú do náisiún. Níl de cheart ag aoinne a rá lena thír dhúchais ‘An fad seo a thiocfaidh tú agus ní thiocfaidh tú thairis sin’, agus níor dhéanamarna riamh iarracht an ne plus ultra le dul chun cinn na hÉireann le bheith ina náisiún neamhspleách a chinneadh, agus ní dhéanfaimid sin go deo”. Níl an úsáid a bhain Parnell as Iób 38:11 go díreach mar a bhí ina intinn ag an gcéad údar. An suíomh tosaigh a bhí ag léacht an lae inniu i leabhar Iób ná ag tús fhreagra Dé ar Iób. Trí Leabhar Iób go léir bhí Iób ag maíomh nach raibh sé ciontach de choir nó de pheaca ar bith san fhulaingt ghéar a bhí aige, agus é ag casaoid faoin easpa tuisceana a bhí á fháil aige óna thriúr cairde, solásaithe dar leo féin. Dhiúltaigh sé a admháil gurbh aon pheaca pearsanta dá chuid ba chionsiocair leis an mí-ádh a bhuail é ó Dhia. Bhí freagra na ceiste á lorg aige ó Dhia maraon le éisteacht le Dia. Tháinig sin ag deireadh an leabhair, agus tús leis i léacht an lae inniu. Ach ní dhíríonn freagra Dé ar cheist Iób, ach a mhalairt: leagann sé béim ar uilechumhacht Dé, atá i bhfad i gcéin ó aon rud a raibh taithí ag Iób air. Cuid de fhreagra seo Dé ná cumhacht Dé ar an duibheagán uisce anordúil a bhí ann nuair a chruthaigh Dia an domhan agus gur chuir sé ord air. I miotaseolsaíocht an Mheán-Oirthir samhlaíodh an mhuir phríomhordúil mar ollphéist as ar tháinig an domhan amach in am tráth. Seo é an cúlra chomh maith atá ag léacht an lae inniu ina chuirtear bunús na cruinne i láthair mar a bheadh breith, saolú, ó bhroinn an duibheagáin, agus Dia féin ag feidhmiú mar bhean chabhrach, ag tabhairt ordú don mhuir phríomhordúil fanacht taobh thiar den teorainn a bhí ceaptha ag Dia di, agus gan an domhan a shlogadh siar, domhan a bhí cruthaithe le grá mór ag Dia. Taispeántar neart Dé ag an chumhacht atá aige ar an muir thréan. Sa traidisiún Giúdach d’fhan an mhuir mar shiombal de chumhacht mhillteach, fiú in aimsir an Tiomna Nua. Roghnaíodh léacht an lae inniu le dul leis an soiscéal, ina bhfuil cur síos ar faoi mar ar chiúnaigh Íosa cuaifeach mór gaoithe Mhuir na Gailíle.

Salm le Freagra (Salm 106[107]). Ceiliúraigí an Tiarna, óir maireann a ghrá go síoraí.

Dara Léacht (2 Coirinthigh 5:14-17). Tá gach rud cruthaithe as an nua. Léacht seo an

lae inniu is cuid de roinn lárnach de litir seo Naomh Pól chuig na Coirintigh í. Tríd an gcreideamh, tugadh do Chríostaithe an bronntanas mór eolas ghlóir Dé ar chuntanós Chríost a fháil (2 Coirintigh 4:6). D’fhéadfadh an t-eolas seo a bheith ina chúis mhórtais, agus is dá bharr sin a mheabhraíonn Pól go bhfuil an tseoid seo again i bprócaí cré, le bheith deimhin de go dtagann dílse di ó mhórchumhacht Dé seachas ó shaothar daonna. An tagairt seo do laige, tugann sé Pól le machnamh a dhéanamh ar a anbhainne féin agus ar rúndiamhair bhais agus aiséirí Christ ag obair ann, agus an neart a thagann as. Is trí bhás a fháil don rud atá saolta, den domhan seo, ionainn, le bás a fháil dúinn féin, ar féidir linn maireachtáil i gceart mar Chríostaithe. Maireann Pól trí chreideamh. Agus tugann smaoineamh an bháis air machnamh a dhéanamh ar an saol neamhbhuan seo agus, i gcodarsnacht leis, an ghlóir shíoraí. Mar a chuireann Pól féin é: “Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againn ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth” (2 Coirintigh 4:18). Spreagann sin mian na beatha síoraí i bPól, ach tuigeann sé go mbeidh air, mar a bheidh ar gach aoinne “teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta aige, bíodh sé olc nó maith” (2 Coirintigh 5:10). Tá Pól á spreagadh ag dhá fhírinne – eagla an Tiarna toisc an fhreagracht is dual, agus a ghrá do Chríost a fuair bás ar ár son. Cuireann a thuiscint ar an bhfreagracht seo ar Phól labhairt go foscailte lena eaglais i gCoirint gan scáth gan eagla maidir leis an bhfírinne go mbaineann an bheatha Chríostaí leis an mbeatha inmheánach, seachas le rudaí seachtracha. Bhí cúrsaí a tharla i gCoirint ina aigne ag Pól, is dócha, eagla go raibh spéis rómhór ag roinnt daoine i rudaí seachtracha, mar a chuireann Pól é: bródúil as dreach (dealramh; céim mhór) an duine, seachas as a chroí, a mheon; i rudai seachtracha amhail seasamh soisialta, solabharthacht, labhairt go carasmatach i dteangacha. Spreagann grá Chríost Pól leanúint ar aghaidh, grá Chríost agus leis sin an creideamh faoi mar ar fuair an t-aon duine amháin, Críost, bás ar son gach aoinne, go bhfuair gach aoinne bás in éineacht leis, is é sin le rá go bhfuil na Críostaithe baiste isteach i mbás agus aiséirí Chríost, rud a thugann le fíos go bhfuair siad bás do gach saghas peaca agus don dealramh seachtrach, leis an mbeatha nua inmheánach a mhaireachtáil sa Tiarna aiséirithe.

            Tá dhá mhír i léacht an lae inniu, agus is féidir an chéad mhír díobh a léamh i gcoinne an chúlra sin a thugamar thuas. Níl an mhír dheiridh go hiomlán soiléir. Ar dtús tugann Pól prionsabal ginearálta: ní dhéanann sé aon duine a mheas de réir chaighdeán an tsaoil (nó an buntéacs go litriúil: “Ní aithnimíd aon duine feasta de réir na colainne”), go seachtrach. B’fhéidir go raibh aithne ag Pól ar Chríost “de réir na colainne”, is é sin le rá i mbeatha shaolta Chríost, nó níos dóchaí ag a bhás, bás coirpigh ar chrois dar le Pól an tráth sin. D’athraigh cúrsaí ar fad do Phól maidir le Críost lena chreideamh in aiséirí Chríost agus gach a lean as. Leis an aiséirí sin, do aoinne atá aontaithe le Críost is cruthú nua é, duine cruthaithe as an nua. Agus ní hé an duine Críostaí aonair atá i gceist ach an chruthaíocht féin; tá an seanré imithe, agus ré nua ann.

            Anseo cuireann Pól síos an athuair ar a fhís den bheatha nua, beatha úr, don duine aonair agus don chine daonna, agus sin i gCríost aiséirithe. Ach anseo arís, mar a mheabhraigh Pól níos luaithe sa litir seo, is baolach an rud fís gan an duine daonna lag bheith fréamhaithe go daingean in eolas faoina laige féin, le seoid i bprócaí cré, ag cur béim i rudaí seachtracha seachas sa bheatha inmheánach i gCríost.

An Soiscéal (Marcas 4:35-41). Cé hé an duine seo a rá go ndéanann gaoth agus farraigí rud air? Díreach roimh an léacht seo, i soiscéal Mharcais bhí cur síos ar Íosa ag múineadh i bparabail sa Ghailíl, ar an dtaobh thiar de Mhuir na Gailíle. Ar an dtaobh eile de, ar an dtaobh thoir, bhí an Decapolis, críoch phagánach, ina dhéanfaidh Íosa miorúilt i leigheas ar an nDeamhnaíoch i dtír na nGeiriséanach. Tar éis bheith ag seanmóireacht ar feadh an lae, agus b’fhéidir tuirseach, thug Íosa leid do na deisceabail dul ar bhád go dtí an taobh eile den loch. Ní thugtar aon mhíniú faoi cén fáth go raibh báid eile leo. Tá Muir na Gailíle i scoilt na Iordáine agus tá sléibhte cóngarach di agus d’fhéadfadh stoirmeacha teacht gan coinne. An aidhm atá ag an eachtra seo i Soiscéal Mharcais ná cumhacht Íosa a léiriú in gciúiniú na stoirme, cumhacht beagnach dhiaga. Bheadh eolas ag na deisceabail ar chumhacht shiombalach na mara ón mBíobla (mar shampla leabhar Iób, sa chéad léacht inniu) agus óna dtraidisiún Giúdach féin. Pas beag níos luaithe ná an Tiomna nua (i 2 Macabaech 9:8) rinneadh machnamh ar bhás an tíoránaigh Antiochus mar seo: “Ansin an té a mheas le barr díomais mhídhaonna tamall gearr roimhe sin go bhféadfadh sé ordú a chur ar thonnta na farraige …leagadh chun láir agus lántalún é agus bhí sé á iompar ar eileatrom, rud a d’fhógair cumhacht Dé go soiléir do chách”. “Bhagair” Íosa ar an ghaoth, mar a dheanfai i ndíbirt deamhan, agus bhí sé ina théigle (chiúnas) mór. Cáineann Íosa na deisceabail as a n-easpa creidimh, gné atá le fail minic go leor i Soiscéal Mharcais. Ní croinic ar eachtraí atá á tabhairt dúinn ag Marcas. Scríobhann sé le fortacht a thabhairt do chreideamh eaglaise atá suaite ag stoirmeacha géarleanúna, agus ag iarraidh ar chreidmhigh creideamh a bheith acu in Íosa atá i láthair, fiú nuair a mheasann daoine go bhfuil sé ina chodladh.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athghairm phráinneach le filleadh ar bheatha spioradálta inmheánach agus ar aithne phearsanta ar Chríost.

Meabhraíonn an léacht ón soiscéal don lá inniu dúinn go bhfuil Íosa leis an Eaglais, agus le gach duine go pearsanta, í bpé ar bith stoirm a thagann, agus go nglaonn sé ar a lucht leanúna deimhin a bheith acu de go bhfuil sé i láthair agus go gcáineann sé iad, fiú, de bharr laige a gcreidimh. Tugann an t-aspal Pól dúinn léargas ar luatheaglais Choirint, áit ar chraobhscaoil sé Críost céasta ar an gcrois, ach ar iompaigh roinnt de bhaill na heaglaise sin go luath ar thóir glóire seachtraí. Déanann Pól a dhícheall iad sin a ghlaoch thar nais go dtí lár-phointí an chreidimh, go heolas pearsanta ar Chríost, céasta agus aiséirithe, gníomhach trína ghrásta ina gcroíthe istigh, go beatha Chríostaí inmheánach seachas bheith caillte ar thóir dealraimh sheachtraigh. Tá a leithéid de ghairm do aithne phearsanta ar Chríost ag teacht go mór le ceacht an dáin Ghailge atá againn ón bhéaloideas agus i scríbhinn. Tá sé i bhfoirm teagaisc do dhuine óg ag cur tús le lena shaol, agus ritheann sé mar eo: “A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat — Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu; sara dtiocfaidh iomad ded aois, bíodh aithne ar Chríost agat”.

            Aithne ar Chríost atá i gceist, aithne phearsanta air mar ár slánaitheoir, beo fós inár measc, ní hamháin eolas air nó faoi. Tugann léachtaí liotúirgeacha an lae inniu, agus an cuireadh sa dara léacht bheith san airdeall gan bheith caillte i rudaí seachtracha, cuireadh dúinn tabhairt chun cuimhne an méid a dúirt an Pápa Benedict XVI ina aítheasc don Chomhdháil Eocairisteach i mBaile Átha Cliath trí bhliain ó shin, i 2012. Tá caoga bliain ann i mbliana ó chuireadh clabhsúr le Comhairle Vatacáin II, agus ag tagairt do dhoiciméidí na Comhairle sin mheabhraigh an Pápa céanna dúinn gurbh í béim sa bheatha inmheánach Chríostaí ba phríomhchúram dóibh.

            Bhí an-eolas ag Benedict XVI ar shaothar na manach Éireannacha san Eoraip agus an-mheas aige orthu. Léirigh sé sin i bhfístheachtaireacht don Chomhdháil. Bhí sé corraitheach bheith ag féachaint ar an bPápa aosta agus lag ag labhairt go paiseanta ar thábhacht na hEocairiste inár mbeatha agus ag glaoch ar chreidmhigh aithne phearsanta a chur ar Chríost. Chuaigh sé ar aghaidh le béim a leagan ar thábhacht bhuan Chomhairle na Vatacáine agus ar a cuid doiciméidí. Ag caitheamh súile ar an tréimhse idir dheireadh na Comhairle (1965) agus an lá sin i 2012 luaigh sé go raibh roinnt mhaith athnuachana déanta maidir le intinn Athracha na Comhairle, ach san am céanna bhí sé soiléir go raibh míthuiscintí agus mírialtachtaí ann. An athnuachaint ar na foirmeacha, na gnéithe, seachtracha a bhí ó Athtracha na Comhairle ba í a ba aidhm dóibh ná é a dhéanamh níos éasca dul isteach i ndoimhne na rúndiamhaire. Ba í fíoraidhm dóibh ná daoine a theorú go teagmháil phearsanta leis an Tiarna atá i láthair sa Eocairist, agus mar sin le Dia Beo, le go leanfadh as an gcaidreamh seo le grá Críost, grá don chomharsa. I saol atá athraithe, ceann ina bhfuil intinn daoine greamaithe níos mó í gcónaí ar rudaí seachtracha, ní mór dúinn foghlaim as an nua go bhfuil an Tiarna aiséirithe i láthair go rúndiamhrach, rúndiamhair gurbh í amháin a thugann leithne agus doimhne dár mbeatha. Adhradh na hEaglaise uile í an Eocairist, ach éilíonn sí rannpháirtíocht ó gach uile chreidmheach, ag glaoch chucu bheith feasach de mhisean na hEaglaise. San Eocairist tá glaoch ag gach duine aonair chun naofachta. Déananan sí sinn a cheangail le chéile mar bhráithre agus shiúracha sa Spiorad, agus sa Spiorad céanna spreagann sí sinn le dea-scéal an tslánaithe a fhógairt do dhaoine eile.

            Tá briathra sin an Phápa faoin Eocairist dírithe ar an Eaglais i gcoitinne, agus ag caint faoin ábhar baineann sé úsáid as an téarma “Eocairist”, faoi chúig. Ní focal é seo atá i ngnath-úsáid ag muintir na hÉireann. Domhnach nó dálach ní théann siad go dtí an Eocairist, ach go dtí an tAifreann, to Mass. De réir dealraimh thuig Benedict XVI sin mar direach tar éis labhairt leis an Eaglais i gcoitinne díríonn sé a bhriathra ar mhuintir na hÉireann gan an téarma Eocairist, ach ina ionad “an tAifreann”, the Mass, a úsáid. Mar a deir sé: “Is cuimhneachán ar íobairt Chríost ar an gcrois an Eocairist, a chorp agus a fhuil tugtha sa chonradh nua síoraí ar son maithiúnas na bpeacaí agus bunathrú an domhain chun feabhais. Múnlaíodh Éire ag an Aifreann (the Mass) ag an leibhéal is doimhne thar na gcéadta bliain, agus trína chumhacht agus a ghrásta mhair na glúnta de mhanaigh, de mhairtírigh, de mhisinéirí, an creideamh go cróga ag baile agus agus rinneadar dea-scéal ghrá agus maithiúnas Dé a scaipeadh i bhfad thar lear, thar bhur dtir féin. Tá sibhse in bhur n-oidhrí ar Eaglais a bhí ina fórsa láidir chun leasa sa domhan agus a thug grá domhain agus buan do Chríost agus dá Mháthair do a lán lán daoine eile. Thuig bhur sinsir in Éirinn conas tabhairt faoi naofacht agus seasmhacht a bhaint amach ina saol pearsanta, conas an ríméad a thagann ón Soisceal a fhógairt, conas an tábhacht a bhaineann le bheith páirteach san Eaglais Uilíoch agus an chomaoin le Cathaoir Pheadair a chur chun cinn, agus conas grá don chreideamh agus do na suáilcí Críostaí a fhágaint mar oidhreacht do ghlúnta eile. An creideamh Caitliceach atá againn, a bhfuil istigh ann tuiscint dhomhain de láithreacht Dé, agus de áilleacht a bhfuil cruthaithe ag Dia thart timpeall orainn, agus glanta trí aithrí phearsanta agus bheith feasach de mhaithiúnas Dé, is oidhreacht í sin go deimhin a thugtar chun foirfeachta agus a chothaítear nuair a leagtar go rialta í ar altóir an Tiarna in íobairt an Aifrinn”.

            Cuireann a Pápa Benedict clabhsúr lena aitheasc ag meabhrú an athuair gurbh é a bhí in aigne ag an Comhairle ná an creideamh a athaimsiú mar chairdeas pearsanta domhain le maitheas Íosa Críost agus guíonn sé go mbeadh spioradáltacht torthúil ag Críostaithe le taithí ó chomaoin le Críost agus leis an Eaglais. Tá seo go léir ag teacht go hálainn le tuiscint ár sinsear ar cad is fior-chreideamh ann: aithne ar Chríost ón óige i leith: sara dtiocfaidh iomad ded aois, bíodh aithne ar Chríost agat.

           

Recommended Articles

Leave A Comment