2 Lúnasa 2015 (B) An tOchtú Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
    1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Treoir cheart agus mhícheart don bheatha.
  2. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Exodus 16:2-4, 12-15). Fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Cuireann an léacht seo síos ar na hiontais a rinne an Tiarna dá phobal Iosrael le linn a dturais ón Éigipt go Tír Tairngire. Bonn mór lúcháire dóibh an tsaoirse ó dhaorbhroid na hÉigipte. Ach bhíodar anois san “fhásach”. Ní gaineamhlach, gan ann ach gaineamh, a bhí i gceist ach sort steip, gan ann ach fásra gann. An tréimhse seo san fhásach ócáid a bhí ann le hIosrael a phromhadh lena fháil amach an mbeidis dílis don Tiarna a rinne iad a shaoradh ón Éigipt agus a bhí leis féin a fhoilsiú dóibh i slí níos doimhne fós. Deir an sliocht seo gur chrom siad ag “monabhar”, ag canrán go cantalach. Bhíodar ag casaoid faoin easpa bia chirt, a mhalairt dá raibh acu san Éigipt. Sholáthair Dia dhá mhíorúilt dóibh, na gearga um tráthnóna agus an ceann eile, an manna, ar maidin. Is éan imirce an ghearga, a bhfuil aithne mhaith uirthi mar éan agus a dhéanann eitilt go mór mór san oíche. Maidir le manna de, is tál é a thagann i gcoda beaga mílse ón gcrann tamaraisc i míonna an Mheithimh agus na Bealtaine, agus is féidir é a ithe. Nuair a chonnaic na hEabhraigh é chuireadar an cheist: “Cad é seo?”, as Eabhrais man hu, agus as sin tagann an t-ainm manna. An mhíorúilt d’Iosrael ná an méid de a bhí ar fáil agus toisc go raibh teacht air an bhliain go léir. Cruthúnas na miorúiltí ar chúram Dé ar a phobal canránach sa tslí dóibh i dtrialacha an fhásaigh. Tá an cuntas seo mar chúlra d’aitheasc Íosa faoi féin mar arán na beatha, agus a lucht leanúina “ag monabhar” (Eoin 6:41, 43, 52, 61) agus Íosa á chuir féin i láthair mar arán fírinnach na beatha a thagann anuas ó neamh.

Salm le Freagra (Salm 77[78]). Thug an Tiarna dóibh arán ó neamh.

Dara Léacht (Eifisigh 4:17, 20-24). Gabhaigí chugaibh meon úrnua a cruthaíodh in íomhá Dé. An léacht seo is mír thosaigh í de roinn fhada (Eifisigh 4:17-5:20) de aitheasc ina spreagann an t-údar iad siúd a chreideann i gCríost beatha a chaitheamh de réir na gairme a fuair siad uaidh. Sa léacht seo déanann Pól, nó scríbhneoir níos déanaí faoi spiorad Phóil, codarsnacht idir an ghairm Chriostaí agus an léargas pagánach faoin bheatha (nó easpa léarghais) mór timpeall orthu agus roinnt nósanna agus cleachtaí pagánacha. Molann sé dá léitheoirí gan ligint dóibh féin bheith súite isteach ag an timpeallacht phaganach, ach a mhalairt: bheith deimhin de go bhfuil teachtaireacht acu don timpeallacht phagánach sin. Luachanna agus cleachtaí pagánacha, níorbh iad sin an teagasc a fuair siad ó Chríost – nó de réir na litre: ní hamhlaidh a d’fhoglaim siad Críost. “Críost a fhoghlaim” ait an tslí lena chur, ach í lán de bhrí. Is é Críost eisesamlár na beatha Críostaí. Ionann “Críost a fhoghlaim” agus a thuiscint cé hé Críost dáirire sa bheatha Chríostaí, bheith mar Chríost. Rinneadar “Criost a fhoghlaim” sa teagasc a fuair siad faoi Chríost ag ullmhú don bhaisteadh dóibh, Críost mar eiseamláir agus foinse don bheatha Chríostaí, agus tá an tesagasc sin á thabhairt chun cuimhne anois ag Pól dá léitheoirí. Measann údar na litreach seo go raibh an fhéinthuiscint agus na mianta pagánacha ar strae, mearbhlach agus contrartha don léargas Críostaí. Feictear ar an mbeatha Chríostaí, a bhfuil an baisteadh in uisce mar shiombal di, mar dhuine nua, mar phearsa nua inmheánach in íomhá Chríost, beatha nua nach mór maireachtáil i naofacht. Is athnuacan inmheánach í ina cumhacht agus sna aidhmeanna atá aici.

Bhí brí agus éifeacht faoi leith ag na briathra seo do léitheoirí tosaigh na litreach seo sa timpeallacht neamh-Chríostaí, phagánachh, ina raibh siad, ach is féidir feidhm a bhaint astu go fóill le teachtaireacht do lucht leanúna Chríost inár laethanta féin mar a bhfuil go minic timpeallacht atá naimhdeach do Chríost agus don léargas Críostaí faoin saol abhus agus thall.

An Soiscéal (Eoin 6:24-35). An té a thagann chugamsa, ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa, ní bheidh tart air choíche. Leanann an léacht seo ar aghaidh leis an teachtaireacht ó mhíorúilt Íosa in iolrú na mbuilíni agus na n-iasc a léadh san Aifreann an Domhnach seo caite. Níl an véarsa tosaigh ar fad soiléir maidir leis an áit, taobh an locha nó Mhuir na Gailíle atá i gceist. Ar aon chuma is é Cafarnáum an t-ardán láir anois d’aitheasc Íosa. Bíodh nach ndéantar tagairt dó i dtéacs seo Shoiscéal Eoin bhí iomrá ar Cafarnáum mar an láthair ina a rinne Íosa an chuid is mó dá mhíorúilti, agus bheadh breith dhian le tabhairt uirthi de bharr a heaspa creidimh (feic Matha 11:25; Lúcás 10:15). Mar fhreagra ar an gceist faoi cathain a tháinig sé go Cafarnáum, ba é freagra Íosa ná go raibh siad á lorg ní de bhrí go bhfaca siad comharthaí (míorúilt na mbuilíní) ach go raibh a sáth acu. Ba spéis leo an rud tadhail, ábhartha, corportha, seachas an bhrí spioradálta a bhí sa mhíorúilt, sa chomhartha. Ansin déanann Íosa an bhrí a bhaineann le traidisiún bíobalta an mhanna a mhíniú dóibh sa ré nua, sna tosca nua a bhí tagaithe, is é sin le rá a mhisean féin ón Athair. Sa téacs seo tá imirt focal ar théarma amháin a aistrítear mar “saothar, saothraigh, obair, déanamh”: gan an bia a théann amú a shaothrú, ach an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, a thugann Mac an Duine (Íosa féin). Chuir an tAthair a shéala air tríd a mhíorúilti, agus cheana ina bhaisteadh. Leanann an imirt focal ar an dtéarma “saothar, obair” ar aghaidh. Iarrann a lucht éisteachta air cad tá le déanamh acu ionas go ndéanfadh siad oibreacha Dé. Is é freagra Íosa ná gurbh é seo “obair Dé” creidiúint in Íosa a sheol an tAthair uaidh. Tá codarsnacht anseo anois idir “obair”, “saothar” agus creideamh, glacadh le bronntanas Dé trí Íosa. Ionann “obair Dé”, agus saothrú Dé trína bhronntanas. Ní obair dhaonna, saothar daonna atá i gceist ach saothrú Dé a ghlactar trí chreideamh in Íosa foinse na beatha. Bronntanas ó Dhia, agus ní ó Mhaois, ab ea an manna. Is é arán fírinneach Dé ná an t-aran, nó an Té (Íosa, Mac an Duine), a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan. Is í éirim an aithisc, mar sin, ná gur tháinig Íosa anuas ó neamh le treo sa bheatha a thabhairt don chine daonna, trína theagasc, a phearsa, an Eocairist, agus leis an neart a thabhairt dóibh maireachtáil de réir phlean an Athar in Íosa.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an lae.Treoir cheart agus mhícheart don bheatha.

In aon cheist faoin mBíobla bheith in agallamh le ceisteanna an lae is fiú dúinn aird a thabhairt ar a bhfuil le rá ag an mBíobla féin faoi agallamh ar a leithéid de cheisteanna agus faoi na prionsabail Chríostaí a ba chóir a bheith in aon agallamh dá leithéid. Tá sampla álainn againn de sin in aitheasc Íosa faoi féin mar arán na beatha (Eoin caibideal 6) agus i mbriathra Phóil ag moladh do chreidmhigh conas iad féin a iompar i dtimpeallacht phagánach, neamh-Chríostaí (Eifisigh 4:17, 20-24). Tá Íosa in agallamh lena chomhmhuintir Ghiúdach féin agus baineann aitheasc Phóil le cultúr na Gréige. Tá siad araon ar aon aigne faoi seo, go mbaineann an teachtaireacht Chriostaí (pé acu i mbéal Íosa nó sa litir chuig na hEifisigh) le treoir, treoshuíomh, le glacadh ag an phearsa dhaonna go hiomlán, agus í dírithe ar Chríost agus Críost mar lárphointe aici, agus a bheith réidh do na himpleachtaí go léir a leanann as sin. Le feidhm a bhaint as téarmaí ríomhaireachta, tugann creideamh i gCríost, mar a déarfá, córas réamhshocruithe nua; tugann sé soiléireacht agus deimhne maidir le faoi mar is choir ár mbeatha Chríostaí a chaitheamh. Agus mar is léir uaidh sin, tugann sé breith ar luachanna áirithe den chultúr agus den tsochaí ina mhaireann na creidmhigh.

Déanann sé sin gan drom láimhe a thabhairt do aon chultúr faoi leith, ach amháin do na codanna de nach bhfuil ag teacht leis an gcreideamh i gCríost, lena mhisean agus lena theachtaireacht. Ní raibh Íosa frith-Ghiúdach. Fuair sé mar oidhreacht agus mhair sé cultúr agus tradisiún a phobail, ach tháinig sé leis an oidhreacht agus traidisiún sin a chlaochlú, lena athrú chun feabhais, mar theachtaire a seoladh amach ag Dia a Athair. Ní raibh Pól in éadan chultur na Gréige ná níor iarr sé ar a eaglaisí diúltiú dá shaibhreas. Ag teacht go deireadh a litreach chuig na Filipigh scríobh sé mar seo (Filipigh 4:8-9): “Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n-aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud suáilceach inmholta. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána libh”. Ach san am céanna deir Pól agus scríbhneoirí eile an Tiomna Nua go ndéanann iompú chun Chríost agus an baisteadh briseadh glan leis an sórt saoil a chaitheadh roimhe sin muna bhfuil sin ag teacht leis an gcreideamh i gCríost. I litreacha Phóil, agus i scríbhinní eile faoina ionspioráid tá cur sios grinn ar chuid de na chleachtaí nárbh fhéidir glacadh leo, cuid acu ag baint le cúrsaí gnéis, téacsanna atá fágtha ar lár ar uairibh sna léachtaí liotúirgeacha. Tá nósanna agus teagasc eile i gcultúr an lae inniu nach bhfuil ag teacht le teagasc Chriost, mar a bhfuil sin le fáil, mar shampla, sa tSeanmóir ar an Sliabh.

Is é atá sna téacsanna sin, ar ndóigh, ná frithfhreagairt na luatheaglaise do chultúr agus do shochaí na Gréige agus na Róimhe. Ach mar sin féin tá na téacsanna sin ag labhairt linn go fóill inniu. In aois ar bith in gcroílár an chreidimh Chríostaí agus na beatha Críostaí tá Críost féin. Mar a deir an litir chuig na hEifisigh, ní mór do Chríostaithe “Críost a fhoghlaim”, é a thógaint mar eiseamláir, agus glacadh leis na himpleachtai a leanann as sin mar is soiléir dúinn ón dtraidisiún Críostaí. Tugann sin treoir agus treoshuíomh in aon agallamh le cultúr eile in aois ar bith ina bhfuil treoir agus treoshuiomh eile faoi chúrsaí na beatha ar talamh.

Recommended Articles

Leave A Comment