6 Nollaig 2015 (C) An Dara Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.Machnamh agus An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Insint na Soiscéal agus an Stair
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Barúch 5:1-9). Taispeánfaidh Dia do niamhracht do gach náisiún. Ag teacht ar dheireadh na deoraíochta sa Bhaibealóin sa séú haois roimh Chríost agus ina dhiaidh sin, thug na fáithe agus na filí a thug dúinn caibidil 40-66 de Leabhar Íseáia spreagadh agus uchtach do phobal Iosrael, ag meabhrú dóibh go raibh todhchaí ghlórmhar rompu amach agus go raibh Dia a Slánaitheoir le éacht a dhéanamh dóibh. Mar a ghealladh, tháinig críoch le deoraíocht na Baibealóine, agus sna céadta a lean sin bhí mórán de phobal Iosrael scaipthe ar fud dhomhan na Gréige agus na Róimhe, i bhfad i gcéin ó Iarúsailéim, ó Mháthair Síón. Tháinig guthanna fáidhiúla chucu sin chomh maith, ar uairibh go láidir faoi thionchar an Dara agus an Tríú hÍseáia (Íseáia 40-66). Tá ceann díobh sin i léacht seo an lae inniu, a cumadh, b’fhéidir, sa dara haois roimh Chríost. Sa léacht seo tá fáidh ag labhairt le Iarúsailéim, faoi íomhá mná, Máthair Síón, á spreagadh dearmad a dhéanamh ar dhearóil na deoraíochta agus aghaidh a thabhairt ar an dtodhchaí ghlórmhar a bhí i ndán di ag Dia. Cuirfidh Dia clóca fhíréantacht Dé uirthi agus coróin ghlóir Dé shíoraí ar a ceann. Is mian le Dia a niamhracht a thaispeáint do gach náisiún faoin spéir. Tá Dia le hainm a bhronnadh uirthi go deo, agus is é seo é: “Síocháin na fíréantachta agus glóir na dílseachta”. Tugtar fís iontach dóibh faoi deireadh a bheith leis an deoraíocht, agus na deoraithe, cimí agus eile, ag filleadh go caithréimeach ar Iarúsailéim. Is mian le Dia Iosrael iad a threorú faoi lúcháir, le solas a ghlóire agus a thrócaire agus a fhíréantacht á dtionlacan.

            Fís agus spreagadh atá sa téacs, a thug uchtach ina tráth féin, fís a bhfuil brí lei i gcónaí, agus gur féidir a thuiscint faoin Eaglais, an Mháthair Eaglais. Ach is maith le Dia cabhair a fháil, agus le fíric a dhéanamh den fhís ní mór cabhrú le toil Dé le foighid agus urnaí.

Salm le Freagra (Salm 125[126]). Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.

                 

Dara Léacht (Filipigh 1:4-6, 8-11). Bígí glan gan locht i gcomhair Lá Chríost. Is feasach Pól go maith gur rúndiamhair é an creideamh Críostaí, bronntanas ghrásta Dé a thuigtear agus a chothaítear tríd an urnaí. Tá an urnaí riachtanach do bheatha Chríostaí an duine aonair agus an phobail Chríostaí. Is misineach an pobal a chreideann dáiríre, ag leathadh an chreidimh amach uaidh féin. I léacht an lae inniu deireann Pól leis an eaglais óg i Filipe, i dtuaisceart na Gréige, go raibh sé ag guí orthu go lúcháireach toisc an pháirt a bhí acu i leathadh an tSoiscéil – taobh amuigh dá gcathair féin fiú. Sa léacht seo tá urnaí álainn ag Pól a thugann le fios dúinn faoi mar ba chóir creideamh Chriost a mhaireachtáil. Guíonn sé go rachadh a ngrá (grá Dé agus grá an chomharsa gan dabht) i méad agus i méad le barr eolais agus tuisceana faoi cad is toil le Dia, agus dá bharr sin go mbeadh meas acu, ní ar an rud maith amháin ach ar ar na nithe is fearr, is fiúntaí. Glaotar ar chreidmhigh bheith foirfe faoi mar atá Dia, a nAthair, foirfe, agus as sin tagann an tóir ar na nithe is fiúntaí ó choinsias atá glanta ó thuiscint dhomhain ar cad is toil le Dia. Guíonn Pól go mbeadh a chreidmhigh glan gan locht agus lán den ionracas a thagann trí Íosa Críost, agus sin i gcóir Lá Chríost. Téarnamh Chríost a bhí in aigne ag Pól, is dócha, le Lá Chríost. Ach oireann an léacht go hálainn do thréimhse na hAidbhinte ina ghlaotar orainn bheith ag dul i bhfeabhas sa bheatha Chríostaí, feasach gur ullmhúchán ní hamháin do theacht Chríost ina bhreith sa Bheithil, ach chomh maith céanna do Lá an Tiarna, a theacht athuair.

An Soiscéal (Lúcás 3:1-6). Feicfidh an uile cholainn slánú Dé. I gcuid de chuntas na naíonachta i gcaibidil 1-2 de Shoiscéal Lúcáis bhí Lúcás ag cur síos ar ábhair nach raibh dáiríre tri-thoimhseach, amhail chomhrá an aingil Gaibriéil le Muire agus slua na n-aingeal ag fógairt bhreith Chríost do na haoirí. Sna cuntais sin d’fhéadfadh sé seánra a oirfeadh don ábhar a roghnú. Bhí a mhalairt de scéal ann nuair a tháinig sé le beatha phoiblí Íosa a ríomhadh, agus leis sin tús na gluaiseachta Críostaí a thosaigh le seanmóireacht agus misean Eoin Baiste. Cuireann na Ceithre Soiscéil go léir tús le beatha phoiblí Chríost leis sin. Tuigeann Lúcás go bhfuil tábhacht thar an ghnáth ag baint leis an ócáid sin agus suíonn sé í taobh istigh dá chúlra domhanda uilí (Rómhánach) agus Giúdach. Bhí an t-impire Tiberias Céasar (comharba ar Augustus) i réim ar impireacht na Róimhe (ar chuid di an Phailistín) idir 14 agus 37 AD. Bheadh a chúigiú bliain déag ann idir Lúnasa 28 AD agus Lunasa 29 AD, nó in áireamh eile idir 1 Deireadh Fómhair 27 agus 30 Méan Fómhair 28 AD. Bhí Point Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia ó 26 go 36 AD. Bhí Héaród (Antipas) ina rí cúige (teatrarc) ar an Ghailíl ó 6 go 37 AD. Bhí a leasdheartháir Pilib ina rí cúige (teatrarc) ar chríocha ó thuaidh agus thoir ón Ghailíl, críocha ar thug Íosa cuairt orthu ar uairibh. Críoch é Aibiléiné i gceantar na Damaisce nach luaitear i scéala na Soiscéal. Bhí Annas ina ardsagart ó 6 go 15 AD, agus Cáiafas ó 18 go 36 AD. Choimeád an dá theach Annas-Cáiafas an ardsagartacht eatorthu i dtréimhse uile réimeas díreach na Róimhe ar Iúdáia ó 6 AD go treascairt an Teampaill agus críoch le ministreacht na sagartachta sa bhlian 70 AD. Cuirtear Eoin Baiste (Eoin mac Zachárias) i láthair mar fháidh, le gairm ó bhriathar Dé. Bhain a chuid seanmóireachta le glaoch chun aithrí. Lúcás amháin i measc na soiscéalaithe a luann na pointí eiticiúla i seanmóireacht Eoin Baiste. Cuirtear síos go mion ar sheanmóireacht Eoin agus a bhás ag lámha Héaród Antipas ag an staraí iomráiteach Ioséfus. Ní foláir ná go ndeacha seanmóireacht Eoin i bhfeidhm go mór ar lucht a chomhaimsire.

  1. B.Machnamh agus An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Ó fhís go fíric. Cuntas na Soiscéal agus an Stair.

Machnamh. Barrashamhail agus réaltacht. Tugann léachtaí an lae inniu deis agus cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an áit do fhís, idéalacht, barrashamhail agus don réaltacht i mbeatha an duine aonair agus i saol an phobail. Baineann an chéad leacht inniu go mór le fís Dé, do Iarúsailéim, Máthair Síón, agus a misean don domhan. Is samhail í Iarúsailéim de phobal Iosrael. Ba fhada i gcéin an réaltacht, cúrsaí mar a bhíodar, ón bhfís sin. Ní raibh aon fhilleadh glórmhar, sofheicthe ann. Níor íslíodh gach cnoc agus ardshliabh ná níor lionadh isteach na gleannta. Ní mór a bhfuil san fhís seo a léamh in éineacht le stair Iosrael. Ach an fhís seo faoi Mháthair Síón, is fíor í faoin Eaglais, agus faoi cad is áil le Dia faoi naofacht na hEaglaise. Mar is léir ón dara léacht inniu, bhí fís ag Pól de bheatha Chríostaí agus ghabh sé buíochas le Dia go raibh an fhís sin comhlíonta i gceann amháin dá eaglaisí óga cheana féin agus ghuí sé chun Dé go leanfadh cúrsai mar sin. Tá teachtaireacht domhain aige sin dúinn go léir inniu, ag meabhrú dúinn cad í mar ghairm Chríostaí atá againn, agus a riachtanaí is atá sé urnaí le buíochas a chur suas chun Dé go mbeadh beatha gach duine aonair againn, agus beatha na hEaglaise go léir, inniu ag teacht de réir na físe sin. Meabhraíonn an léacht ón Soisceal dúinn go bhfuil an teachtaireacht Chriostaí bunaithe go daingean sa réaltacht, sa stair. Leagann Lúcás béim air seo, rud a thugann deis agus cuireadh dúinn roinnt ceisteanna a bhaineann leis, a chíoradh san “Agallamh” a leanann anseo.

Agallamh. Insint na Soiscéal agus an Stair. Is tráth cráifeachta í an Nollaig: breith Íosa sa Bheithil, ar ócáid daonáirimh faoi Quirinius (Cuiríon), gobharnóir ar an tSír (Soiscéal Lúcáis), an máinséar, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé, saoithe, draoithe, Magí ón Oirthear, agus mar sin de; teicheadh don Eígipt, insintí Lúcáis i scéal naíonacht Íosa ar dheacair a réiteach le insint Mhatha. Tráth é aimsir na Nollag chomh maith ina ardaítear ceisteanna sna meáin agus ina a léirítear cláracha le plé maidir le stairiúlacht, nó a mhalairt, de na heachtraí a chuirtear inár láthair sna naíonscéalta i Matha caibidil 1-2 agus i Lúcas caibidil 1-2, insintí nach bhfuil le fáil i Soiscéal Mharcais. Tá codarsnacht ann idir na hinsintí sin maidir le hÍosa sna caibidil sin agus an cur i láthair diagachta faoi Íosa mar an Bhriathar ar rinneadh feoil de i réamhrá Shoiscéal Eoin a léitear Lá Nollag. Tugann sin go léir deis agus cuireadh dúinn an aird is cuí a thabhairt ar an deabhóid agus ar an tuiscint chriticiúil ar mhúnlú thraidisiún na Soiscéal agus ar an fhorbairt a tháinig sa luatheaglais ar ghaol Íosa le Dia an tAthair, Dia a Athair. Tá seo ag teacht leis an moladh a thug údar Chéad Litir Naomh Peadar dá phobal, agus dúinn go léir: “Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim” (1 Peadar 3:15). Is féidir linn achoimre a dhéanamh ar na cheisteanna sin anseo i gcúig ranna, mar seo: 1. Múnlú thraidisiún na Soiscéal; 2. Naíonscéalta Mhatha agus Lúcáis; 3. Stairiúlacht thraidisiún lárnach na Soiscéal; 4. Íosa na staire; agus 5. Críost an chreidimh.

i. Múnlú thraidisiún na Soiscéal. Tosaíonn cuntas gach ceann de na ceithre soiscéil faoi mhinistreacht phoiblí Íosa le cur síos ar sheanmóireacht Eoin Baiste agus ar bhaisteadh Íosa. D’fhógair Íosa teacht ríocht Dé, rinne sé seanmóireacht, míorúilti, bhí sé cáirdiúil leo siúd ar an imeall, bhailigh sé deisceabail mór timpeall air féin, agus uathu sin roghnaigh sé baill áirithe (ar a dtugtar de ghnáth aspail) ar thug sé dóibh a mhisean agus a chuid cumhachtaí féin; céasedh ar an gcrois é in Iarúsailéim agus thaispeáin sé é féin dá lucht leanúna tar éis aiséirí dó. Níl aon fhianaise againn gur scríobh Íosa féin tada, nó gur thug sé ordú dá lucht leanúna cuntas a thabhairt ar a shaothar agus ar an misean a bhí aige. Tar éis deascabháil Íosa thuig an luatheaglais in Iarúsailéim go raibh orthu lena dúirt agus a rinne Íosa le linn a shaol poiblí go dtí a dheascabháil a fhógairt, agus sin ón uair a bhí Eoin ag baisteadh ar aghaidh. Tá seo soiléir ón méid a dúirt Peadar faoi dhuine a thoghadh le áit Iúdas a ghlacadh (Gníomhartha 1:21-22): “Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inár measc, ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd ar tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí”. I luathsheanmóireacht seo na hEaglaise ní bheadh aon pháirt i gcuntas faoi bhreith Íosa, a naíonacht nó a shaol roimh bhaisteadh Eoin. Maidir le hÍosa bheadh a ráitis agus a ghníomhartha coimeádta i gcuimhne agus seachadta ag an luatheaglais, ach athinste i slí a chuirfeadh in oiriúint iad do chúinsí nua. I rith na tréimhse seo chomh maith bheadh forbairt ann ar thuiscint ghaol Íosa leis an Athair agus bheadh a ról mar shlánaitheoir agus idirghabhálai curtha isteach mar chuid de mhúnlú thraidisiún na Soiscéal. Bhí an múnlú sin de shíor ag dul ar aghaidh, gurbh é an Ceathrú Soiscéal (Eoin) an staid dheirneach den fhorbairt seo, is dócha. Is é soiscéal Mharcais an chéad cheann de na soiscéil a scríobhadh, agus is dócha go leanann seisean creatlach na luathsheanmóireachta, ag tosú le baisteadh Eoin, agus in éagmais naíonscéalta. Mar fhear eagair tugann Marcas creat dá shaothar, ar uairibh (mar shampla laethanta deiridh Íosa) creat de réir ama, agus do chodanna eile de creat ama agus tíreolaíochta, gur mó ó phlean an eagarthóra seachas ó thaobh beachtais é b’fhéidir.

ii. Naíonscéalta Mhatha agus Lúcáis. Tá na naíonscéalta atá againn i soiscéil Mhatha agus Lúcáis neamhspleách ó chuntas lárnach na soiscéal sin. Níorb chuid de sheanmóireacht na luatheaglaise iad. Ní héasca a dheimhniú an traidisiún beacht atá taobh thiar díobh, nó an amhlaidh gur saorcheapadóireacht diagachta aileagóireach, fáthchiallach, nó a leithéid atá iontu. D’fhéadfadh sé bheith go raibh traidisiúin faoi bhreith Chríost agus a naíonacht á seachadadh i measc a mhuintire (bráithre agus a siúracha Íosa mar shampla). Ní mórán atá i bpairt idir chuntais Mhatha agus Lúcáis, seachas breith Íosa sa Bheithil agus giniúint mhaighdeanúil (gan athair daonna)–é sin soiléir i Matha (Matha 1:18-24), thar a bheith dóchúil i Lúcás (Lúcás 1:26-38, go háirithe 1:35). Is spéis faoi leith ag Matha comhlíonadh na dtairngreachtaí i nginiúint Íosa, ina bhreith agus a naíonacht, agus admháil a stádas mar rí na nGiúdach ag a bhreith ag saoithe pagánacha (Magí).

            An teachtaireacht lárnach atá ag Lúcás (sna sleachta a léitear Oíche agus Lá Nollag) ná an bhrí atá ann do lucht leanúna Chríost i mbreith Chríost: na flaithis ar oscailt (na haingil; faoi mar a bhí i mbaisteadh Íosa agus ag an Claochlú), scéala na n-aoirí faoin dteachtaireacht ó neamh faoi rúndiamhair Íosa, agus Muire á taisceadh ina croí agus ag machnamh ar na nithe sin, Muire máthair Íosa mar eiseamláir an chreidmhigh do Lúcás, ag machnamh ar rúndiamhair Íosa mar is dual do gach Críostaí. Ní dócha go bhfuil an creatlach ina shuíonn Lúcás breith Chríost, in éineacht le daonáireamh Quirinius (Cuiríon), stairíuil. Níos déanaí a tharla sin, sa bhliain 6 AD, nuair a rinneadh proibhinse Rómhánach de Iúdáia. Ach ní cumadóireacht ó thaobh Lúcáis na naíonscéalta sin. Is rí-chosúil go bhfuair sé iad, nó an t-abhar iontu, ón chomhluadar Críostaí in Iarúsailéim.

            Ba choir na naíonscéalta a mheas faoi mar ar chéadcheapadh iad – ní go bunúsach mar stair ach mar ábhar machnaimh ar rúndiamhair Chríost, pé acu ina naíonán dó nó ina shaol poiblí.

iii. Stairiúlacht thraidisiún lárnach na Soiscéal. Rinneadh traidisiún na soiscéal a mhúnlú ag creidmhigh i gCríost tar éis thréimhse an aiséirithe agus na deascabhála. Dóibh siúd, bhí Íosa, anois ar dheaslámh an Athar ar neamh, i láthair leo agus tríd an Spiorad Naomh ag threorú na hEaglaise. An méid a raibh cuimhne orthu faoi Íosa, faoina a bhriathra, a theagasc, a mhíorúiltí, rinneadh iad a sheacadadh ag creidmhigh, do chreidmhigh. Is féidir léargas ar seo a fháil s cheist Íosa ar a dheisceabail “Cé hé a deir sibhse mé?” i Marcas 8:29 ar thug Peadar an freagra (de réir Marcais): “Is tú an Críost”, agus d’ordaigh Íosa dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine. I soiscéal Mhatha (16:13) tá admháil chreidimh Pheadair agus freagra Íosa níos saibhre ná sin. Ansin is í ceist Íosa ná: “Cé hé a deir daoine Mac an Duine?”, ar thugann Peadar freagra de réir Mhatha: “Is tú an Críost, mac Dé bheo”, ar a thugann Íosa mar fhreagra: “Is méaner duit, a Shíomóin Bar Ióna. Óir ní fuil ná feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh”. Chuir Íosa mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost, an Meisias. Dealraíonn sé go mbaineann foirmliú seo Mhatha le forbairt Chríostaí níos déanaí ar phearsa Chríost agus ar fhoilsiú rúndiamhair an tslánaithe tríd.

            Cuirtear Íosa i láthair sna soiscéil mar chroílár an chreidimh Chríostaí. Ach is mian le staraithe, pé acu creidmhigh nó neamh-chreidmhigh iad, a dheimhniú cad é an t-eolas is féidir a bheith againn ar cad go díreach a dúirt agus a rinne Íosa, ag baint úsáide as na soiscéil agus téacsanna eile mar fhoinsí staire, seachas foinsí creidimh. Ar an dtogra seo tugtar “Ar Tóir Íosa na Staire”, brainse taighde atá go mór faoi réim le breis agus céad bliain anuas, agus fós lenár linn féin.

iv. Íosa na Staire. Is í is brí le “hÍosa na Staire”, mar a dúramar, ná pearsa, gníomhartha agus briathra Íosa mar is eol dúinn iad ó na téacsanna a bhaineann le hábhar (go mór mór na soiscéil, go háirithe na trí cinn tosaigh – na Sionoptaigh), téacsanna ar féidir le scoláirí glacadh leo mar fhoinsí staire, is cuma an le creideamh nó in easpa chreidimh na daoine sin: Caitlicigh chráifeacha, Protastúnaigh liobarálacha, Giúdaigh, agnóisithe, ainchreidmhigh agus eile. Tá an taighde sin déanta agus seo an méid ar féidir aontú leis ó na téacsanna sin mar fhoinsí staire faoi Íosa: gurbh ann dó, mhair sé, rinne sé seanmóireacht sa Ghailil, agus in Iarúsailéim chomh maith; bhailigh sé buíon deisceabal thart timpeall air, agus ina measc siúd bhí grúpa faoi leith (dáréag b’fhéidir); in aistear deiridh aige go hIarúsailéim d’éirigh idir é agus na húdaráis chreidimh ansin, mar gheall ar theagasc dá chuid ar an Teampall de réir dealraimh; dhaor na húdaráis chreidimh sin é; thug an gobharnóir Rómhánach breith an bháis air agus céasadh ar an gcrois é.

            Ach “Íosa na Staire” seo ar a dhéantar an méid sin taighde inniu, is teibíocht agus constráid, tógán, é. Ba mhór go mór an “fíor-Íosa”, an phearsa féin, ná ar féidir cur le chéile faoi ag an chritic stairiúil. Pearsa carasmatach a bhí ann a tharraing chuige féin buíon de dheisceabail thiomanta, a leanfadh lena shaothar agus a mhisean tar éis dó bheith céasta, agus an deimhne acu go raibh sé aiséirithe ó na mairbh, gur fhoilsigh sé é féin do fhinnéithe tofa, go raibh sé ina shuí ar dheaslámh an Athar agus go raibh an Spiorad Naomh seolta aige ar a lucht leanúna.

v. Críost an Chreidimh. De réir Shoiscéal Eoin (16:12-13) duirt Íosa lena dheisceabail: “Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois; ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht”. Ag Caesairia Philib chuir Íosa an cheist sé ar a dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?” agus “Cé hé a deir sibhse mé?” Ba é luathchreideamh an hEaglaise ná gur ardaigh an tAthair Críost ag a aiséirí agus a dheascabháil agus gur bhronn sé air ainm atá os cionn gach ainm, is é sin le rá “an Tiarna”, teideal a bhfuil admháil chreidimh istigh ann: Íosa ardaithe, ina shuí ag deaslámh an Athar agus ag seoladh an Spioraid ar an Eaglais. Chuaigh machnamh ar an ghaol idir Íosa le Dia an tAthair, agus sin taobh istigh de aondiachas docht Giúdach, ar aghaidh san luath-Eaglais. Faoi dheireadh na chéad aoise bhí Íosa á adhradh mar Dhia, mar a léirítear go soiléir a Soiscéal Eoin, mar shampla Eoin 10:30: “Is aon mise agus an tAthair”. I dtús agus i gcríoch Shoiscéal Eoin tá admháil creidimh in ndiagacht Íosa: “Ba Dhia an Briathar” (Eoin 1:1). Déanann Tomás an admháil chéanna do Chríost ag a dheireadh: “Mo Thiarna agus mo Dhia” (Eoin 20:28). Téann Eoin níos faide le admháil creidimh i bheith-ann síoraí Chríost mar an Briathar: “Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineach le Dia agus ba Dhia an Briathar” (Eoin 1:1). Cuireann an Litir chuig na hEabhraigh (a léitear ag Aifreann Lá Nollag) béim ar ghaol dlúth Chríost le Dia. Is é “scáil a ghlóire agus cló a shubstainte” é (Eabhraigh 1:3). Déanann an litir chéanna (1:8-9), fiú, tagairt do Chríost mar “Dhia”. Ach ceisteanna a bhí fós le freagairt ná nádúr ghaol seo Íosa le Dia: an raibh sé ointeilaíoch, meitifisiciúil, nó meafarach amháin. Lean géarchéim ar na ceisteanna a ardaíodh faoin ábhar seo i bhfoirm eiriceachta, Airiasachas (ainmnithe óna údar Arius thart ar 250-336) a shéan diagacht cheart Chríost, ag maíomh nach raibh Mac Dé síoraí ach go raibh sé cruthaithe ag an Athair as neamhní mar úirlis do chruthú an domhain, agus mar sin nárb Dia é ó nádúr, ach an dínit a bhí aige mar Mhac Dé gur tugadh dó í ag an Athair mar gheall ar a fhíréantacht a bhí réamhfheicthe. Lean an teagasc seo ag leathnú agus ag suaitheadh na hEaglaise (go háirithe san Oirthear). Le síocháin a thabhairt isteach shainmhínigh an Chéad Chomhairle Eacúiméineach ag Nicea (325 AD) teagasc na hEaglaise sa Chré atá fós á húsáid: “Creidim in nDia … agus in Íosa Críost … Dia ó Dhia …fíorDhia ó fhíorDhia; an tá a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá comhshubstaintiúil (d’aon substaint) leis an Athair; is tríd a rinneadh an uile ní”. Ag briseadh le traidisiún, bhain an Eaglais feidhm as téarma fealsúnachta (“comhshubstaintiúil”) lena teagasc a dhéanamh soiléir. Ní raibh téarma a oirfeadh sa Bhíobla le fáil.

Recommended Articles

Leave A Comment