27 Samhain 2016 (A) Céad Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Lúcháir na Aidbhinte. Fís na hAidbhinte

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Íseáia 2:1-5). Bailíonn an Tiarna na ciníocha uile le chéile i síocháin shíoraí ríocht Dé. Tá an séad seo tairngreachta le fáil beagnach focal ar fhocal i leabhar an fhaidh Míocá (4:1-4). Níl aon mhíniú cinnte ar an ghaol idir an dá théacs seo: an bhfuil ceann acu i dtuilleamaí an chinn eile nó an bhfuilid araon i dtuilleamai tairngreachta eile neamhspleách. Cuirtear an sliocht as Íseáia i láthair mar thús ar bhailiúchán tairngreachtaí an fháidh ar Iúda agus Iarúsailéim. Tá an tairngreacht seo 2:1-5 sainiúil i leabhar an fháidh Íseáia, agus go deimhin san Seantiomna ina iomlán, bíodh go bhfuil léargus uilíoch ag na Sailm faoi Ríocht an Tiarna. Ba chuid de ghnáth-bheatha stair Iosrael an cogadh, agus de ghnáth cuirtear na “náisiúin” (phagánacha) i láthair sa Bhíobla mar naimhde Iosrael. Is fís faoin todhchaí an tairngreacht seo, gan sprioc-dháta curtha maidir lena comhlíonadh. Sa Mheán-Oirthear ba ghnáth áit chónaithe na ndéithe ba thábhachtaí a shamhlú i sléibhte arda. Ag teacht leis an traidisiún seo deireann an téacs go mbeidh sliabh an Teampaill (áras Dhia Iosrael ar talamh) níos airde féin. Maidir leis na náisiúin (phagánacha) de, i dtéacsanna an tSeantioma atá fábharach dóibh, deirtear go mbeidh siad ar thuras go hIarúsailéim ag iompar bronnntanas – mar chomhartha omóis d’Iosrael. Anseo feictear iad ag teacht chuig Iarúsailéim, go Dia Iosrael, le eolas a fháil ar a thoil dóibh. Dá bharr sin feictear toil agus aigne fhoilsithe Dé (dlí Dé agus Briathar fáigiúil an Tiarna) ag dul ó Iarúsailéim, ó Shión, amach go dtí an domhan mór. Agus tá toradh fónta air sin go léir: beidh smacht ag Dia ar na ciníocha agus cuirfear deireadh le ullmhú chun cogaidh. De uirlisí cogaidh (claimhte, sleánna) déanfar uirlisí talmhaíochta (soic chéachta, corráin). Ré shíochána a bheidh ann. Seo fís ina fheictear na ciníocha ag siúl i solas an Tiarna agus glaotar ar phobal Dé féin, Iosrael, an rud céanna a dhéanamh.

Bhí tionchar sontasach ag an bhfís tairngreachta seo ar chúrsaí creidimh agus polaitíochta. Ba thoil le hÍosa go leathnódh craobhscaoileadh an tsoiscéil ó Iarusailéim, amach go himeall an domhain (Gníomhthartha 1:8). Ábhar inspioráide fís Íseáia do lucht polaitíochta chomh maith. Ón iliomad samplaí de seo ní gá ach ceann amháin a lua. I gairdiní na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrach tá dealbh cré uamha (leis an ealantóir Egeniy Vuchetich) le figiúr fir agus casúr i lámh amháin aige agus sa lámh eile claíomh lena bhfuil sé ag déanamh soc céachta as. Bronnadh an dealbh seo ar na Naisiúin Aontaithe ag Aontacht na Soibhéide sa bhliain 1959. Tá fís sin Íseáia ag spreagadh daoine i gcónaí le chríoch a chur ar uirlisí cogaidh agus an tsíocháin a chur chun cinn.

Salm le Freagra (Salm 122[123]). Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Téimis i dteach an Tiarna”.

An Dara Léacht (Rómhánaigh 13:11-14). Is gar dúinn ár slánú. I dtús an tsleachta seo, sa téacs bunaidh Gréigise den litir, d’fhéadfadh sé go bhfuil tagairt sna briathra ”nuair a thuigeann sibh” don méid atá scríofa ag Pól in aitheasc spreagtha díreach roimhe seo (caibidil 12-13): Fíoradhradh Dé, baill den aon chorp amháin, grá bráthar, géilleadh don údarás saolta, agus díreach roimh an sliocht seo: an grá mar chomhlíonadh an dlí. Baineann seo go léir le saol na gcreidmheach ar an saol seo. Leanann Pól ar aghaidh sa léacht seo ag caint ar an “uair” (kairos) (uair na cinniúna). Is é an “uair” atá i gceist ná ré eascatalóigeach na Laethanta Deiridh, a tugadh isteach le bás agus aiséirí Chríost, sin go deireadh an tsaoil. Ionann “an uair” sin agus tráth iomlán an heaglaise ar talamh. Cuireann Pól síos ar an saol (pagánach) do Chríostaíthe roimh bhaisteadh dóibh mar an oíche (dorchadas) agus an saol nua Críostaí acu mar sholas, an lá. Sa chumann soisialta pagánach d’fhéadfadh an oíche a bheith mar shiombal don ragairne agus don drabhlás. Ionann maireachtáil sa lá agus drom láimhe a thabhairt don na cleachtaí a dtugtar samplaí díobh sa léacht seo. I slí, tá cogadh le fearadh ag creidmhigh, cogadh le fearadh le éidi cogaidh an tsolais, ar a dtugann Pól i litreacha eile na suáilci diaga, creideamh, dóchas agus grá. In iomar an bhaiste bhain na nua-Chríostaithe díobh a sean-éadaí, agus ag teacht amach dóibh cuireadar orthu féin a gcuid éidí féin. Molann Pól dóibh Críost féin a chur orthu féin mar éidí, is é sin le rá bheith aontaithe go croí leis.

An Soiscéal (Matha 24:37-44). Bígí ag faire chun go mbeidh sibh ullamh. Sa véarsa díreach roimh an ceann seo dúirt Íosa nach fios d’aoinne, an Mac san áireamh, ach don Athair amháin mar gheall ar an lá nó an uair a thiocfaidh deireadh an tsaoil. Gairm atá sa sliocht seo bheith reidh don lá sin, do Ateacht, Téarnamh, Mhac an Duine. Léiríotar an teagasc le samplaí ón mBíobla agus ó ghnáth-shaol na haimsire sin.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Lúcháir na Aidbhinte. Fís na hAidbhinte.

I machnamh dá chuid do chéad Dhomhnach na hAidbhinte meabhragh an Pápa Benedict XVI go dtosaíonn bliain nua liotuirgeach leis an Domhnnach seo. Tosaíonn pobal Dé an athuair ar an mbóthar le rúndiamhair Chríost sa stair a mhaireachtáil. Ionann Críost inné, inniu agus i gcónaí. Ach athraíonn an stair de shíor agus tá gá aici i gcónaí le soiscealú, le teachtaireacht an tsoiscéil a thabhairt di. Tá gá ag an stair le hathnuachtaint ón taobh istigh agus is é Críost an t-aon fhíor-úire. Is eisean comhlíonadh na staire agus todhchaí solasmhar an chine dhaonna agus an domhain. Is í an Aidbhint, mar sin, an tráth fábharach, uair na cinniúna, le dúiseacht inár gcroíthe agus súil a bheith againn dó-sin “atá, a bhí, agus atá le teacht”.

            Téann an méid sin go léir léachtaí an lae inniu. Mionlach i saol dhomhan na Róimhe na Críostaithe ar scríobh Pól chucu, ach le buanseasmhacht chuaigh fís an fháidh i bhfeidhm ar shaol an chreidimh agus na poilitíochta.    

            Rud eile nach dochar machnamh a dhéanamh air: gairm seo na gCríostaithe don domhan, ní ualach ach cúis lúcháire í. Bronntanas ó Chriost dá lucht leanúna an lúcháir, an t-áthas (feach ar Eoin 15:11; 16:22-24; 17:13). Cúis mhachnaimh í seo don Adbhint.

Recommended Articles

Leave A Comment