20 Bealtaine 2018 (B) Domhnach Cincíse

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: An Spiorad Naomh, Féiniúlacht chine agus chreidimh

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 2:1-11). Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. Tá cur síos sa léacht seo ar eachtraí a thárla sa lá a dtugaimid Domhnach Cincíse air. Whitsunday a thugtar air as Béarla, sin le rá White Sunday toisc na héadaí a bhíodh á n-iompar acu siúd a bhí tar éis a mbaisteadh an lá sin. Is sa Ghréigis a scríobhadh Gníomhartha na nAspal agus is pentecostes, “an caogadú,” a tugadh ar an lá ansin, is é sin le rá an caogadú lá tar éis na Cásca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal “caogadú” ná Quinquagesima, agus bhí sin mar theideal ar an bhféile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a tháinig ainm na féile seo isteach sa Ghaeilge – sa Sean-Ghaeilge “cingciges”, a athraigh trí shéimhiú agus chailliúint an “g” deiridh go dtí Cincís na Nua-Ghaeilge. Ceann é de thrí fhéile na nGiúdach an Pentecostes, an Chincís, a bhí le ceiliúradh le sollúntas faoi leith. An chéad cheann díobh ná an Cháisc. Féile na Cincíse ag na Giúdaigh i dtús báire, is dócha gur féile an fhomhair a bhí ann, agus an t-arbhar aibí. In aimsir Chríost is cosúil go raibh bronntanas an Dlí ó Dhia do Mhaois á cheiliúradh ann.

Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabháil Chriost go deaslámh an Athar (a cheiliúramar an Domhnach seo caite), is fírinne, rúndiamhair, é ar féidir a léiriú mar sin, mar rúndiamhair, nó a ríomhadh mar eachtra le h-aireachtáil le céadfaí na colainne. De réir shoiscéal Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn Íosa an Spiorad Naomh ar na hAspail (aon aspal déag) Domhnach Cásca féin, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa léacht seo inniu tá Lúcás ag cur síos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chríostaí do na Giúdaigh agus don domhan mór.

Sa léacht áirithe seo inniu tá dhá radharc. Sa chéad cheann deirtear go raibh “siad go léir le chéile ar aon láthair”. Is dócha gurb iad na hAspail, na mná áirithe, maraon le Muire máthair Íosa agus bráithre Íosa, atá i gceist agus iad fós sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nGíúdach, agus iad ag guí gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall Íosa dóibh roimh imeacht uathu dó. Athraigh cúrsaí go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann Lúcás feidhm as íomhánna traidisiúnta le seo a léiriú: séideán gaoithe móire agus tine. Siombal atá an labhairt i dteangacha difriúla, b’fhéidir, ar an chumhacht nua chun an dea-scéal a fhógairt. Tabharfaidh an Spiorad deimhniú inmheánach dóibh faoi Chríost agus an dualgas a leag sé orthu.

Tógann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. Céad seanmóireacht an tsoiscéil atá ann agus bunú na hEaglaise. Don fhéile sin bheadh Giúdaigh chráifeacha ó gach cearn den impireacht Rómhánach in Iarúsailéim. Tugann Lúcás liosta díobh ar threo tuathail, ón oirthear siar: Pairtiaigh agus eile (ón Iaráin agus Iaráic an lae inniu), an tuaisceart (Tuirc an lae inniu), an tIarthar, an Éigipt agus cósta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an Róimh. B’fhéidir go bhfuil Lúcás ag féachaint ar an Chincís sin mar fhreascur ar Thúr Bhaibéil. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid tá tús curtha le misean na hEaglaise don domhan mór,

Salm le Freagra (Salm 103[104]. Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus déan aghaidh na talún a athnuachan.

Dara Léacht (1 Corantaigh 12:3-7, 12-13). San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir. Cuireann téacsanna an Tiomna Nua síos i slíte éagsúla ar ról lárnach an Spioraid Naoimh i mbeatha an duine aonair agus i mbeatha na hEaglaise ina hiomláine. Tugtar ainmneacha éagsúla ar an bpearsa dhiaga sin chomh maith, ina measc i Soiscéal Naomh Eoin an Sólásaí, an Paracléid, an t-abhcóide a thugann deimhne inmheánach faoina gcreideamh do na fíréin i gcoinne freasúra agus géarleanúna. I scríbhiní eile den Tiomna Nua tugtar air Spiorad Íosa, Spiorad an Chríost aiséirithe agus ghlóirithe, a thugann tíolacthaí éagsúla agus carasmaí faoin Eaglais dá baill. I léacht an lae inniu tugann Pól liosta de roinnt de na tíolacthaí sin. Ar tús tá tíolacadh an chreidimh, is é sin le rá a admháileann gurbh é “Íosa an Tiarna”. Admháil chreidimh an-luath í seo, ceann atá tréan le brí. Ionann í agus a admháil go bhfuil Íosa éirithe ó na mairbh, ina shuí ar dheasláimh an Athar agus go dtugann sé bronntanas an Spioraid Naoimh ar an Eaglais. Ardbhronntanas an Spioraid Naoimh é an creideamh. Ansin tugann Pól le fios go bhfuil rólanna éagsula le líonadh sa chomhluadar Críostaí agus tugann an Spiorad Naomh tíolacthaí éagsúla le sin a thabhairt chun críche. Leagann sé béim ar seo, nach do leas an duine aonair amháin iad seo, ach do leas an chomhluadair ina iomláine, leas na hEaglaise. Ag rá sin dó déanann sé comparáid idir an phobal Críostaí agus an corp daonna, ina chomhlánaíonn baill éagsúla an choirp a chéile. Cuireann an baisteadh Críostaí béim ar an aontacht seo, ina ghlacann gach aoinne an Spiorad céanna, nach bhfuil áit ann do dhifríochtaí maidir le stádas soisialta, daor nó saor, sclábhaí nó cathróir.

Malairt Dara Léachta (Galataigh 5:16-25). Toradh an Spioraid. Roghnaíodh an léacht seo go deas do fhéile na Cincíse de bhrí go bhfuil sí ag cur síos ar an Spiorad Naomh sa bheatha Chríostaí agus ar thoradh, nó ar thorthaí, an Spioraid Naoimh sa bheatha sin. Is fiú a mheabhrú an méid a scríobh Pól cúpla véarsa roimh thús na léachta seo: “Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre agus a shiúracha. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh mar chaoi don cholainn; ní hea ach bígí ag déanamh seirbhíse (“bheith mar sclábhaithe”) dá chéile le teann grá”. Tá cur sios sa léacht go léir ar an gcoimhlint atá ann, taobh istigh de na creidmhigh aonair, de dhá fhórsa, forsaí ar a ghlaonn Pól “an cholainn” agus “an Spiorad”. Is í is brí le “colainn” anseo ná na hainmhianta leithleasacha, sáile, agus déantar an téarma “colainn” a aistriú go minic sa tslí sin. An “cholainn” agus an “Spiorad” so chiall seo, ní dhá pháirt den duine aonair iad, ach ba bheaichte a rá dhá ainm ar dhá threoshuíomh difríula taobh istigh den phearsa iomlán. De bharr chumhacht na “colainne”, an fuinneamh chun sáile, chun a leasa féin amháin, níl ar chumas an chreidmhigh beart de réir a dhea-mhianta a dhéanamh. Gar do dheireadh na léachta deir Pól gurb ionann seirbhís a dhéanamh do Chríost agus na hainmhianta chun a leasa féin amháin a chur chun báis (“bás ar an gcrois”; “paisin agus mianta a chéasadh ar an gcrois”). Tugann sé liosta de ghníomartha na colainne (“sáile”), mar atá drúis, gáirsiulacht agus graostacht, eascairdeas, achrann agus formad, fearg, bruíonta, clampar agus fáicsin, éad, meisce, ragairne agus a leithéid eile. In áiteanna eile deir Pól gurbh iad siúd atá faoi threoir Spiorad Dé atá ina gclann mhac agus ina gclann iníonacha Dé. Is contrártha ar fad iad tiorthaí an Spioraid (mar a thugann Pól orthu) do ghníomhartha na colainne, na sáile. Tugann Pól liosta de naoi gcinn de na torthai seo i léacht seo an lae inniu. Mar a luadh thuas, roimhe seo mheabhraigh Pól do Eaglais na Galáite: “Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre agus a shiúracha. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh mar chaoi don cholainn; ní hea ach bígí ag déanamh seirbhíse (“bheith mar sclábhaithe”) dá chéile le teann grá”. Déantar sin trí bhronntanais, thorthai, an Spioraid Naoimh. Ba choir go mbeadh an Spiorad Naomh ag lonnú istigh sna Críostaithe (“ag maireachtáil sa Spiorad”) mar threoir acu sa bheatha, á dtabhairt chun maireachtáil le torthaí an Spioraid, sa dlí a deir leo grá a thabhairt dá chéile.

Soiscéal (Eoin 20:19-23). Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh. Tharla an eachtra seo tráthnóna Dhomhnach Cásca, an lá féin inar éirigh Íosa ó na mairbh. Díreach roimh an sliocht seo bhí cuntas ag Eoin faoi mar a theaspeáin Íosa aiséirithe é féin do Mháire Mhaigdiléana go luath maidin Cásca, á rá lei an scéal sin a thabhairt dá bhráithre, agus rinne Máire sin do na deisceabail. Ansin tráthnóna an lae sin thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail, agus iad taobh istigh de dhoirse iata, ar eagla dá naimhde. Ag teacht tríd na doirse iata léirigh Íosa go raibh corp aiséirithe aige, ach an corp inar cuireadh chun báis é ar an gcrois, leis na créachta ina lámha agus a cliathán. Ócáid sholúnta í seo ina thugann Íosa údarás do na dheisceabail a bhí rognaithe aige leanúint lena mhisean ar talamh. Bhí leanúnachas le bheith ann idir an misean a bhí faighte ag Íosa óna Athair agus a misean siúd tugtha dóibh ag Íosa féin. D’análaigh Íosa orthu, agus táid anois amhail a bheith baiste sa Spiorad Naomh mar bharántas go bhfuil siad ag leanúint le misean Íosa féin. Fuair Íosa bás ar son maithiúnas na bpeacaí. Mar a dúirt sé sna briathra atá againn i gcoisreacan an Aifrinn: bhí a chuid fola le dortadh chun maithiúnas na bpeacaí. Anois, an tráthnóna sin Domhnach Cásca, le bronntanas an Spioraid Naoimh leanfar ar aghaidh leis an obair shlánaithe sin trína dheisceabail agus an Eaglais.

Malairt Shoiscéil (Eoin 15:26-27; 16:12-15). Spiorad na fírinne a ghluaiseann ón Athair déanfaidh sé fianaise orm. An léacht seo is sliocht í ó na comhráite deiridh a bhí ag Íosa lena dheisceabail sul ar fhág sé slán acu. Bhí Íosa le himeacht ach bhí a mhisean, a shaothar leo, le fanúint. Bheadh leanúnachas ann. Rud lárnach i mbeatha agus i mbriathra Íosa ná an fhírinne. Ag teacht isteach sa saol seo d’Íosa, tháinig an grásta agus an fhírinne tríd (Eoin 1:17). Tháinig Íosa chun fianaise a thabhairt don fhírinne (Eoin 5:33). Ina phearsa féin ba é “an tslí, an fhírinne, agus an bheatha” é, ní fírinne theibí, ach fírinne gurb é Íosa féin agus a Athair í. I láthair Phioláit dó dúirt Íosa gur rugadh é le fianaise a thabhairt don fhírinne, focal nár thuig Pioláit a dúirt leis: “Cad is fírinne ann?” (Eoin 18:37-38). Ionann an fhírinne d’Íosa agus a shoiscéal faoi ríocht Dé, agus faoi ghrásta Dé le beatha réadach a dhéanamh den fhírinne sin. Nuair a rinnedh feoil den Bhriathar san Ioncollú bhí Íosa lán de ghrásta agus d’fhírinne (Eoin 1:14). Tar éis imeacht d’Íosa bheadh leanúnachas ann san Eaglais tríd an Spiorad Naomh, ar a dtugann Íosa sa téacs seo an Paracléid, focal Gréigise a bhfuil éagsúlacht bríonna ag gabháil leis, mar a léiríodh níos luaithe sa nóta ar Shoiscéal an Séú Domhnaigh den Cháisc. Brí amháin diobh san ná “Abhcóide” a oireann go breá don chomhthéacs seo. Cosnaíonn abhcóid agus cuireann sé cás an té a sheol é os comhair an phobail. Beidh an Spiorad Naomh, an tAbhcóid, ina fhinné d’Íosa i gcroíthe na bhfíréan, agus faoi stiúir an Spioraid Naoimh beidh na hAspail agus na creidmhigh ina bhfinnéithe chomh maith. Ní mór d’abhcóid agus do fhinné an cás atá le plé a thuiscint. Ba mhór idir “Íosa na staire”, an té a chonnaic na hAspail lena súile cinn ag teagasc, ag déanamh miorúilti agus a fuair bás faoi easonóir ar an gcrois, agus Íosa aiséirithe agus ar dheis an Athar. Ní fhéadfadh na hAspail na rúndiamhra sin, agus cinn eile fós, a thuiscint ag an suipéar deiridh, ach múinfeadh an Spiorad Naomh an uile fhirinne faoi Íosa agus faoina ghlóir dóibh. Leagann Íosa béim ar an aontas idir é féin, an Spiorad, agus an Athair. An méid a deirtear anseo faoi ghealltanas an Spioraid do na hAspail is fíor é faoin Eaglais, Corp Chríost, tríd an stair agus lenár linn féin. Faoi ghrásta an Spioraid Naoimh tagann an Eaglais ar thuiscint níos doimhne ar Íosa, ar a ghrá don chine daonna, agus ar mhisean na hEaglaise féin do shaol ár linne.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Spiorad Naomh, Féiniúlacht chine agus chreidimh

Cruthaíonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in Íosa, Íosa féin agus an Athair síos tríd an stair. Tugann sé le tuiscint dóibh gur clann don Athair iad. Foilsíonn sé dóibh glóir Íosa, fís den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann sé an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhféiniúlacht Chríostaí.

Tá féiniúlacht chine ann leis agus ar uairibh ionann í agus féiniúlacht chreidimh, nuair a bhíonn an creideamh céanna ag an cine go léir agus an cine faoi bhrú ón taobh amuigh. I gcás mar sin tógtar an creideamh mar chuid den chine agus ní bhionn aon teannas idir Eaglais agus an stát. Is mar sin a bhí in Éirinn roimh neamhspleáchas di agus i mblianta tosaigh an stáit nua. Is mar sin atá fós sa Ghréig. Baol mór atá ag gabháil leis seo ná go ligtear i ndearmad gur rúndiamhair go bunúsach í an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine réidh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine nó sa tsochaí.

In Éirinn anois tá an ré sin thart agus ní mór do phobal na hEaglaise abhus féiniúlacht chreidimh a chothú, eolas níos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi stiúir an Spioraid Naoimh, an tAbhcóid, Spiorad na fírinne a thabharfaidh glóir do Chríost trí chreideamh beo na hEaglaise.

Recommended Articles

Leave A Comment