Meitheamh 9 2013 (C) Deichiú Domhnach Saor

FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae
Críost, Pól agus an Eaglais

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)
Críost, Pól agus an Eaglais

Céad Léacht (1 Ríthe 17:17-24).

Féach, tá do mhac beo. Roghnaíodh an sliocht áirithe seo do liotúirge an lae inniu toisc gur cúlra oiriúnach é don léacht sa Soiscéal ina ghlaonn Íosa mac na baintrí thar nais ón mbás i gcathair Náin. Leis an sliocht a shuíomh ina chúlra sa Bhíobla féin, is mír de shraith scéalta é faoin fháidh agus ghiolla Dé Éilías, den chuid is mó de freasúra Éilías don rí Acháb agus a bhean chéile, an ríon Ízeibil, iníon le Etbaal rí na Siodónach, a bhí ag iarraidh cultas a dé bréige féin Baal a thabhairt isteach agus cultas an Tiarna, Dia Iosrael, a scrios. Leanann an fáidh Éilías mar a threoiríonn Dia é. Tugann Dia triomach ar Iosrael agus ar Shiodón. Tugann Dia ordú d’Éilías dul thar chríocha Acháb go criocha pagánacha Shiodón, áit ar thug sé ordú do bhaintreach bia a thabhairt dó. Cé go raibh sí féin agus a mac ar an ghannchuid rinne sí rud ar Éilías agus mhéadaigh Dia ar a stór (1 Ríthe 17:1-16). Mheabraigh Íosa cuairt seo Éilías ar an mbaintreach sin do mhuintir Nasaire (Lúcás 4:25-26). Tagann sliocht an lae inniu díreach tar éis eachtra sin chabhair na baintrí ar Éilías. Fuair mac bhean an tí bás. Cuireann sí forrán ar Éilías mar “giolla Dé” agus tá sí den tuairim gurb iad a peacaí féin is cúis le bás a mic. Iompraíonn Éilías an mac go dtí an seomra a bhí curtha in áirithe ag an bhaintreach dó agus shín sé é féin ar an leanbh trí huaire. D’fhéadfaí a mheas gur “draíocht chomhbhraiteach” a bhí anseo (tá eachtra cosúil leis ón fhaidh Éilíseá i 2 Rithe 4:32-37), ach lárnach don eachtra seo tá urnaí Éilías do Dhia agus freagra Dé chuige leis an bheatha a thabhairt thar nais do mhac na baintrí. Déanann an bhean admháil chreidimh gur giolla Dé dáiríre Éilías agus gur fíor briathar an Tiarna ina bhéal.

Salm le Freagra (Salm 29[30[). Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé.

An Dara Léacht (Galataigh 1:11-19).

D’fhoilsigh Dia a mhac ionam chun go ndéanfainn a Dhea-Scéal a fhógairt i measc na ngintlithe. An Domhnach seo caite, mar dhara léacht, thosaigh an léamh leath-leanúnach den litir chuig na Galataigh, nár léadh toisc cheiliúradh Sholúntais Chorp Chríost. Leanfaidh léamh na litreach seo ar aghaidh ar feadh na cúig Dhomhnachaí seo chugainn. Bhunaigh Pól an eaglais sa Ghaláit, pobal de bhunadh pagánach, neamh-Ghiúdach, den chuid is mó de réir dealraimh. Agus d’fhógair sé a shain-soiscéal ann, go dtagann an slánú ó chreideamh in Íosa, gan an timpeallghearradh nó cleachtadh Dhlí Mhaois a bheith riachtanach. Tamall níos déanaí tugadh le fios dó go raibh Críostaíthe Giúdacha, gan aon údarás eaglasta, tagaithe a chuir ina luí ar eaglais na Galáite go raibh an timpeallghearradh agus cleachtadh Dhlí Mhaoie riachtanach don slánú, agus go raibh Pól tar éis dallamullóg a chur orthu, fear nárb aspal ceart é ar aon chuma, duine nárb bhall de aspail Chríost ó thús. Mar fhreagra ar an ghéarchéim sin a scríobh Pól an litir seo chuig na Galataigh.
I sliocht spéisiúil dírbheatháisnéiseach ann leagann Pól béim ar an ghlaoch mar aspal a fuair sé ó Dhia, agus tugann sé eolas tábhachtach dúinn ar a bhlianta tosaigh mar Chríostaí. An soiscéal, an teachtaireacht, atá aige ní ó dhaoine daonna a fuair sé é; ní aspail den dara grád é, ach é tofa mar aspal díreach ó Dhia an uair a tionntaíodh chun Chríost é, tofa le dea-scéal a craobhscaoileadh chuig na pagánaigh, neamh-Ghiúdaigh. Ag teacht leis sin go léir, tar éis iompú chun Chríost dó ní théann sé chuig na haspail tosaigh (Céafas/Peadar agus an chuid eile) in Iarúsailéim le treoir a fháil uathu. Agus nuair a thugann sé cuairt ar Céafas (Peadar) níos déanai, ní chun cead seanmóireachta a fháil uaidh sin. An misean atá aige, tagann sé díreach ó Dhia, neamhspleách óna haspail eile.
Tá na sonraí dírbheathásinéiseacha sa sliocht thar a bheith spéisiúil. Is é is dóchaí ná gur cuireadh Íosa chun báis sa bhlian 30 iar-Chríost, agus gur tharla an ghéarleanúint, bás Stiofáin agus tiontú Shóil/Phóil chun an chreidimh i 32/33 iar-Chríost. Bhí Pól sa Damaisc agus san Aráib sna blianta 33-36, agus thug sé turas go hIarúsailéim agus Céafas (Peadar) in 36 Iar-Chríost. Deir Pól go ndeacha sé chun na hAráibe ar iompú go Críost dó. An Naibitéa atá i gceist, Petra mar phríomhchathair agus Aretas ina rí air. (Bhí iníon leis pósta ar Héaród Antipas na Gailíle.) Ní deirtear cad a rinne sé i bPetra na blianta sin. Cé go measann scoláirí áirithe gur ag craobhscaoileadh a chreidimh in gCríost a bhí sé, seans gur ag dianmhachnamh ar a stádas nua a bhí, agus ag cur le chéile an diagacht dhomhain sin a léireoidh sé ina a litreacha níos déanaí. In Iarúsailéim níor bhuail sé ach le Céafas (Peadar) agus le Séamas, bráthair an Tiarna, nárb aspal é, agus a bheidh ina cheannaire ar an eaglais in Iarúsailéim níos déanai

An Soiscéal (Lúcás 7:11-17).

A fhir óig, deirim leat, éirigh. Cuntas díreach atá anseo faoi chonas a thug Íosa fear óg thar nais ón mbás, aonmhac a mháthar agus ise ina baintreach. Tharla sin i mbaile ar a dtugadh Náin, ar ionann é is dócha agus an baile beag Arabach Nein an lae inniu, 14 ciliméadar (8.7 míle) slí ó Nasair. D’fhéadfadh sé go raibh an eachtra eile úd faoin fháidh Eilías a bhí againn sa chéad léacht ina aigne ag Íosa; mheabhraigh sé impleachtaí na míre díreach roimhe dá mhuintir sa sionagóg sa Nasair.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae
Críost, Pól agus an Eaglais

Leagtar béim mhór inniu i dtaighde ar “Íosa na Staire”, ar phearsa agus teagasc Íosa as Nasarat sa mhéid go bhféadfaí teacht ar eolas faoi sin le modhanna stairiúla amháin, téacsanna an Tiomna Nua ina measc, ach iad sin tógtha mar fhoinsí staire, seachas foinsí creidimh. Déantar téascanna na Soiscéal a scagadh go mion lena fháil amach cé mhéad díobh ar féidir a mheas a thagann ó Íosa féin go cinnte, go deimhin, gur dócha; nó nach deimhin ná dócha gur ó Iosa iad ach ar cumadh ag an comhluadar Críostaí. Ar uairibh d’fhéadfaí a mheas ó rudaí a deirtear nach den tábhacht chéanna don chreideamh ráiteas nó teagasc sna Soiscéil nach i mbriathra beachta Íosa féin iad, ach gur ón luath-eaglais iad. Nuair a chuirtear an bhéim go léir ar a bhriathra beachta agus na gníomthartha cinnte a rinne Íosa, is éasca scoilt a dhéanamh idir Chríost agus an Eaglais a lean tar éis bhais agus airséirí dó, amhail is go mba buaic-phointe Íosa na staire agus tréigean a fhíse ar imeacht dó. Mar a cuireadh é i ráiteas léanta blianta fada ó shoin: “D’fhógair Íosa na ríocht agus is é a eascair as ná an eaglais”.

Tugann an dara léacht inniu as litir Phóil chuig na Galataigh deis dúinn machnamh a dhéanamh ar cheisteanna dá leithéid. I dtosach báire bhí Íosa ann agus an buíon (Dáréag) a bhí roghnaithe go speisialta aige, agus lucht leanúna eile nach iad. Tar éis a chéasadh agus a aiséirí thaispeáin Íosa é féin dóibh agus thug ordú dóibh an Dea-Scéal a fhogairt go himeall an domhain. Ba fhinnéithe súl iad ar a shaothar poiblí ó bhaisteadh Eoin go dtí a dheascabháil — a tharla dachad lá tar éis a aiséirí de réir chuntais Lúcáis. Ansin tri bhliain níos déanaí tháinig Pól agus a iompú chuig Críost. Thaispeáin Críost aiséirithe é féin dó chomh soiléir agus cinnte agus a bhí déanta aige don Dáréag agus daoine eile, agus thug misean dó Dea-Scéal an tslánaithe a fhogairt do na gintlithe. Chuir seo Pól ar chomhcheim leis na haspail eile.

Is brainse léinn ionraic é taighde ar “Íosa na Staire”, ar an méad ar féidir linn teacht ar a dúirt agus a rinne Íosa le foinsí staire amháin. Ach ní féidir Íosa agus dá sheasann sé a theorannú don stair amháin. Ní raibh i bheatha shaolta Íosa, ar an domhan seo, ach tús le foilsiú rúndiamhair shlánaithe Dé. Cuid den rúndiamhair chéanna a bhás, a aiséirí, a dheascabháil go deasláimh Dé, teacht and Spioraid Naoimh agus, fiú, rogha Phóil mar aspal do na gintlithe. Lean foilsiú na rúndiamhaire ar aghaidh sa luath-eaglais leis an bua speisialta a tugadh do fháithe críostaíthe ar inpleachtaí na rúndiamhaire sin a dhéanamh níos soiléire. Ní mór don chreidmheach a áit chui a thabhairt don taighde ar Íosa na staire, agus do rúndiamhair an tslánaithe.

Recommended Articles

Leave A Comment