Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Chríostaiocht agus anam an phobail
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezícéal 33:7-9). Mura dtugann tusa rabhadh don drochdhuine, cuirfidh mé an fhreagracht as a bhás ortsa. Tá trácht sa léacht seo ar an fháidh Ezícéal bheith ceaptha ag Dia mar fhear faire do phobal Iosrael le rabhadh a thabhairt dóibh faoi bhaol an pheaca. Tosaíonn an téacs seo sa Bhíobla le sampla de fhear faire in aimsir an fháidh féin. Inniu tá taithí again ar an mbaol ó bhuamaí agus a leithéidí, nuair bhaintear an t-aláram, nó an bonnán. Fear faire an lae inniu a dhéanann sin. An té nach dtugann aird ar an aláram agus an rabhadh agus a chailltear, ní ar ar bhfear faire an fhreagracht faoi. Ba aimsir chogaidh í ré Ezícéal, le baol ón chlaíomh agus ón namhaid ag teacht faoi dhéin cathrach. Cuirtí fear faire ar gharda le séideadh ar an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill. Dá gcloisfeadh duine fuaim an trumpa gan aire a thabhairt dó, bheadh sé nó sí freagrach ina bhás féin. Dá mba rud é nár sheinn an fear faire an trumpa agus go gcaillfí duine, bheadh an fear faire, an garda, freagrach as a bhás. Ón sampla sin casann an téacs go dtí an fáidh mar gharda, mar fhear faire, do mhuintir Iosrael, le rabhadh a thabhairt thar cheann Dé don drochdhuine. Muna dhéanann an drochdhuine aithrí agus iompú óna pheaca, is é fein, agus ní an fear faire, atá freagrach as a íde.

Salm le Freagra (Salm 94[95]). Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghlór inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí’.

Dara Léacht (Rómhánaigh 13:8-10). Is é an grá comhlíonadh an Dlí. Sna véarsaí díreach roimh an téacs seo deir Pól le Críostaithe na Róimhe bheith cúramach faoi cánacha a íoc don stát, agus a íoc do chách a bhfuil dlite dó: an cháin d’fhear na cánach agus an dleacht d’fhear na dleachta, urraim agus omós dóibh gur díol urraime agus omóis. Tugann sin go grá an chomharsa é, leis an moladh gan fiacha ar bith a bheith ar aon duine den chomhthionól Críostaí ach amháin fiacha an ghrá dá cheile. Is é an grá, a deir sé le samplaí, comhlíonadh an Dlí. Duirt Pól an rud ceanna ag scríobh chuig na Galataigh dó (5:14) Tá traidisiún Giúdach agus luath-Chríostai taobh thiar de seo. Nuair a chuir an dliodóir, an scríobhaí, an cheist ar Íosa: “Cén aithne mhór sa dlí?”; d’fhreagair Íosa: grá an Tiarna an aithne mhór agus an phríomhaithne, agus is cosúil leis sin an dara ceann: “Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin. Ag braith ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe” (Matha 22:34-40). Agus, ar ndóigh, thug Íosa míniú nua ar cérb é an comharsa sa pharabal ar an Samáireach Fónta.

An Soiscéal (Matha 18:15-20). Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat. Is cuid de chaibideal é seo ina a chuireann an soiscéalaí Matha síos ar riar an chomhthionóil Chríostaí: faoin té is mó sa ríocht, an ríocht a ghlacadh mar leannaí, cúram gan scannal a thabhairt do bhaill laga san eaglais, dul ar tóir na caorach caillte nó ar seachrán; agus ansin an téacs seo againne. Maidir leis an chéad mhír den téacs, is é an gnáthleagan de a ghlactar leis ná na focail “bráthair a dhéanann peaca i d’aghaidh” mar chuid de. Bíodh nach luaitear an peaca, mheasfadh duine gur briseadh muintearais atá i gceist. Ach níl sé cinnte gurb chuid den bhunleagan “i d’aghaidh” in aon chor. Peaca trom a bheadh ann in súile an chomhthionóil, agus leagtar síos noirm conas réiteach na ceiste a fháil de réir spiorad an tsoiscéil mar ar tuigeadh sin – i dtosach leis an duine é féin, ansin dá mba ghá le finné amháin nó le beirt, agus ansin os comhair an chomhthionóil. Bhí a leithéid de noirm ag manaigh Ghiúdacha Qumran. An bhreith a thugann an comhthionól – bheith réidh leis, “ina phagánach agus ina phoibleacánach” — tá sé dian. Níl aon tagairt ann le glacadh thar nais, breith nach dtagann rómhaith leis an chúram don chaora chailte, nó ar strae, a raibh trácht air níos luaithe

            Maidir le brí an téacs, ní dhéanann na briathra “i d’aghaidh” mórán difríochta an ann nó as dóibh. D’fhéadfaí aragóint i bhfábhar iad a bheith ann, agus gur easpa maithiúnais agus athmhuintearais a bhí i gceist, a thógaint ag briathra Pheadair do Íosa a thagann go luath i ndiaidh an tsleachta seo: “Cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair a chiontaíonn i m’aghaidh?”

            I ndiaidh bhreith an chomhthionóil tugann Íosa don chomhthionól féin an chumhacht chun ceangailte agus scaoilte a thug sé do Pheadar ag Céasaráia Philib, agus tugann sé gealltanas go mbeidh sé i measc beirt nó triúr bailithe le chéile ina ainm ag guí. Beidh toradh ar a n-achainí ón Athair ar neamh.

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Chríostaiocht agus anam an phobail

Sna saolta seo nuair atáthar ag iarraidh tionchar na hEaglaise i gcúrsai an phobail a mhaolú nó a chur ar cheal, nó fiú a mhaíomh gur baol don phobal í, ní dochar machnamh a dhéanamh ar an ábhar maraon le briathar Dé san Aifreann, go háirithe cuid den mhéid a deir Naomh Pól leis na Rómhánaigh sna sleachta atá á léamh againn sa liotúirge le cúpla Domhnach anuas. As an dí-eaglaisiú leanann béim sa taobh seachtrach den duine aonair agus den stát, as a leanann folús spioradálta sa duine aonair, agus an baol dóibh bheith gan treoir sa saol agus in easpa nirt in am an ghátair.

            Is léir go bhfuil an iliomad fadhbanna sa tsochaí ar eol dúinn inniu — droganna, agus a leanann astu mar mhí-ádh do theaghlaigh, brú ar andúiligh íoc as na drogaí agus bagairt phionóis nó bháis fíu orthu féin nó ar a muintir muna íocann, dúnmharú nó gortú le sceana. Is soiléir go bhfuil an tsochaí is eol dúinn éirithe garbh sna slíte seo agus i modhanna eile. Déanann an rialtas agus na heagrais stáit, agus eagrais eile, iarracht nó a ndícheall dul in ngleic leis na fadhbanna, ach tá buntomhas san ábhar a théann thar rialtas nó eagras ar bith, agus is é sin anam an duine aonair agus na fórsaí ag feidhmiú istigh ann. Na daoine a dhéanann machnamh ar staid an cine dhaonna, nó na sochaí seo againne, inniu labhraíonn siad faoin easpa meitifisice nó substainte ann, amhail is nach mbeadh sa duine ach tnútháin, paisin agus a leithéidí gan substaint taobh thiar díobh le treoir a thabhairt. Is fiú machnamh air sin. Tá gairm againn rud a dhéanamh dá réir, go mór mór ag machnamh dúinn ar chaibidil dheiridh na litreach chuig na Rómhánaigh.

Recommended Articles