26 Eanair 2014 (A) An Tríú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tús maith. Aithrí, Athrú, Creideamh sa Soiscéal agus san Eaglais

A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 8:23-9:3).

I nGailíl na ngintlithe chonnaic an pobal solas mór. An fáidh a chum an léacht seo bhí sé ag féachaint siar agus ar aghaidh –siar ar an slad a rinneadh ar an Ghailíl, ag fórsaí na hAsaíre, is dócha sa bhliain 732 roimh Chríost. Dorchadas a bhí ann nuair a cuireadh déithe bréige in ionad Dhia Iosrael. Ansin féachann sé ar aghaidh nuair a heidh an bua ar an dorchadas sin. Tá cur síos ar an riméad a bheidh ann an lá sin, bua mar a bhí ag Iosrael ar a naimhde ar na Midianítigh, creachadóirí, in aimsir na mBreithiúna. Tá an téacs gairid seo de fháistine an fháidh Íseáia roghnaithe don lá inniu toisc go mbaineann an soiscéalaí Matha úsáid aisti i dtéacs an tsoiscéil a léitear inniu. Déantar sliocht níos faide den fháistine a léamh in Aifreann na Gine, Oíche Nollag.

Salm le Freagra (Salm 26[27]). Is é an Tiarna mo sholas agus mo shlánú.

Dara Léacht (1 Coirintigh 1:10-13, 17).

Impím oraibh sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh. Léadh brollach na litreach seo an Domhnach seo caite, téacs ina labhraíonn Pól ar na buanna móra atá bronnta ag Dia ar chreidmhigh na hEaglaise óige i Coirint, pobal tofa, naofa, ar a ghuíonn sé grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Mothaíonn sé anois go bhfuil beatha Chríostaí na heaglaise sin i mbaol de bharr cultas pearsantachta ann. Bhí an baol ann go gcothódh an t-easaontas seo agus an cultas seo míthuiscint ar nádúr ceart eaglais Chríost. Sa litir seo beidh Pól ag plé leis an cheist seo san ceithre chaibideal tosaigh a bheidh á léamh san Domhnachaí amach romhainn. Bhí Pól ag craobhscaoileadh an tsoiscéil ar an dtaobh thoir den Mhuir Adriad, in Eifeasas is dócha, nuair a tháinig eolas faoin easaontas seo i Coirint chuige ó “mhuintir Chlóé”, sclábhaithe nó toscairí ó ghnólacht Chlóé i Coirint de réir dealraimh. Bhíodar roinnte i ghrúpaí le dílseacht do “eaglaisigh” faoi leith’: Pól, Apollós, Céafas (Peadar), agus fiú Críost. Giúdach éirimiúil, léanta, dea-labhartha, ó Chathair Alasdair ab ea Apollós, sároilte ar na Scrioptúir. Bhíodh sé ag tabhairt teagaisc chruinn faoi Íosa bíodh nárb eol dó ach baisteadh Eoin. In Eifeasas thug Priscille agus Acula, cairde Phóil, eolas níos cruinne dó ar Chríost agus moladh dó dul go Coirint le cabhrú don eaglais óg ansin. Ní raibh aon bhaint ag Apollós leis an easaontas sin. D’fhág sé Coirint, agus níor fhill. Bheadh eolas ag an eaglais uile ar stádas Pheadair (Céafas) i measc na nAspal, ach ní dócha gur thug sé cuairt ar Choirint. Níorbh duine i measc ceathrar Críost. I gCríost amháin a bhaisteadh na creidmhigh, i gCríost céasta, agus is trí chrois Chríost amháin a thuigtear creideamh Chríost. Bhí baint ag an dúil san eagna dhaonna san easaontas sin i gCoirint. Leagann Pól béim ar an chrois mar chroílár an chreidimh. Níor éirigh leis an saol trína chuid eagna aithne a chur ar Dhia, ach shlánaigh Dia an domhan trí dhith céille na croise. Mar adeir Pól: “Is críonna díth céille De ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná na duine”. Téann sé ar aghaidh leis an pointe sin a léiriú. Níl in aoinne eile, aspail nó eile, ach comhoibrithe Dé. Ansin leagann sé béim ar a ionad féin mar aspal, lena mheabhrú don eaglais agus lucht an easaontais go bhfuil air mar aspal na bunpriondabail seo a léiriú gan scáth gan eagla.

An Soiscéal (Matha 4:12-23)

Chuir sé faoi i Cafarnáum chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia. Sa sliocht seo cuireann an soiscealaí Matha tús le beatha phoiblí Íosa, le béim gur tharla sé sa Ghailíl. D’fhág Íosa Nazarat agus chuir sé faoi i gCafarnáum, agus meabhraíonn Matha dúinn go raibh an áit sin i sean-chríocha Zabúlun agus Naftáilim. Mar is nós le Matha, tugann sé le fios gur chomhlíon sin fáistine an fháidh Íseáia a bhí againn inniu mar chéad léacht. D’fhógair Íosa go raibh ré nua tagaithe, le glacadh le aithrí, athrú meoin, agus creideamh sa Soiscéal. Ghlaoigh Íosa chomh maith ar a chéad dheisceabail, Siomón (Peadar) agus a dheartháir Aindrias, agus Séamus agus a dheartháir Eoin, agus deirtear linn gur leanadar Íosa láithreach. Sa soiscéal is eiseamláir iad seo do ghairm Dé chun na Críostaíochta agus an ghairm do Chríostaíthe don ministreacht san eaglais. Ní gá ionadh a bheith orainn gur leanadar Íosa chomh tapa sin. Is eol dúinn ó shoiscéal Eoin go raibh aithne acu ar Íosa cheana nuair a bhuail sé leo ag an Iordáin mar a raibh Eoin Baiste ag baisteadh.

C.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Machnamh agus Agallamh: Tús maith. Aithrí, Athrú, Creideamh sa Soiscéal agus san Eaglais

Machnamh. Tús maith. Aithrí, Athrú, Creideamh sa Soiscéal. Taimid i dtús thráth shaor na bliana i liotúirge an Domhnaigh. Ábhar machnaimh dúinn inniu mar ar chuir Íosa tús lena a chuid misinéireachta. Bhí ré nua tagaithe agus ríocht Dé buailte leo. Cuirtear béim ar dhá thréith anama agus aigne atá riachtanach: aithrí agus creideamh. Ionann i slí an dá rud. Ionann aithrí sa chomhthéacs seo agus athrú meoin, ar ghá dóibh siúd chomh maith narbh fheasach dóibh peacaí a bheith acu. Ionann í agus athrú meoin, meon agus beatha a bhí ag dul i dtreo amháin ach anois le dul i dtreo eile. Beidh treoir don slí nua seo le fáil sa Soiscéal, i bpearsa Íosa agus ina theagasc, faoi stiúir a Spioraid Naoimh. Ní oiriúnacht pholaitiúil nó chine atá i gceist, ach creideamh i nDia atá ag labhairt lena phobal Iosrael agus an domhan trína Mhac Íosa atá ungtha ag a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh.

 

Agallamh le saol an lae inniu. Eagna dhaonna agus eagna Dé. I saol poilitíochta an lae inniu tá meas mór ar Íosa agus an cúram a bhí aige do na boicht agus dóibh a bhi faoi leatrom agus ar an imeall. Is maith sin. Baineann sé i slí leis an tuiscint atá ag roinnt mhaith den chine daonna air féin, go mór mór san Eoraip, ón ghluaisesacht fealsúnachta, an Eagnaíocht, an Soilsiú, anall: dul chun cinn don chine daonna gan tagairt do Dhia ná do Íosa. Is eagna dhaonna é. Ach, mar a mheabhraigh Pól dúínn inniu agus mar a dhéanfaidh sé na Domhnachaí seo romhainn, ní thuigtear an soiscéal trí eagna dhaonna ach le creideamh i gCríost céasta. Ní mór don Chrois bheith i gcroílár na hEaglaise. Fírinne bhunusach i seo ar fiú cuimhneamh uirthi in agallamh le saol an lae inniu.

Recommended Articles

Leave A Comment