2 Feabhra 2014 Toirbhirt an Tiarna. Lá Fhéile Muire na gCoineall

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bteatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae

Réamhrá. Taobh thiar den Fhéile seo sa Róimh, san Iarthar, agus in Éirinn bhí traidisiún agus deasghnátha roimh-Chríostaí. Ó thaobh ama de bhí an lá inniu leathshlí idir ghrianstad an gheimhridh (Nollaig 21) agus eacaineacht an Earraigh, 21 Márta. Bhí an ghrian, dia do mhórán, ag dul i dtreie. Do Ghaeil ba thús séasúir eile é, tar éis Samhna, leis an bhFéile Imbolc, pé ar bith ceiliúradh a bhí ag gabháil leis sin. Ach do Chríostaíthe an Iarthair dachad lá tar éis fheile bhreith Chríost a bhi ann, agus ceiliúradh a thoirbirt sa Teampall. Fógraíodh ansin é mar sholas chun na náisiún, agus ceiliúradh an Fhéile le solas coinnle. I slí is clabhsúr ar thréimhse na Nollag an Fhéile seo.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Malací 3:1-4).

An Tiarna atá agaibh á lorg, tiocfaidh sé isteach ina theampall go tobann. Ionann an focal Malací san Eabhrais, inar scríobhadh an leabhar seo, agus “mo theachtaire”, briathra atá ag tús na léachta seo, agus measann scolairí áirithe gur óna briathra sin ainm an leabhair, agus nach fios dúinn dáiríre ainm an fháidh féin nó údair an leabhair seo. Ach is cuma faoi sin. Sórt agallaimh idir Dia agus a phobal, ceisteanna acu siúd agus freagra ag Dia, Sa mhír áirithe seo deir Dia go bhfuil sé chun teacht le Teampall Iarúsailéim agus an tsagartacht (“clann mhac Leiví”) a ghlanadh, le go mbeafdh íobairt cheart á hofráil acu don Tiarna. I dtús na léachta tá cur síos ar an Tiarna agus ar theachtaire, teachtaire an Tiarna, atá le teacht.  Ionann iad i slí. Ag teacht le friotal an tSeantiomna d’fhéadfaí “teachtaire (aingeal) an Tiarna” a úsaid in ionad an Tiarna, le homós do ainm naofa Dé. Beidh sé ag teacht leis an Teampall, an tsagartacht, agus a bhaineann leo a ghlanadh, a scagadh, mar ghalúnach, mar úcaire. Baineann an chuid seo den fháistine le friotal an tSean- Tiomna. Ní mar sin a tháinig an Tiarna Íosa chuig a Theampall, ach mar leanbh i mbaclainn a mháthar.

Salm le Freagra (Salm 23[24]). Cé hé an Rí seo na glóire? Is é an Tiarna é.

Dara Léacht (Eabhraigh 2:14-18).

Níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach sli. Tá teachtaireacht na léachta seo soiléir, agus ag teacht le téama na féile atá á comóradh againn. Is duine dínn féin é Íosa, ball den chine daonna. Ní aingil is cúram do Dhia ach clann Abráhám agus an cine daonna. Leagann an téacs béim láidir ar sin. Ghlac Íosa ár nádúr daonna chuige féin. Cuid de phlean Dé é sin, le go mbeadh Íosa mar cheannródaí, threoraí agus eiseamláir againn. Is bráthair linn Íosa, agus níorbh fholáir dó bheith cosúil linne, a bhráithre, in ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach i láthair Dé. Le linn a shaoil ar talamh agus ina pháis d’fhulaing sé agus cuireadh cathú air. Bhí tuiscint aige don nádúr daonna, a uaillmhianta agus a laigí i rith a shaoil abhus. Tuigeann sé sin go fóill mar ardsagart ar neamh. Tuigeann sé iad siúd ar éirigh go maith leo, agus iad siúd ar theip an saol orthu. Is féidir leis cabhrú leo uile.

An Soiscéal (Lúcás 2:22-40).

Tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil. Cuireann an téacs seo síos ar bheatha Iosrael sa tsean-ré, maraon le léargas ar ré le teacht. Bíodh gur bhris Pól le Dlí Mhaois mar ba dhual dá mhisean do na pagánaigh, thuig sé gur thug muintir Íosa omós don Dlí sin. Mar ar scríobh sé chuig na Galataigh: Nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean, a rugadh faoin Dlí (Galataigh 4:4).  Cuireann Lúcás béim ar an dílseacht a bhí ag Muire agus Iosef do dheasghnátha an Dlí. De réir Dlí Mhaois bhí ar mháthair í féin a ionghlanadh dachad lá tar éis saolú mac di. Sin bunús na Féile seo. Bhí foráileamh eile sa Dlí céadghin mic a choisreacan don Tiarna. Rinne Muire agus Iosaef sin leis ag an ócáid chéanna, ag ofráil íobairt na mbocht: péire colm nó dhá ghearrcach colúir.  Filleann Lúcás ar a ndílseacht don Dlí ag deireadh na léachta: D’fhilleadar ar an Ghailíl nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir an Dli.

Eachtra shimplí a bhí ann gan plean Dé agus siombalachas na hócáide a chur san áireamh. Bhí fáistine leabhar Malací ann faoin chuairt a bhí Dia le tabhairt ar an Teampall. Siomból de chaidreamh Dé lena phobal tofa in ngach ré an Teampall,  ré a bhí thart, an saol ann anois agus ré le teacht. Is beag duine an lá sin a thabharfadh suntas do thuras sin Muire, Iosaef agus an leanbh Íosa. Ach bhí beirt ann a thuig tábhacht agus brí na hocáide trí lonradh an Spioraid Naoimh – an fáidh Simeón agus an banfháidh Anna. Bhíodar beirt ag feitheamh le comhlíonadh dhóchas Iosrael, go mór mór mar a léirigh Dánta Ghiolla Dé i leabhar Íseáia an dóchas sin. Bhí ainmneacha faoi leith acu ar an dóchas sin – an Meisias nó Críost an Tiarna,  Solás Íosrael, slánú.  do Shimeón; fuascailt Iarúsailéim do Anna. Faoi inspioráid an Spioraid Naoimh fógraíonn Simeón gur solas chun na náisiúin a shoilsiú Íosa agus glóir do phobal Iosrael. Meabhraíonn sé do Mhuire, máthair an linbh, gur dán don leanbh seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe, agus ina chomhartha a shéanfar. Sa searmanas simplí sin sa Teampall, inar thug Dia cuairt ar a phobal, tá réamhchomhartha do bheatha Íosa agus do stair na heaglaise – Íosa comhartha a shéanfar.

C. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Íosa solas an domhain, comhartha a shéanfar.

Ábhar machnaimh dúinn uile go pearsanta agus firinne le tabhairt chun cuimhne in aon agallamh maidir le ceisteanna an lae briathra sin an fháidh Simeón do Mhuire faoina mac Íosa. Solas an domhain é Íosa. Tháinig sé le beatha a tabhairt don domhan agus í a thabhairt go fial. Tá a chuid aspal, agus a lucht leanúna uile, seolta amach aige le bheith ina salann na talún agus ina solas don domhan. Tá teagasc Íosa faoi mheas mór fiú ag daoine nach chreideann san Eaglais ná fiú i nDia. I mbeatha Íosa féin, tríd an stair agus fós inár laethanta féin, cuirtear go nimhneach i gcoinne na hEaglaise, a teagasc agus a háit sa saol poiblí. Go minic is iad na scannail is cúis le cáineadh na hEaglaise. Ach is minic nach bhfuil iontu sin ach leithscéal le fogha a thabhairt in éadan gach a bhaineann le foilsiú Dé agus dílse na hEaglaise dó sin. Ní mór peacaí san Eaglais a admháil, ach san am céanna is fiú bheith san airdeall faoi Chríost mar chomhartha a shéantar inár laethanta féin.

Recommended Articles

Leave A Comment