11 Deireadh Fómhair 2015 (B) An tOchtú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An péarla róluachmhar. An tAon Rud Riachtanach.
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Eagna 7:7-11). Ba neamhní liom an saibhreas lena hais. Is é atá sa léacht seo ná cuid dá gcuirtear i láthair sa leabhar mar urnái an Rí Solamh ar son na heagna. Dearcadh ar an Rí Solamh i dtraidissiún an Bhíobla mar an t-eagnaí par excellence. Cuirtear i láthair sa Bhíobla é (1 Ríthe 3:7-9; 5:12) ag impí ar Dhia croí tuisceanach chun an mhaith a aithint ón olc a thabhairt dó, le go mbeadh ar a chumas bheith i gceannas ar a phobal, pobal Dé. Scríobhadh Leabhar na hEagna na céadta bliain tar éis ré Sholaimh, ach istigh ann tá an rí ag guí i gcóir eagna le rialú i gceart. Ach sa leabhar seo is é an “rí” atá i gceist ná cách, gach duine, agus is é téama an téacs seo faoin urnaí ná go bhfuil bronntanas na heagna diaga riachtanach le go maireadh duine beatha a raibh brí agus aidhm leis. Tá an méid seo curtha go deas ag deireadh urnaí “Sholaimh” (Eagna 9:9-12): “Tá an eagna i do chuideachta; is eol di d’oibreacha go léir; bhí sí i láthair nuair a bhí tú ag cruthú na cruinne, tuigeann sí céard is taitneamhach leat agus céard is ceart de réir d’aitheanta. Seol amach as na flaithis naofa í; cuir chugam í ó do ríchathaoir ghlórmhar le go mbeidh sí ag cuidiú agus ag comhoibriú liom i dtreo go bhfoghlaimeoinn céard is áil leat. Mar tá fios gach feasa aici agu tuigeann sí an uile ní. Treoireoidh sí mé go stuama i mo ghnóthaí uile agus cosnóidh sí mé lena glóir. Ansin beidh mo ghníomhartha taitneamhach leat”. Sa léacht seo cloisimid “an Rí Solamh”, is é sin le rá, cách, gach aoinne, ag cur síos ar bhronntanas diaga seo na heagna mar an péarla róluachmhar ar chóir meas a bheith air thar gach rud eile.

Salm le Freagra (Salm 89[90]). Tabhair dúinn ár sáith de do bhuanghrá is déanfaimid gairdeas.

Dara Léacht (Eabhraigh 4:12-13). Tugann briathar Dé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Is féidir linn tuiscint níos iomláine de dhoimhne na léachta seo a fháil má dhéanaimid í a léamh taobh istigh dá suíomh bunaidh sa litir seo chuig na hEabhraigh. Sa mhír den litir roimh an léacht seo tá an t-údar ag tabhairt rabhaidh faoi easpa creidimh don chomhluadar Críostaí lena bhfuil sé ag scríobh. Cuireann sé síos go mion ar stair phobal Iosrael san fhásach agus ar theachtaireacht an Bhíobla nár shrois a lán den ghlúin sin an Tír Tairngire de bharr a n-easpa creidimh. Tá sin curtha i bhfilíocht i Salm 95(94):7-11, leis an gcurfá: “Á, dá n-éisteadh sibh lena ghuth inniu: Ná calcaigí bhur gcroí”. De bharr a n-easpa creidimh, deir an salm nach ndeacha an ghlúin sin isteach sa Tír Tairngire, ar a dtugann Dia sa salm “mo suaimhneas”, áitreabh mo shuaimhnis. Bhí guth Dé gníomhach tríd trí stair Iosrael, ag glaoch ar a phobal gan a chroí a chruachann. Má calcann siad a gcroí ní rachadh siad isteach i suaimhneas Dé, san oidhreacht a bhí i ndán dóibh. Deireann údar na litreach chuig na hEabhraigh go mbaineann na briathra sin leis an chomhluadar Criostaí a bhfuil sé ag scríobh chucu chomh maith leis na glúine roimhe sin. Bhí guth Dé ag labhairt leo, agus le cách, ag tabhairt rabhaidh i gcoinne easpa creidimh. I léacht an lae inniu ní guth Dé a luann an t-údar, ach briathar Dé atá beoúil bríomhar. In Íseáia 55:11 deir Dia: “Is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích”. I léacht an lae inniu ionann briathar Dé agus Dia féin ag labhairt do chonsias an duine aonair, ag glaoch ar fhreagra creidimh. Níl ar chumas duine ar bith é féin a chur i bhfolach ó Dhia, nó óna bhriathar, a ghuth, ag labhairt istigh ann, san áit is uaigní i gcroí an duine aonair.

An Soiscéal (Marcas 10:17-30). Díol a bhfuil agat agus lean mise. Is mó aithne ar an léacht seo mar an cuntas faoin duine óg saibhir, bíodh nach deireann téacs an Bhíobla go raibh sé óg. Cuireann sé forrán ar Íosa mar: “A Mháistir mhaith”. Ba é freagra Íosa ná nach maith aon neach ach Dia amháin, b’fhéidir le béim a chur i naofacht ríocht Dé agus naofacht leanúint Chríost. Cuireann an fear óg ceist ar Íosa faoi cad a bheadh le déanamh aige leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht, sin le rá an bheatha shíoraí le Dia tar éis bháis. Tá sé intuigthe as freagra Íosa gurbh í an tslat tomhais san ábhar ná na haitheanta a choimeád, agus tugann sé samplaí as an dara cuid de na Deich nAitheanta, iad sin a bhaineann le caidreamh pearsanta agus soisialta. Nuair a deir an fear go bhfuil siad sin uile coinnithe aige óna óige, dealraíonn sé go raibh sé ag feitheamh go n-iarrfaí rud éigin breise air. Ní foláir ná gur bhain freagra Íosa stad as. Chuir sé ceist faoi cad a bheadh le déanamh aige le go mbeadh an bheatha shíoraí aige. Ba e freagra Íosa ná a raibh aige a dhiol, agus é a thbhairt do na bochtáin, rud a thabharfadh stór dó ar neamh.

Téann an téacs ar aghaidh leis an teagasc sin a leathnú. Ní hamháin don ógánach sin, ach do gach aoinne a bfuil saibhreas acu tá sé deacair dul isteach i ríocht Dé, sa bheatha shioraí. Leagann Íosa béim ar sin leis an urtheilgean iomráiteach faoin chamall dul tri chró snáthaide, is é sin le rá dodhéanta. Ach dodhéanta do chumas daonna de amháin, ach níl ag Dia, óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.

Cuireann an mhír dheiridh síos ar an luach saothair atá i ndán dóibh sin a thréig gach rud le Críost a leanúint, mar a rinne ag na haspail, agus ina slíte féin na creidmhigh go leir. Beidh luach saothair saibhir acu anseo ar talamh le clann nua, títhe, deartháireacha, deirfiúracha, máithreacha, agus clann, leannaí, agus tailte — nach bhfuil le tógaint de réir na litre, ach sa chiall go mbeidh pobal nua Críostaí acu, leis an taca a leanann as. Ach ní bheidh sin acu gan peannaidi, an ghearleanúint is cuid de leanúint Chríost. Níl aon tagairt ann do aithreacha – bfhéidir de bhrí nach bhfuil ag an pobal Críostaí ach an tAon Athair amháin, an tAthair ar neamh. Beidh an fior-luach saothair acu ar neamh, sa saol eile, an bheatha shíorái, an sprioc sin a ba chúis le cheist an fhir shaibhir sin sa chéad áit.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae.An péarla róluachmhar. An tAon Rud Riachtanach.

 

“Á, dá n-éisteadh sibh lena ghuth inniu: Ná calcaigí bhur gcroí”. Tá guth Dé, briathar Dé, beoúil bríomhar i gcónaí. An bhriathar a théann as a bhéal, ní fhilleann air gan toradh, gan an rud a b’áil leis a dhéanamh agus a bheart a chur i gcrích. Mar a dúirt Dia leis an bhfáidh Irimia: “Nach bhfuil mo briatharsa ar nós tine, nach cosúil é le hord a bhriseann na carraigeacha ina smidiriní?” (Irimia 23:29). Bhí sé gníomhach trid an stair, agus níos géire ná claíomh dhá bhéal téann sé isteach idir anam agus spiorad agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Trína bhriathar agus a ghníomhaíocht tá Dia ag labhairt lena eaglais agus le domhan an lae inniu, ag glaoch orthu guí chun Dé an eagna dhiaga sin a rinne “Solamh” urnaí a sheoladh uaidh amach as na flaithis naofa in dtreo go bhfoghlaimeomis céard is áil le Dia, le meas a bheith againn ar an aon rud riachtanach, an péarla róluachmhar, ár gcreideamh, ríocht Dé agus a bhaineann lei. Bhí guth Dé iláthair aris ina Mhac Íosa nuair a mheabhraigh sé dúinn cad a bhí riachtanach leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht, le gabháil isteach i ríocht na bhflaitheas. Tá bríonna éagsúla ag baint leis an ráiteas “ríocht na bhflaitheas”, ag braith ar an gcomhthéacs, an bheatha shíoraí ina measc, agus i mbéal an fhir óig a chuir an cheist ar Íosa, b’ionann an bheath shíoraí agus an saol eile, flaitheas Dé. Ní hé go bhfuil an Chríostaíocht neamhshaolta, ag baint leis an saol eile amháin. Mar fhreagra faoi conas an bheatha shíoraí, neamh, a ghnóthu luaigh Íosa na haitheanta, agus bhain na haitheanta i gceist leis an saol seo, le caidreamh idirphearsanta anseo ar talamh. Ach ba theachtaireacht lárnach Íosa gur bhain an dea-scéal leis an mbeatha shíoraí, agus ní leis an saol anseo ar talamh amháin.

            Tá guth Íosa, briathar Dé, ag labhairt linn inniu i slí faoi leith. Mairimnis in aois ina bhfuil brú í leith dí-eaglaisithe, gan aon áit ag creideamh sa saol poiblí. Tá feachtas láidir ann chomh maith i leith aindiachais, i gcoinne creideamh i nDia nó sa saol eile. Tá baol ann ná beifear ag éisteacht le guth Dé ag labhairt, ag glaoch orainn agus ar an saol glacadh le Críost agus leis an Chríostaíocht faoi mar atá siad in aigne Dé – mar an phéarla róluachmhar, ag tabhairt chun cuimhne dúinn an t-aon rud riachtanach, na haitheanta a choimeád taobh istigh de chomhluadar Criostaí. Tá fís Chríostaí ann agus thug an fhís sin daingne, buanseasmhacht agus aidhm sa bheatha tríd na haoiseanna. Sin rud atá de dhíth go gear ón aois seo againne agus ónár dtír dhúchais féin. Is fís í nach mbaineann leis an aigne agus an croí amháin. Ní mór taca a bheith aici ó chreideamh beo, cothaithe ag na sacraimintí, le hÍosa ina lár. D’athraigh an Chríostaíocht cúrsa na staire. D’fhéadfadh sí déanamh amhlaidh arís. Mar a dúirt Íosa linn sa Soiscéal inniu: Tá an uile ní sodhéanta ag Dia.

Recommended Articles

Leave A Comment