6 Lúnasa 2017 (A) Féile Chlaochlú an Tiarna

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glóir Chríost agus gairm chun fianaise
  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Dainéil 7:9-10, 3-14). Bhí a éidí ar lí an tsneachta. Tá dhá mhór-roinn i Leabhar Dhainéil. I gcaibidil 1-6 tá scéalta, scéalta cúirte faoi Dhainéil agus a thriúr compánach i gcúirt ríthe na Baibealóine i rith na deoraíochta, ag taispeáint faoi mar ar chosain Dia iad in amanta an ghátair. Sa dara roinn i gcaibidil 7-12 tá físeanna a tugadh do Dhainéil faoi cad i bhí i ndán do impireachtai domhanda sa ré le teacht. Tagann siad seo go léir chun buaice le géarleanúint an Rí Ghréigigh Aintíochas Eipifeanaes (“dia déanta follasach”), lena thruailliú ar Theampall na nGiúdach agus an iarrracht a rinne sé creideamh na nGiúdach a dhíothú ar fad. Is í aidhm an tsaothair ná a gcreideamh siúd a bhí faoi ghéarleanúint a neartú agus an teachtaireacht a thabhairt dóibh go rabhthas leis an géarleanúinteoir a mhilleadh gan aon ghá le dul i mbun chomhrac airm chuige sin. Is féidir dáta cuíosach beacht a chur leis an Leabhar, idir 167 agus 164 roimh Chríost, agus is dóchaí sa bhlain 164, agus roimh bhás Aintíochas sa bhliain 163.

            Suíonn na físeanna an Leabhar sa seánra litríochta ar a dtugtar apacailipteach, ina dhéantar réamhinsint ar eachtraí diaga den ré le teacht, réamhinsintí nár fíoraíodh go minic. Ní dócha gur chuir sin as do scribhneorí na litríochta seo, de bhrí, is dócha, gur bhraith fíorú na réamhinsintí sin ar Dhia.

            Mar a luadh, is í teachtaireacht an leabhair seo ná nach n-éireodh le feachtas Aintíochas pobal Dé Iosrael a dhiothú. Tiocfaidh críoch le ríochtaí uile an domhain, ach fanfaidh ríocht Dé go deo.

            Ionann teachtaireacht léacht an lae inniu. Feiceann an físí Dainéil neach amhail le Mac an Duine ag teacht ar néalta neimhe, ó na flaithis, murab ionann agus ríthe agus ríochtaí an domhain a tháing aníos as an fharraige. Feidhmíonn an neach amhail Mac an Duine i slí don phobal Giúdach faoi ghéarleanuint agus níos mó fós — beidh an bua acu, agus réimeas leathan lena chois. Ní foláir ná gur thug an fhís seo uchtach thar an ghnáth dóibh siúd a bhí ag fulaingt géarleanúna.

            Tá léacht an lae inniu beag beann ar aon chúlra staire, agus roghnaíodh í mar chúlra don Soiscéal faoi Chlaochlú Íosa ar an sliabh. Sa bhfís ag Dainéil cuirtear Dia i láthair mar “Shinsear na Laethanta”, a raibh taithí aige ar na saolta a ghabh roimhe sin agusn a bheadh fós ann. Cuirtear an-bhéim ar a mhaorgacht agus a mhórgacht ar a chathaoir ríoga ina raibh sé le breith a thabhairt. Sin an chéad cradharc den bhfís. An dara radharc ná teacht Mhac an Duine chuig Sinsear na Laethanta ar néalta neimhe agus an tiarnas, an ghlóir agus an t-ardfhlaitheas a tugadh dó, tiarnas síoraí agus ríocht nach scriosfar.

Salm le freagra (Salm 96[97]). Tá an Tiarna ina rí, in airdréim os cionn na cruinne

An Dara Léacht (2 Peadar 1:16-19). Chualamar an guth sín a tháinig anuas ó na flaithis. Sa léacht seo tá an t-údar ag scríobh mar an t-aspal, le húdarás Pheadair, mar fhinné súl don chlaochlú. Tugann sé éirim a bhfuil sna Soiscéil Shionaptacha faoin gclaochlú: gur fháistine é faoi Ateacht Íosa, tharla sé ar sliabh naofa; finnéithe faoi sin na haspail, agus go mór mór Peada cur síos ar mhórgacht Íosa a chonaic siad, agus fógairt Dé “an Ghlóir Mhaorga”, faoi Íosa: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi”. Leagann Peadar béim air seo gur finné é don eachtra sin, agus dá bharr sin, leanann sé ar aghaidh, “Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn.” Is é an briathar fáidhiúil i gceist, is dócha, ná teachtaireacht fhaistiní an tSeatiomna, nó an Dlí (Dlí Mhaois) agus na Fáithe, ar thug Maois agus Éilias a bhí i láthair fianaise dóibh. Nó bhféidir gurb ionann an teachtaireacaht, an briathar fáidhiuil, agus agus an claochlú, an claochlú féin, a bhfuil baint, nasc. aige le Ateacht Íosa i Soiscéal Mharcas 9:1: “Deirim libh go fíreannach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht” (nó: “go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht”. Matha 16:18).

           Ceann de na fadhbanna a raibh ar údar na litreach seo aghaidh a thabhairt orthu ná an tuairim a bhí ag creidmhigh áirithe, ar a dtugann sé scigirí, nach raibh i ngealltans Ateacht luath Íosa ach seafóid (2 Peadar 3:1-10). Deir le Peadar sa litir seo go gcuireann claochlú seo Íosa treise mhór le fáistine Ateacht Íosa. Meabhraíonn sé dá léitheoirí, agus do léitheoirí i ngach aois an rud a deir sé faoin chlaochlú: “Fágann sin an briathar fáidhiúil nios iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt ait mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfadh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí”.

An Soiscéal (Matha 17:1-9). Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine. Tagann an mhír seo den Soiscéal faoi athrú cló Chríost tar éis admháil Pheadair i gceantar Chéasaráia Philip gurb é an Meisias (an Críost) é Íosa agus tar éis a dúirt Íosa lena dheisceabail faoina pháis agus a aiséirí. Sheol Íosa a thriúr aspal Peadar, Séamus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. Ní thugtar ainm an tsléibhe dúinn. Hermon, seachas Tabór, a bheadh ann, toisc sin a bheith níos cóngaraí do Chéasaráia. Tháinig athrú cló ar Íosa, réamhshamhail den ghlóir a bheadh aige tar éis aiséirí dó. Chonaic an triúr aspal sin Maois agus Éilías ag comhrá le hÍosa. Finnéithe nó ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad, agus don chaidreamh trí na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bhí gach ar sheas Maois (an Dlí) agus na fáithe dó le comhlíonadh in Íosa. Bhí an comhluadar sin, na hAspail, Maois, Éilías agus Dia i láthair ar an sliabh sin. Comhartha agus samhail de láithreacht Dé an scamall. Ionann é i slí agus na spéartha oscailte ag baisteadh Íosa. Agus arís tagann an glór, glór an Athar gurb é Íosa a Mhac dar thug sé gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dhá fhocal breise leis: “Éistigí leis”. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tríd an stair síos do ghlóir sin Íosa, an claochlú dealraitheach, lonrach, a tháinig air agus a bheidh ann i gcónaí do shúile an chreidimh.

B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glóir Chríost agus gairm chun fianaise

Teist, léiriú, ghlóir Chríost tar éis a aiséirí a bhí a gclaochlú Chríost ar an Sliabh. Bíonn an léargas sin de ghlóir Chríost againn i gcónai san eaglais. Dúirt Criost féin an té a fheiceann é go bhfeiceann sé an tAthair. Foilsíonn Íosa an tAthair. Chuaigh an fhírinne sin i bhfeidm go mór ar an aspal Pól. Mar a scríobh sé chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): “An Dia a dúirt: ‘Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,’ is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn”. Sa dara léacht inniu tá tagairt do láthaireacht lonrach Íosa Críost inár measc.

            Tá Críost beo i gcroíthe na bhfíréan trína ghrásta agus tríd an Spiorad Naomh. Tá sé ag lonradh trína theagasc sna soiscéil, sna Biáide, sa Seanmóir ar an Sliabh. Tháinig sé chun an bheatha a thabhairt dá lucht leanúna agus don saol, agus í a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochlú Chríost, agus a lucht leanúna trí ghrásta, fís dúinn, fís atá thar a bheith tábhachtach an lá atá inniu ann, agus físeanna eile nach Críostaí iad á mbrú isteach orainn.

Recommended Articles

Leave A Comment